Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label nathaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label nathaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-04-02

Nain Shláine


Sular tháinig múisc orm le Twitter, ba iad na blúiríní cainte agus físe a scaipeadh Sláine óna Nain ceann de na buaicphointí. Caint deisbhéalach, greannmhar, rógaireach. Seo anois an gaois agus greann sin i leabhar. 
Tá CD a ghabhann leis, ach ar an ndrochuair ní raibh sé san áireamh leis an chóip a fuair mé ar iasacht idirleabharlainne. 

Lán de scéilíní agus nathaíocht Nain, iad meallta uaithi ag Sláine. Ach sa bhreis ar sin tá cuntas saoil. Agus aguisín ag míniú an claochlú teanga faoi anáil an Bhéarla, a fhágann nach ionann Gaoluinn Nain agus Gaoluinn an Oileánaigh, abair. Ní lú a luach sin. 

Is mór an spórt iad leaganacha Nain de fhocla Béarla, iad casta beagáinín ó chiall. N'fheadar ach gur d'aon ghnó sin (fearacht Mary Aggie Bharrscéalta). 

Tréaslaím a saothar le Sláine a mheall, a chnuasaigh agus a scaip na seoda seo. 

Gura fada buan Nain! 

Sláine Ní Chathaláin
Oidhreacht Chorca Dhuibhne 

2024-01-29

Rosc catha, sluaghairm, sluán


Phrioc alt le Frank Mc Nally faoi bhunús Gaeilge slogan amhras David Stifter. Ní raibh aon fhianaise dar leis, do sluaghairm i nGaeilge na hÉireann go dtí le déanaí. D'ardaigh sé an Dord Léinn ar Blue-sky (agus X dá ngairmtí tráth Twitter).

Chuir mé féin mo ladar sa cheist, ach bhí daoine níos léannta ná mé le breis eolais. 

Tugann formhór na foinsí sanasaíochta an chreidiúint do Ghaeilge na hAlban tríd an Béarla Gallda.

Tá  g.¤ ṡluaigid a mobilisation, a call to arms faoi gairm ag dil. Sin an chiall atá le sluaghairm in Albain. 

Dúirt Conchúr Mag Eacháin 
Tá neart samplaí Albainise sa DSL 
Slog(g)orn(e, Slughorn(e, Slogan(e, sloghorne, slougern, sluggorn(e, slugan, slughane etc

Tá cupla sampla de gairm s(h)luaigh sa chorpas ar líne. Ní fheicim aon samplaí de gairmshlua i gcorpas eile dár gcuid go dtí 1926. Focal Albanach é slogan dar le halt in UJA 1855 tím (War Cries of Irish Septs)

Thug David suntas don athrú M - > N. (Níl fhios agam an tréith coitianta atá ann do iasachtaí ó Ghaeilge na hAlban go dtí an Béarla Gallda?) 

Fuair David an méid seo ó fhreagra ar X:

Buíochas le @maniacalinc ar ardán na n-éan

Tá an méid seo á bhreacadh anseo agam de dheasca a dheacra atá sé snáithe a tharraingt le chéile ó ghaois na Speiríní. 

Focal scoir, is cosúil gur traslitriú de Bhaldraithe atá i sluán. 



 

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. 



2022-02-14

Caiticeasma na gCliché

Brian Ó Nualláin(1)
Tá cnuasach measartha mór agam de shaothar Bhriain Uí Nualláin, agus mé tugtha dó ó bhí mé san Ollscoil ar a laghad. Is breá liom an polladh a dhéanadh sé ar nathanna smolchaite ar a dtug sé an Cathechism of Cliché. Bhí mé chomh tugtha dó gur scríobh mé litir abhaile ón Ghearmáin sna laethanta luatha chuig cara liom go hiomlán ina chaiticeasma nathanna. An áit gur chuir mé mearbhall iomlán uirthi ná nuair a d'fhí mé cúpla cothromóid innealtóireachta tríd chun cuir in iúl go raibh mé marbh leis an teas!

Nath smolchaite éigin a chuala mé ar an raidió a mheabhraigh iad dom agus chuir mé tús le comhrá ar Twitter ag rá go mba mhithid a léitheid a bheith ann as Gaeilge. Chuir Cathal MacCoille go mór leis an gcnuasach thíos, atá anseo lena chaoincead (féach thíos....). Leis siúd na cinn i gcló trom. Chuir mé corrcheann eile leis an liosta a rith liom agus an mír seo á scríobh agam.

