Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-27

An dubh ina ghorm

Diabhail as Wilfingen (foinse)
Bhíos ag ól le Seán Cathal ar na mallaibh agus i measc an comhrá fealsúnach a bhí againn tháinig muid ar cheist an chnis ghoirm. Bhí fhios againn beirt go dtugtar An Fear Dubh ar an Diabhail. Bhí Seán den tuairim gurbh le sin a sheachaint a thugtar gorm ar chneas duine de bunadh na Afraice -  cineál frithchiníochas luath. Ní raibh - agus níl - mise chomh dóchasach faoinár sinsear! Is eagal liom nár shéan cine ar bith ina iomláine an "muide agus iadsan". Chomh maith leis sin, tugtar fear nó bean dubh ar dhuine le folt dhubh - Bean dubh a Ghleanna, abair.
Spreag ár comhrá mé le súil a chaitheamh ar DIL: agus is éachtach an méid bríonna is féidir baint as gorm - líocha idir dubh, dúghlas agus dearg fiú. Tá tagairt ann do Lochlannaigh - creach na nGall ngorm. Agus féach go gcuireann an Diabhail cló fhirín gorm ar fhéin scaití: D'aimsigh mé an sliocht i Bethada Náem nÉrenn:
Iarna cluinsin sin dona braithribh, do-leiccettar for a n-gluinibh iatt, & do guidhettar ar anmain an bhrathar. Ocus acc eircce ón a n-urnaighthe doibh do-conncattar an fer gorm becc do idelbdha acc tuitim a focras an bhrathar, & h-é ace comarcaibh go h-ard; & isedh at-beiredh: ‘Crétt far ionnarbais me, a chleirigh, as in oighrecht & as in aittreibh ina b-fuilim re seacht m-bliadhnaibh im comhnnidhe’? Do freccair Brénainn h-é, & issedh adubhairt: ‘Cuirim mar aithne ort i n-ainm in Ticcerna, Iosa Crist, gan aon-duine do ghortuccadh, nó do bhuaidredh go lá an bhreithemhnais’. Luidh as an diabhal iar sin.
Maidir le daoine de shliocht na hAfraice (le déanaí, dar ndóigh, tharla gur de bhunadh na hAfraice muid ar fad!) Tá sé spéisiúil gur An Mairnéalach Dubh a bhí ag Seosamh Mac Grianna ar an aistriúchán ar shaothar Conrad - agus gur Ciardhubhán (Sloinne sin freisin) a bhí aige air san téacs. Bhí ar Alex Hijmans dul i ngleic leis an dá théarma faoi seach de réir an dreama a bhí sé ag obair leo. 
Rinne mé clár faisnéise do Nuacht TG4 faoin mbruachbhaile bocht Brasaíleach céanna atá faoi chaibidil sa leabhar a luaigh mé thuas. Sa chlár faisnéise, ba "dhaoine dubha” iad muintir an bhruachbhaile; ba "dhaoine gorma” iad sa leabhar. Cén fáth? Treoirlínte eagarthóireachta éagsúla ag an stáisiún teilifíse agus ag an teach foilsitheoireachta. 
Brí eile atá le gorm ná uasal, oirirc - brí atá linn fós san ainm Gormfhlaith - cé gurbh achrannach an té is cáiliúla a raibh an ainm sin uirthi - ríon a bhí pósta ar Bhrian Bhoraimhe ar feadh seal - i measc nuachair eile acu beirt  - agus a bhí ina máthair ag Sitric Rí Dubhlinne.
Mheabhraigh sin an "fhuil ghorm" a luaitear le huaisle sa Bhéarla dom - is cosúil gurbh aithris ar sangre azul na Spáinne atá ansin. Bhfuil íoróin ann go bhfuil na daoine mílítheacha seo ag maíomh lena goirme nach bhfuil smál síol na hAfraice orthu?
Blaue Blume (Lus ghorm) ag na Gearmánaigh ar dhuine ar rómánsaí é, a bhíonn de shíor ag brionglóid ar fhánaíocht.
Ní scéal dubh agus bán, ná dubh agus gorm, ná, leoga, dubh, bán nó riabhach é!