Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-14

Caiticeasma na gCliché

Brian Ó Nualláin(1)
Tá cnuasach measartha mór agam de shaothar Bhriain Uí Nualláin, agus mé tugtha dó ó bhí mé san Ollscoil ar a laghad. Is breá liom an polladh a dhéanadh sé ar nathanna smolchaite ar a dtug sé an Cathechism of Cliché. Bhí mé chomh tugtha dó gur scríobh mé litir abhaile ón Ghearmáin sna laethanta luatha chuig cara liom go hiomlán ina chaiticeasma nathanna. An áit gur chuir mé mearbhall iomlán uirthi ná nuair a d'fhí mé cúpla cothromóid innealtóireachta tríd chun cuir in iúl go raibh mé marbh leis an teas!

Nath smolchaite éigin a chuala mé ar an raidió a mheabhraigh iad dom agus chuir mé tús le comhrá ar Twitter ag rá go mba mhithid a léitheid a bheith ann as Gaeilge. Chuir Cathal MacCoille go mór leis an gcnuasach thíos, atá anseo lena chaoincead (féach thíos....). Leis siúd na cinn i gcló trom. Chuir mé corrcheann eile leis an liosta a rith liom agus an mír seo á scríobh agam.

Cad a déantar le dúshláin?
Sáraítear iad.

Cad é an céim is coitianta i mbéal pholaiteora?
Géarchéim.

Cá mbíonn an cloch is mó?
Ar phaidrín.

Cén saghas mac an saol?
Mac ait.

Cad a dhéanfaidh an aimsir?
Neosfaidh sí.

Cén uair í?
Uair na cinniúna.

Cad a dhéanann an t-am?
Imeacht. (Gan tásc ná tuairisc).

An meá, idir cé a mhéad ceann?
Dhá cheann.

Bíonn gach ábhar cén áit?
I gceist.

Cén scáth ar a mairimíd?
Ar scáth a chéile.

Cá gcuirtear sásamh, nó míshásamh?
In iúl.

Cé chomh tuirseach?
Tinn tuirseach.

Cad a tharlaíonn do cheisteanna?
Ardaítear iad.

Cad is féidir a dhéanamh le ceist? 
Í a tharraingt anuas.
Nó a chíoradh.

Cad a bhíonn in éineacht le cur?
Cúiteamh.

Cá dtiteann an lug?
Ar an lag.

Cad a dhéanann grian?
Clocha a scoilt.

Cá chaithfear ba a chur? 
Thar abhainn. 

Cén áit pianmhar i gcasúr a bhíonn daoine? 
Sa ladhar. 

Cén saghas cead brónach é?
Caoinchead.

Cén buille tubaisteach a chuireann críoch le rud?
buille maraithe na muice!

Is dócha go gcuirfidh mé leis seo de réir mar a chloisim samplaí fiúntacha!


(1) Flann O’Brien full figure, seated at his desk, oil paint, 1957, Micheál Ó Nualláin, Irish Room, Flann O’Brien papers, MS.1997.027, John J. Burns Library, Boston College - faighte ó seo