Cad a déantar le dúshláin?
Sáraítear iad.

Cad é an céim is coitianta i mbéal pholaiteora?
Géarchéim.

Cá mbíonn an cloch is mó?
Ar phaidrín.

Cén saghas mac an saol?
Mac ait.

Cad a dhéanfaidh an aimsir?
Neosfaidh sí.

Cén uair í?
Uair na cinniúna.

Cad a dhéanann an t-am?
Imeacht. (Gan tásc ná tuairisc).

An meá, idir cé a mhéad ceann?
Dhá cheann.

Bíonn gach ábhar cén áit?
I gceist.

Cén scáth ar a mairimíd?
Ar scáth a chéile.

Cá gcuirtear sásamh, nó míshásamh?
In iúl.

Cé chomh tuirseach?
Tinn tuirseach.

Cad a tharlaíonn do cheisteanna?
Ardaítear iad.

Cad is féidir a dhéanamh le ceist? 
Í a tharraingt anuas.
Nó a chíoradh.

Cad a bhíonn in éineacht le cur?
Cúiteamh.

Cá dtiteann an lug?
Ar an lag.

Cad a dhéanann grian?
Clocha a scoilt.

Cá chaithfear ba a chur? 
Thar abhainn. 

Cén áit pianmhar i gcasúr a bhíonn daoine? 
Sa ladhar. 

Cén saghas cead brónach é?
Caoinchead.

Cén buille tubaisteach a chuireann críoch le rud?
buille maraithe na muice!

Is dócha go gcuirfidh mé leis seo de réir mar a chloisim samplaí fiúntacha!


(1) Flann O’Brien full figure, seated at his desk, oil paint, 1957, Micheál Ó Nualláin, Irish Room, Flann O’Brien papers, MS.1997.027, John J. Burns Library, Boston College - faighte ó seo

2021-04-13

Béarla Teibí

Cest, cia tugaid ara n-ebarar berla tobaide din Gaedilg? Ni ansa. Uair rotebedh as gach berla; & gach son fordorcha gach Béarla, fofhrith ined doib isin Gaedelg ara forleithi seach gach mbescna. 
Cest didiu, ina raibi Gaedelg resiu rotobaidhe?
Robae emh, ar ni fagbaiter na da berla sechtmogat ar cheana.

Ceist, cén fáth a tugtar Béarla Teibí ar an nGaeilge?
Ní hansa. Toisc gur roghnaíodh as gach béarla, agus gach fuaim deacair i ngach béarla fuaireadh ionad dó sa Ghaeilge de bharr a forleithne is atá sí i gcomparáid le gach béascna.

Ceist mar sin, an raibh an Ghaeilge ann sular roghnaíodh?
Bhí leoga óir ní faightear an dá béarla seachtód gan í.

Uraiceacht na nÉigeas (Auraicept na n-Éces)

Agus is Scoitḃeurla do ḃí ag gaċ cineaḋ ḋíoḃ. Is follus sin as an uair táinig Ioṫ mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitḃeurla do laḃair féin agus Tuaṫa Dé Danann re’ raile, agus aduḃradar gurab do ṡlioċt Ṁagog iad, leaṫ ar leiṫ.

2017-10-26

Shakespeare agus Rotha Mór an Ghrá

Nílim ceanúil ar Shakespeare. Bhí orm staidéir a dheánamh ar Julius Caesar agus The Merchant of Venice ar scoil, maille roinnt dá shoinéid. Sa mhullach ar sin, measaim gur bolscaire i seirbhís na Túdarach a bhí ann, a rinne clúmhilleadh ar an Rí dlisteanach de réir gnás na Gaeil, Mac an Bheatha, i measc daoine eile.

Mar sin féin níl gar ar bith a shéanadh gur fhág sé lorg ar an mbéarla, atá breac le nathanna a mhúnlaigh sé. Tá seanjóc ann faoi seanbhean a bheith ag clamhsán nach raibh i Hamlet ach tagairtí.

Ag eascair as plé ar an ábhar le hAmy Tober ar Twitter, chuir mé fios ón leabharlann ar aistriúchán Muiris Sionóid ar na soinéid. Leabhar i bhfad níos toirtiúla a bhí ann ná mar a shíl mé.

