Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-11

A Ghobnait Ársa ....

Áiteanna darb ainm Chill Ghobnait ó logainm; agus turas Ghobnait, measaim!

A Ghobnait ársa, is tú ár bpátrún,
Go ndúirt guth Dé leat is tú id’ chailín óg,
Bheith ag siúl na dtriúchta go bhfeicfeá i ngrúpa
Ar mhóinteán úr-ghlas, naoi bhfianna bán.
Ar do thoisc ó Árainn gur shroisis Dún Chaoin,
D’fhan seal san áit sin is beannaigh cách,
Is thug Dia solás duit ar do shlí go Múscraí
A Ghobnait naofa, múin toil Dé dhúinn.

 A Ghobnait Ársa

Foinse - https://muscrai.wordpress.com/ - Tá Cór Chúil Aodha le clos ansin á chanadh.

San ré réamh Coivide bheinn ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Bhúirne an t-am seo den bhliain, chun freastal ar ionspioráid na bliana - Imbolc. Tá súil agam go mbeidh arís! Beagnach gach bliain de na blianta sin, thug mé cuairt ar Reilig Ghobnatan; agus faoi dhó ar a laghad bhí duine áitúil ann chun cuid de na scéalta a roinnt linn; Peadar Ó Riada uair amháin, agus fear eile (nach bhfuil a ainm ag teacht chugam) bliain eile. Bíonn Lá Gobnatan, an 11ú Feabhra, gar don lá ar a mbíonn Imbolc ar siúl, agus bhí deis agam faoi dhó a dealbh a thomhas!

Gobnait Shéamuis Murphy
Baile Bhúirne
Tobar Ghobnatan
Baile Bhúirne
De réir an tseanchais, thug fís treoir do Ghobnait taisteal deiseal tríd Cúige Mumhan ag lorg an áit go bhfeicfeadh sí naoi fhia bhán, agus socrú ansin. Más buan mo chuimhne, trí chinn a chonaic sí i nDún Chaoin, áit a bhfuil tobar agus cill dá cuid - chonaic mé sin le linn siúlóide a d'eagraigh Scoil Cheoil an Earraigh áit ar chuala mé breisin seanchais ó Sean Mac an tSíthigh! Chuaigh sí ar aghaidh ansin go háit i bPort Lairge áit a bhfaca sí sé fia - ach shocraigh sí i mBaile Bhúirne áit a bhfaca sí an naoi fia le chéile. Tá áiteanna eile luaite léi ar ndóigh, mar is léir ó na Cealla atá ainmnithe ina diaidh ar an léarscáil thuas.
Tobar Ghobnait, Dún Chaoin
le Cliodhna Cussen an dealbh
Féach an próca meala mar ofráil!
Cill Ghobnait agus a Cros
Dún Chaoin
Dealbh de Ghobnait
i sáipeál Dhún Chaoin
Ceann de na scéalta a bhí ag Seán ná gur thóg an sagart paróiste an cros go dtí an Bhuailtín - bhí sé amhrasach faoin achrann agus an ragairne le linn an phátrúin. Ach gur fhill an chloch as a stuaim féin!

Tabhairt faoi ndeara gur [Tobar] Ghobnatan an ghinideach i Múscraí agus Ghobnait i nDún Chaoin!

Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa
Go mbeannaí Muire dhuit is beannaím féin duit
 Is chugat-sa a thána a’gearán mo scéil leat
 ‘S a d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.

Is iomaí scéal faoi Ghobnait ag teacht i gcabhair ar an bpobal; é luaite le háirithe le beacha. Tá cosúlacht i cuid de na scéalta leis na scéalta faoi Bhrighid, agus ní dóigh liom gur comhtharlú é gur ar Lá le Bríde de réir féilire Iúil Caesar atá Feile Ghobnait.