Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-09

Intleacht shaorga, intleacht dhaorga...

Alexa Steinbrück / Better Images of AI / Explainable AI / Licenced by CC-BY 4.0

Nuair a bhí Alan Turing ag obair ar fadhbanna ríomhaireachta sna 1950í chuir sé an cheist "An féidir le ríomhaire smaoineamh?". Ó tharla go bhfuil sé deacair sainmhiniú a thabhairt ar cad is smaoineamh ann, chuir sé ceist eile - Promhadh Turing - ar thug sé féin "Cluiche na hAithrise" air. 

Juan Alberto Sánchez Margallo - Test de Turing, CC BY 2.5, Nasc

Aidhm cluiche na haithrise ná fáil amach an mbeadh C in ann idirdhealú an duine nó inneall A agus B, ag braith ar cheisteanna scríofa agus freagraí scríofa amháin. Sé sin le rá, an cheist ná ní an féidir le hinneall "smaoineamh" ach an féidir a fhreagra a aithint thar freagra smaointeora daonna. Sa pháipéar céanna dúirt se an méid seo, agus é ag plé le hargóintí i gcoinne a thuairim:
Tugaimid féin freagraí míchearta ar cheisteanna ró mhinic chun go mbeadh údar againn bheith lúcháireach faoin laige céanna a bheith in innill. 

Anois, tá mé féin den tuairim nach bhfuil iompar ríomhaire - ag feidhmiú de réir ríomhchlár - cosúil le smaoineamh, Ach i bhfianaise meaisín fhoghlaim tá sé deacair a bheith cinnte; agus fiú le ríomhchlár, baineann an toradh siar fiú as an ríomhchláiritheoir féin uaireanta. Bhí cuir síos ag Turing ar ríomhaire a bheadh ag foghlaim - de bharr athraithe sna crua agus na bogearraí, agus go háirithe san méid sonraí atá ar fáil, tá dul chun cinn iontach déanta - mar sin féin ní dóigh liom go bhfuil tuar tagtha faoi thairngreachtaí dóchasacha Turing.

Ansin tá paradasca Moravec ann: (pléite anseo)

Tá sé measartha éasca iompar ar leibhéal duine fásta a bhaint as ríomhaire i tastáil éirime nó imirt taiplise; agus deacair nó dodhéanta scileanna linbh bliain d'aois a thabhairt dóibh i mbogadh nó braistint.

Agus Teoirim Tesler: (pléite anseo)

 Is ionann intleacht agus rud nach bhfuil déanta ag ríomhairí fós.

Baineann go leor den fhírinne i Teoirim Tesler leis an bhfíric gur gá an rud atá le déanamh ag ríomhaire a thuiscint go maith sular féidir ríomhaire a chuir á dhéanamh. Má tá algartam cinnte i gceist, níl intleacht. Go leor rudaí ar thograí "intleacht shaorga" iad i dtosach, ní fheictear éirim iontu nuair atá siad déanta. Tá an tuiscint sin ag athrú beagán faoi thionchar an meaisín fhoghlaim ar féidir é bhaint amach leis  an líon ollmhór sonraí atá dá chnuasach anois, agus an feabhas mór i gcrua earraí agus stráitéisí ríomhaireachta comhthreomhar. 

Maidir le promhadh Turing, tá rud le tabhairt faoi ndeara. Nuair a chruthaigh Joseph Weizenbaum an clár ELIZA, a dhéanann aithris ar síciteiripeoir Rogereach, baineadh siar as nuair a thosaigh daoine - a raibh fios maith acu gur clár ríomhaireachta a bhí i gceist - ag caitheamh leis amhail is do mba duine a bhí i gceist. Tá claonadh i ndaoine, ainneoin fios níos fearr a bheith acu, spreagadh agus tuiscint nach bhfuil ann a shamhlú lena gcuid uirlísí, ríomhairí go háirithe.

Tarraingíonn sin ceist na heitice anuas; agus rinne Isaac Asimov iarracht ina chuid ficsean rialacha a leagan síos - Trí Dhlí na Robaitice

  1. Ní dhéanfaidh róbat dochar do dhuine; ná ní ligfidh sé dochar tarlú do dhuine trí fhaillí.

  2. Géillfidh róbat do ordú ó dhuine seachas má thagann sé sin salach ar an gcéad dlí.

  3. Caithfidh róbat a bheith féin a chosaint seachas má thagann sé sin salach ar an gcéad nó an dara dlí.
Ar ball chuid sé an náidú dlí leis, ag leathnú an chéad dlí go dtí an cine daonna i gcoitinne. Baineann go leor dá chuid ficsean leis an dteannas a chruthaíonn na rialacha seo agus an sárú a tharlaíonn mar sin féin. Is fráma tagartha úsáideach iad chun machnamh ar córais IS a bhfuil tionchar acu ar dhaoine.