Seachas díreach an rud a fuair sé roimhe a aistriú, is amhlaidh go bhfuil grinn staidéir déanta aige ar na dánta, agus iad curtha in ord nua, a insíonn roinnt scéalta dar leis.

Tá a chuir chuige molta go mór i réamhrá ag Máire Mhac an tSaoi.

Chloígh sé go dlúth leis an meadaracht peintiméadar iambach. D'fhág sin go raibh ar a fhoclóir a ransú, leaganacha liteartha nó canúnacha a tharraingt chuige féin, agus scaití béim neamhghnách a chuir in iúl le líne faoi siolla. Ar ndóigh bhain Shakespeare feidhm as gutaí fada chun na críche céanna.

Tá nóta mínithe, an chéad líne Béarla agus gluais le gach dán.

Chuir sé crobhaing de na dánta is cáiliúla i gcaibidil ar leith, roimh díriú isteach ar an rannú atá ceaptha aige leis na scéalta grá agus cairdeas a léiriú.

Ón leabharlann a fuair mé an leabhar. Admhaím nár léigh mé ó thús deireadh é. Tá idir foclóir agus filíocht dúshlánach, agus dáiríre seo an cineál leabhar atá ceaptha bheith ar leabhragán, a tharraingeofá chughat anois is arís d'fhonn dán nó dhó a bhlaiseadh.

Is cinnte gur scoláireacht fiúntach atá ann, agus aclú agus fairsingiú intleachta agus teangan.

Rotha Mór an Ghrá
Muiris Sionóid 2006
ISBN 0953765199

Soinéid Shakespeare.

2016-01-24

Tomhas orm, Tomhas ort

Fuair mé an leabhar seo mar féirín ó Eoghan Mac Giolla Bhríde. 
Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth
Tá tomhas ar gach leathanach, agus na freagraí de réir uimhreacha ag deireadh an leabhair. Rogha cliste a bhí ann gan na huimhreacha a bheith in ord, mar sin ní léifidh tú freagra an chéad chinn eile de thaisme.
Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile. Anois is arís baineann na leagnacha canúnacha tuisle asainn, ach tá gluais úsáideach ag deiridh an leabhair freisin. 

Tá an dearadh snasta agus glan.

Molaim an leabhair seo d'aon duine atá tugtha do dubhfhocal. Daoibhse a bhfuil iPad nó iPhone agaibh tá aip ar fáil freisin.

Tá sé ar fáil sna deá siopaí agus ó Éabhlóid.

Tomhas orm, Tomhas ort
Tomhasanna béaloidis bailithe le chéile i leabhar amháin
Ealaíontóir – Sinéad Ní Chadhain. Eagarthóir – Eoghan Mac Giolla Bhríde
€12

2014-07-05

Imbolc 2014: Katie Ní Loinsigh: Nathanna ar ais dá pobal

Is ag filleadh ar a háit dúchais a bhí Katie Ní Loinsigh agus í ag caint ag Imbolc i mBaile Bhuirne. Mheall sí slua sa bhreis dá réir, agus tráthúil go leor ba le scoláire eile de chuid na dúichí a bhí sí ag plé - scagadh á dhéanamh aici ar na nathanna i saothair Pheadair Uí Laoghaire.
An sprioc atá aici ná bunachar de na nathanna a chuir ar fáil don bpobal, rud a léiríodh an spéis ann go háirithe acu siúd atá ag plé le hoideachas. Bhí samplaí breátha aici féin ina sleamhnáin agus í ag léiriú brí na nathanna le pictiúr chliste. Mar a tharlaíonn sé, tá sampla den cineál léiriú sin ar fáil ar líne [PDF] mar thoradh ar an páirt a ghlac í san Comórtas "Tell it straight" i DCU.
Sampla an-mhaith de húsáid na dána digiteacha atá ann; tá leabhair an Athair Pheadair breac le nathanna a bhfuil íomhá láidir ag dul leo agus ciall ar leith leo. Nathanna atá ceilte ar mórán anois go háirithe agus é deacair teacht ar na saothair. (Tá cuid acu digitithe anseo a bhuí le David Webb)
Táim cinnte go mbeidh oidí in ann tairbhe a bhaint as an gcnuasach - go háirithe má bhíonn teacht ar ar líne.
Beidh an cnuasach innéacsaithe, le cabhair ón Leadránaitheoir (a ainm) a cheap Kevin Scannell. Cabhair a bheidh ansin go háirithe agus eolas ar na sean foirmeacha ag éirí gann.
Caint spreagúil a bhí ann; agus táim ag súil, ós nathadóir mé, leis an dtoradh!

