Ón gnáth fhoinse |
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D’inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:
‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá,
níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá,
óir is asat a thiocfaidh ceann urra
a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’”
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
(Mth 2:1-11)
Tá traidisiúin fad-bhunaithe mar a léiríonn an Íocón thuas gurbh duine as gach cine a bhí i gceist leis na trí Saoithe, - a dtugann na traidisiúin Caspar, Melchior agus Baltasar orthu. Ní dócha go bhfuil bunús dá laghad leis sin; ach léiríonn sé brí an fhéile inniu - foilsiú Dé do na Ciníocha uilig.