Bíonn na Teicbhodaigh tugtha do chaint ar shaoirse IS agus a gcearta. Go minic is éalú as freagracht a ghlacadh d'iarmhairtí na córáis atá i gceist. Fiú má théann na torthaí thar tuisceana an dearthóra, is an dearthóir atá freagrach. Ní féidir freagracht morálta a leagann ar inneall. 

Tá tábhacht freisin le cad atá á fhoghlaim ag an IS as na sonraí, Braitheann sé sin go mór ar roghnú na sonraí ar lámh amháin, agus an t-eolas a chuirtear ar fáil don clár chun teacht ar thátal. Tá cásanna ann gur baineadh an tátal mícheart as sonraí - bhí fadhb ag Google Photos go rabhthas ag aithint daoine de shliocht na hAfraice mar Goraillí. Níl réiteach sásúil aimsithe ag Google ar an bhfadhb - is amhlaidh gur bhain siad Goraille agus roinnt téarmaí eile as réimse na freagracha inghlactha!

Tá go leor oibre déanta ag léithéidí an scoláire Abeba Birhane ar tacair mhóra íomhánna agus na deacrachtaí a bhaineann leo - go háirithe nuair atá siad cnuasaithe ón idirlíon oscailte leis na fadhbanna is eol dúinn bheith ann le claontuairimí agus brocamas atá forleathan ansin. Ceistíonn sí go háirithe an tionchar atá ag na córais IS ar phobail atá faoi mhí-bhuntáiste cheana. Gan trácht ar úsáid míchuí bunaithe ar eolaíocht lochtach - córais a mhaíonn gur féidir tátal a bhaint as aghaidh duine chun tréith éigin a aithint. Fiú an aithint féin, bíonn sé lochtach go minic agus tromchúiseach nuair a ghabhthar an duine mícheart bunaithe air. Rud a tharlaíonn níos minice do dhaoine as pobal mionlaigh. 

Aithníonn páipéar bán an AE faoin Intleacht Shaorga (EN, níl GA ar fáil - fós) go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh muinín ag an pobal i táirgí IS. Tríd an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí tá iarrachtaí déanta dul i ngleic le ceist an toilithe maidir le úsáid agus cruinnis sonraí pearsanta. Tá na comhlachtaí móra caiptileachas faire buartha faoi seo, ar ndóigh, mar go dtí seo is acu a bhí na sonraí agus a luach!

Tá infheistíocht agus costas mhór i gceist le forbairt crua earraí, córais agus bogearraí chomh maith le sonraí. Aithníonn leithéidí Google na ceisteanna eitice - ach mar bhagairt ar a mhúnla gnó. Bhris siad an taighdeoir Timnit Gebru - a bhí fostaithe acu chun cúrsaí eitice a fheabhsú - nuair nár thaithin a cuid torthaí taighde leo agus nach raibh ar a gcumas iad a mhúchadh. Tá sí tar éis foras neamhspleách a bhunú - DAIR chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo.

Tá gné eile bainteach le taighde IS ó thús - an claonadh áibhéil a dhéanamh maidir leis an méid is féidir a bhaint amach. Mar thoradh ar seo, mealltar airgead - stáit trath dá raibh - chun tabhairt faoin dtaighde. Ach nuair a theipeann ar na geallúintí is féidir go ndéantar an maoiniú a ghearradh go tobann. Tharla a leithéid faoi dhó cheana, tugadh "Geimhreadh IS" ar an dtoradh. Níl leithéidí DARPA chomh fláithiúil agus a bhíodh do thaighde nach bhfuil sprioc cinnte gearrthrémhseach i gceist leis. Ach uaireanta bíonn foinsí príobháideacha níos fláithiúla - agus níos lú beann acu ar cheisteanna córa agus eitice. Agus ar ndóigh is ag fónamh do na hinfheisteoirí a bheidh na taighde agus na torthaí.

Caithfear an Coimpléasc Borg a chuir san áireamh freisin. An tuiscint - soiscéalach beagnach - nach féidir cuir i gcoinne na teicneolaíochta, ar rud dearfach i gcónaí é, más fíor do lucht an Bhorg!

Níl aon cheist ach go bhfuil buntáistí móra tar éis teacht as an taighde IS, agus gur mór an chabhair é i réimse áirithe. Ach tá dochar tar éis teacht as freisin - réamhchlaonta á bhuanú agus cuma na heolaíochta oibiachtúla á chuir ar leithcheal agus claontuairim.

Bímis airdeallach!