2013-01-27

An dubh ina ghorm

Diabhail as Wilfingen (foinse)
Bhíos ag ól le Seán Cathal ar na mallaibh agus i measc an comhrá fealsúnach a bhí againn tháinig muid ar cheist an chnis ghoirm. Bhí fhios againn beirt go dtugtar An Fear Dubh ar an Diabhail. Bhí Seán den tuairim gurbh le sin a sheachaint a thugtar gorm ar chneas duine de bunadh na Afraice -  cineál frithchiníochas luath. Ní raibh - agus níl - mise chomh dóchasach faoinár sinsear! Is eagal liom nár shéan cine ar bith ina iomláine an "muide agus iadsan". Chomh maith leis sin, tugtar fear nó bean dubh ar dhuine le folt dhubh - Bean dubh a Ghleanna, abair.
Spreag ár comhrá mé le súil a chaitheamh ar DIL: agus is éachtach an méid bríonna is féidir baint as gorm - líocha idir dubh, dúghlas agus dearg fiú. Tá tagairt ann do Lochlannaigh - creach na nGall ngorm. Agus féach go gcuireann an Diabhail cló fhirín gorm ar fhéin scaití: D'aimsigh mé an sliocht i Bethada Náem nÉrenn:
Iarna cluinsin sin dona braithribh, do-leiccettar for a n-gluinibh iatt, & do guidhettar ar anmain an bhrathar. Ocus acc eircce ón a n-urnaighthe doibh do-conncattar an fer gorm becc do idelbdha acc tuitim a focras an bhrathar, & h-é ace comarcaibh go h-ard; & isedh at-beiredh: ‘Crétt far ionnarbais me, a chleirigh, as in oighrecht & as in aittreibh ina b-fuilim re seacht m-bliadhnaibh im comhnnidhe’? Do freccair Brénainn h-é, & issedh adubhairt: ‘Cuirim mar aithne ort i n-ainm in Ticcerna, Iosa Crist, gan aon-duine do ghortuccadh, nó do bhuaidredh go lá an bhreithemhnais’. Luidh as an diabhal iar sin.
Maidir le daoine de shliocht na hAfraice (le déanaí, dar ndóigh, tharla gur de bhunadh na hAfraice muid ar fad!) Tá sé spéisiúil gur An Mairnéalach Dubh a bhí ag Seosamh Mac Grianna ar an aistriúchán ar shaothar Conrad - agus gur Ciardhubhán (Sloinne sin freisin) a bhí aige air san téacs. Bhí ar Alex Hijmans dul i ngleic leis an dá théarma faoi seach de réir an dreama a bhí sé ag obair leo. 
Rinne mé clár faisnéise do Nuacht TG4 faoin mbruachbhaile bocht Brasaíleach céanna atá faoi chaibidil sa leabhar a luaigh mé thuas. Sa chlár faisnéise, ba "dhaoine dubha” iad muintir an bhruachbhaile; ba "dhaoine gorma” iad sa leabhar. Cén fáth? Treoirlínte eagarthóireachta éagsúla ag an stáisiún teilifíse agus ag an teach foilsitheoireachta. 
Brí eile atá le gorm ná uasal, oirirc - brí atá linn fós san ainm Gormfhlaith - cé gurbh achrannach an té is cáiliúla a raibh an ainm sin uirthi - ríon a bhí pósta ar Bhrian Bhoraimhe ar feadh seal - i measc nuachair eile acu beirt  - agus a bhí ina máthair ag Sitric Rí Dubhlinne.
Mheabhraigh sin an "fhuil ghorm" a luaitear le huaisle sa Bhéarla dom - is cosúil gurbh aithris ar sangre azul na Spáinne atá ansin. Bhfuil íoróin ann go bhfuil na daoine mílítheacha seo ag maíomh lena goirme nach bhfuil smál síol na hAfraice orthu?
Blaue Blume (Lus ghorm) ag na Gearmánaigh ar dhuine ar rómánsaí é, a bhíonn de shíor ag brionglóid ar fhánaíocht.
Ní scéal dubh agus bán, ná dubh agus gorm, ná, leoga, dubh, bán nó riabhach é! 

2013-01-26

Oidhre de Bhaldraithe saolaithe ach ag lámhacán fós!

