Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-11

Turscar agus teanga



'The Death of Irish’

The tide gone out for good,
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore.
— Aidan Carl Mathews, 1986

Bhí mé ag smaoineamh le déanaí faoin idirdhealú seo - tríocha haon ainm ar fheamainn ag bánú ar an gcladach. Caointear an caillteanas saibhreas teanga, nó an teanga féin fiú, ach is éard atá caillte ná saol ina bhfuil an t-idirdhealú sin fóinteach agus riachtanach. Comhartha sóirt an tanú teanga ní cúis. Agus ní réiteach iad altanna nó leabhair snasta boird caife le liostaí focail agus béaloideas gáifeach, cé gur cabhair iad chun an t-eolas faoin ndúlra a athghabháil, má tá an t-eolas cruinn.

Is minic screamh scéil iontais ag ceilt na heolaíochta, ar ndóigh.

Ar aon nós, tá dóchas ionam ó cláracha teilefíse fearacht Bailte, An Cósta Thiar agus na seoda a bhíonn ag Eoin Warner, nach bhfuil baol ar bith go mbeidh focail ag triomú ar an dtrá, pé acu an cineálacha feamainne atá i gceist, nó lusanna, nó éisc. 

Tá cainteoirí óga Gaeltachta agus Gaeil eile ag cuir lena n-eolas ar an ndúlra agus ag baint slí beatha as. Go deimhin bhí bainteoir óg feamainne ar Iris Aniar ar Raidió na Gaelachta le déanaí, ag plé faoi conas mar a bhí sé féin ag baint tairbhe as an saol agus ag athfoghlaim faoin dúlra. Táim ag súil leis an gclár Faoi Bhláth atá le tosú ar an Luain beag seo ar teilefís RTÉ 1. Tá ana chnuasach déanta ag Aedín Ní Thiarnaigh ar bhéaloideas bainteach le lusanna; agus an cuma air go bhfuil neart daoine eile aimsithe ag Abú Media.

Ar ndóigh, mar fear cathrach agus ríomhchlairitheoir, is scáinte m'fhoclóir dúlra; ceal riachtanas. Ach - cé nach mbainim feidhm as an Ghaeilge le linn cúrsaí oibre go hiondúil, tá foclóir agam inti maidir le mo chuid oibre agus scata aistí scríofa anseo agam faoi.

Agus léiríonn An Dara Rogha le Celia de Fréine, nó Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, gan ach dhá shaothar a lua, go bhfuil an Ghaeilge breá in ann dul i ngleic leis an bhficsean eolaíochta.

Ní chaomhnítear teanga tríd í chuir faoi ghlas i leabhair bord caife - níl i ndán dí ansin ach meirg agus leamhan. Is trí usaid a chuirtear snas ar theangacha agus a méadaítear a luach.

Deirtear nach sabhálfaidh caint an Ghaeilge. Ní fíor. Ní sabhalfaidh ach caint an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.