Seoladh an suíomh don bhFoclóir nua Béarla Gaeilge i rith na seachtaine. Níl anseo ach tús - níl an bunachar ar fad ar fáil fós. Maíonn na heagarthóirí go bhfuil thart ar 30% den iomlán ar fáil anois, roghnaithe chun go mbeadh thart ar 80% de na cuardaithe is coitianta clúdaithe. (Sílim go bhfuil dul amú orthu ansin - gur focail eile atá á chuardach ná mar a bhí súil acu leo)
Tá na hiontrálacha atá ann thar a bheith cuimsitheach agus leagtha amach go snasta. Tá an obair theicniúil thar barr. Tá abairtí samplacha tugtha. Tá fuaimrianta sna trí mór-chanúintí ar fáil freisin do na bun-fhocail.
Sampla maith is ea an iontráil anseo do "face" (Bua eile - is féidir nascadh le hiontráil nó fiú do mhír laistigh d'iontráil - mar shampla gnúis/dreach/cuma )
Dar ndóigh tá saol na Gaeilge lofa le scolardaigh agus saoithíní, agus chonac cúpla clamhsán maidir le leithéidí "bhí gnéas acu" a bheith ann   - tá an leagan "luigh siad le chéile" ann san áit céanna. Aontaím go bhfuil cuma an lomaistriúcháin ón mBéarla ar an gcéad leagan sin. Ach spreagann sin an cheist fealsúnachta: an tuairisciú nó saintreoir ról an foclóirí?  
Tá an cur chuige anseo bunaithe ar chorpais; ach ní mór chuir san áireamh go bhfuil an lán dá bhfuil scríofa sa Ghaeilge comhaimseartha scríofa ag daoine a fhoghlaim an Ghaeilge, agus go bhfuil barraíocht meamraiméise ann. Cé gur dóigh liom féin gur tuairisciú cúram an fhoclóirí, ba mhaith an rud é sílim dá leagfaí béim ar na leaganacha a bhfuil gnás na Gaeilge dúchasaí orthu; le nod ar leith, mar shampla.
Ceist eile ná ceist síor-chonspóideach na canúna: faoi madra mar shampla, cloisfear madra (M), mada (C) agus madú (U) - ach is madra amháin atá scríofa. Is trua sin dar liom.  B'fhiú freisin focail a  bhaineann le canúint amháin a aithint; sampla a luadh agus an cheist á phlé ar Fhóram Daltaí na gasúr san ciall buachaill agus páiste; ní ionann an úsáid sna Gaeltachtaí ar fad. Is dócha gur mian liom é bheith ina ghruth is ina mheadhg agam!
Beidh daoine áirithe sásta gur féidir leo gabháil suas ar a chéile, nó orthu féin, go húdarásach anois: (Bhí duine de'm lucht aitheantais den barúil gur cur amú airgead poiblí a leithéid d'fhocal a bheith ann in aon chor. Ní aontaím; agus pé scéal é is iontach an sampla é don réimse nathaíochta atá sa Ghaeilge i comparáid leis an mBéarla tanaí comhaimseartha!)
Ainneoin gur foclóir Béarla Gaeilge atá anseo, is féidir focal Gaeilge a lorg leis an cuardach chasta - rud a thugann feidhm foclóir Gaeilge-Béarla dó freisin, leis an mbuntáiste go léiríonn na samplaí ceart-úsáid an fhocail i gcomhthéacs.
Tá cuid mhaith deá nathanna aimsithe agam cheana féin i mo thrialacha ann.
Tharraing an costas caint. Bhíothas ag caint ar "costas €6m" a bheith leis. Sílim go láimhseáladh an taobh sin den scéal go holc. Cinnte, caitheadh €6m ar an togra - nó caithfear faoin am go gcríochnaíonn sé le leagan clóite. Ach is infheistíocht i mbonneagar cuid mór den chostas sin. Cnuasaíodh na corpais - táim féin ag baint tairbhe as an gcorpas Gaeilge chun nathanna agus úsáid a chinntiú le blianta anois. Tá Corpas de Bhéarla na hÉireann cnuasaithe freisin; táim cinnte go mbeidh sin ina áis do thograí eile. Go deimhin, tá leathanach ar shuíomh an fhoclóra ag spreagadh iarrachtaí dá leithéid.
Maidir leis an réimse atá ann faoi láthair - is mór an trua nár rinneadh machnamh faoin dteachtaireacht a fhaigheann úsáideoir nuair nach bhfuil an focal san Foclóir. Mar shampla
Níor aimsíodh prescriptive Ar litrigh tú i gceart é? Seo roghanna eile:
Ba cheart dar liom ag an bpointe seo an teachtaireacht sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do staid neamhchríochnaithe an togra!
Tá fáilte, is cosúil roimh aiseolas - chuig aiseolas ag focloir ponc ie.
Ar Daltaí bhí duine éigin ag clamhsán faoi sin - ag maíomh go raibh lucht an fhoclóra ag lorg ceartúcháin saor in aisce! Ní aontaím leis sin - sílim gur láidreacht bheadh ann cabhair a lorg ón bpobal; mar sin tar  éis an tsaoil a forbraíodh cuid mhór den idirlíon! Is mithid machnamh áfach ar dóibh éigin chun cabhair dá leithéid a aithint i dtreo is nach sílfeadh daoine go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu.
Tús maith! B'fhiú, dar liom, an feitheamh fhada agus tá súil agam nach fada uainn oidhre an Dálach. Níl iomrá cloiste agam ar fhoclóir chuimsitheach Gaeilge-Gaeilge - ba bhreá liom a leithéid a fheiceáil!

2012-11-28

Nathaíocht Oscair

Oscar Wilde, ó Wikipedia
Chonaic Dennis an alt seo agus thug mó dhúshlán ar twitter Gaeilge a chuir ar dhánfhocail móréileamh Oscar Wilde. Ainneoin go n-aontaím le hIarla a d'fhiafraigh "Cén populus? Aicme ardnósach díomhaoin Shasana?" bhain mé sult as an aclaíocht intinne. Ós rud é go dtéann giolc le gaoth, seo agaibh na torthaí.

  1. Táimid uilig san dríob ach tá radharc ar na réalta ag sciar againn.
  2. Is féidir liom seasamh in aghaidh aon rud seachas an cathú.
  3. Soinicí: fear a bhfuil praghas gach uile rud ar eolas aige ach dall ar luach rud ar bith.
  4. Is annamh an fhírinne glan agus ní bhíonn sí riamh simplí.
  5. Níl ach rud amháin níos measa ná go mbeifí ag caint fút: Ná beifí ag caint fút!
  6. An t-aon bhealach le fáil réidh le cathú ná géilleadh dó.  
  7. Saothar mallacht aosa óil.
  8. Taithí a thugann cách ar a gcuid botún féin.
  9. Tosach seirce fad saoil is ea féin-searc.
  10. Nuair a aontaíonn daoine liom, mothaím i gcónaí go gcaithfidh sé go bhfuilim mícheart.  
Le Dorothy Parker an focal scoir:
If, with the literate, I am 
impelled to try an epigram
I never try to take the credit
we all assume Oscar said it. 
Sa chás, agus mé le haos léann,
go spreagtar asam dánfhocail
ní ghlacaim riamh an creidiúint;
sílimid uilig gurbh Oscar a dúirt
Tá giorra giolc oiriúnach don nathaíocht mar seo.

2011-01-13

Blúirín: nathaíocht ar an Ráidio

Bíonn triúir - duine ó Thír Chonaill, duine ó Chonamara agus duine ó Chroca Dhuibhne ag Rónán go minic ar Rónán Beo: athchraoltar ar maidin go moch é agus cloisim ó am go chéile é.

Chuala ceann deas ar maidin - "le leisce na bréige" - agus an cainteoir ag cuir in iúl nach raibh sí cinnte faoi bhrí nath, agus nach raibh sí chun tada a rá ar eagal go mbeadh sé contráilte.

Tá súil agam go bhfuil foclóirí éigin ag teacht i dtír ar an saibhreas seo!

Podchraoltaí anseo (ach gan iad ar fad a bheith ann):

http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_ronanbeo.xml

2011-01-06

Blúirín: "Maith liom" -áil

Is cosúil go bhfuil aos Facebook ag athrú brí an fhocail Like, in diaidh dóibh briathair a dhéanamh as friend.

Nóta deas ó Nicholas Carr ar seo

Táim féin ciontach; rinneas stocaireacht níos luaithe ar Daltaí  ag lorg "Maith-liom-óirí" don gCiorcal Díospóireachta.

Abhae libh anois agus déanaigí caraidiú leis!

2010-12-23

Nath don Nollaig

Sciobtha ó bhailiúcháin Dennis:

A Rí na Reann,
Pé acu dubh nó fionn mo theach
Ní iafar roimh neach
Nár ia Críost a theach romham

2010-12-20

Nathanna

Tháinig mé ar an nath seo ar ball beag:

Audiatur et altera pars (Éistear leis an dtaobh eile)

Prionsabal thábhachtach dlí.

Gan amhras, tá leagan Gaelach de ann freisin:

Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Tá ceann deas acu san Ghearmáinis Íseal:

enes Mannes Rede ist nur die halbe Rede, man soll sie billig hören beede

(Níl i gcaint fhir amháin ach leath na cainte, is mithid éisteach leo beirt)

Tá sé seo chomh fíor, feictear dom, i gcás iriseoireacht agus atá i ndlí. Ach an ndéantar amhlaidh?

2010-12-07

„Das Fragen ist die Frömmigkeit des Denkens“

Baineadh feidhm as an nath thuas, a dúirt Heidegger tráth, mar theideal ar alt faoi Peter Seewald. (Peter Seewald an t-iriseoir a chuir an Pápa faoi agallamh san leabhar Solas an Domhain)

Fiafraitheacht cráifeacht an mhachnaimh.
Feictear dom go dtéann an nath seo go maith leis an cnuasach atá Fergus ag caitheamh gus leis.

2010-10-08

Foinsí fionnachtana d'fhocalbháigh

Mar thoradh ar an gcaid a chuir Dennis san imirt lena phíosa ar fáinne fí, fuair mé amach go mbíodh colún "Focal Fun" san nuachtán Inniu. Colún a mhúnlaíodh nathanna Gaeilge do Bhéarlagair na linne.

Bhíodh Leagan Cainte agus ansin Focal Faire ar Raidió na Gaeltachta ar saothrú sa ghort céanna; ach go bhfios dom níl ceachtar clár ann anois. Bíonn cainteoirí Gaeltachta ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ó am go chéile. 

Nár bhreá an rud é teacht buan a bheith ar na seoda a chruinníodh ansiúd? Agus, gan amhras na nathanna a chíorann Áine agus na focail a bhíonn ag Dennis:

Lé déanaí ar liosta Gaeilge-A mhol Marion Gunn :
Seo moladh atá i gcúl mo chinn le tamall fada: www.nathanna.ie a bhunú, ina mbeadh teacht ag aistritheoirí, go háirithe ag aistritheoirí nua, ar nathanna coitianta.
...
Ba mhór an áis don aistritheoir cleachta agus ba mhór an gar Dia donábhar aistritheora a bheith in ann teacht ar nathanna go réidh, idir ghnáthchainteanna agus chainteanna a bhaineann go sonrach le béarlagair ar leith (dlí, leigheas, srl.). Níl ann ach díospóireachtaí ar an bhfóram a léamh - féach nach conas teacht ar théarmaíocht lom is mó a dhéanann tinneas do bhaill an liosta sin, ach conas teacht ar nathanna iomchuí sa Ghaeilge.
Ana smaoineamh, dar liom. Agus, mar thús, tarraingt ar an ábhar atá ann cheana, ach gan teacht éasca air.

2010-01-25

Coisbhirt Chinín

I ndiaidh don óinmhid a bheith tamaill ar meisce agus as a chiall, chuir sé péire de bhróga cuanna bonn tiubh agus iad nua faoina cheann agus thit a chodladh go domhain; agus d'éirigh duine éigin ón gcoisir agus chuir siad péire seana bhróg bonn bhriste in áit na mbróg cuanna bonn tiubh ag Cinín. I ndiaidh do Chinín éirí as a chodladh ar mhaidin an lae amáraigh chuir sé a lámh faoin adhairt agus tharraing go tapa agus go haclaí [ go hiomathlamh agus go iomuaimneach] an dá chuarán leathan lán-bhriste sin chuige.
Do rinne sé féachaint fhada agus scrúdú domhain orthu, ansin dúirt [ go himshníomhach ] go himníoch: "M'olc agus m'urchóid liom féin, is mór an donas agus dochar dom gur fearr a caitheann mo cheann bróga ná mo chosa"

Mo lag iarracht Gaeilge na linne seo a chuir ar an gcrosántacht ar thug Dennis a bhunleagan thall.

Focail nár thuig mé, fiú le comhairle an Duinnínigh, idir [ agus ].