Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label foclóir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label foclóir werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-05-26

Gaeltacht na Leabhar


Bhí mé ag comhrá le Diarmuid Johnson, agus nuair a bhí mé ag imeacht dúirt mé gurb gá dom mo chip is mo mheanaithí a bhailiú. Rinne sé iontas den nath a bheith agam, agus d'fhiafraigh cá bhfuair mé é. "Gaeltacht na Leabhar" a dúirt mé. Ag machnamh siar dom, is dóigh liom go bhfuair mé ó mo sheanmháthair é - ach is dócha go bhfuair sise i nGaeltacht na Leabhar é, cé gur chaith sí tréimhse i gColáiste na Rinne.

Baineann an nath áirithe seo le gréasaí fáin. Ceap adhmaid chun cruth a thabhairt don mbróg, agus meana chun poill a dhéanamh. Tá an nath féin, caighdeánaithe, i FGB.

Ach is fíor go bhfuair mé formhór an stóir nathanna agus focail atá agam ón léamh. Níl aon staidéar déanta agam ar an nGaeilge ón Ardteist. Agus cé go bhfuil saoirí caite agam i nGaeltachtaí éagsúla, is ceol nó tírdhreach a thug ann mé seachas Gaeilge - cé go bhfuil tairbhe nach beag bainte agam as leithéid Allagar na hAoine nó an ciorcal comhrá a bhíonn ag Scoil Cheoil an Earraigh.

Is dá bhrí sin go bhfuil tábhacht thar na bearta le litríocht na Gaeilge a bheith ar fáil do nuachainteoirí, idir litríocht nua agus an chuid is fearr den litríocht ón athbheochan anall. Agus tá tábhacht thar na bearta le hiarrachtaí leithéid Leabhar Breac an tsean litríocht a chuir ar fáil i Nua Ghaeilge. Agus san athinsint taitneamhach do ghasúir agus daoine fásta. Tá an obair déanta ag an tSnáthaid Mhór agus Futa Fata leis na pictiúir-leabhair. 

Tá sé tábhachtach go mbeadh na nathanna againn, ach is fearrde muid tuiscint ar a bhfoinse a bheith againn. Baineann go leor acu le saol nár bhlais muid nó le scéalta gur b'fhéidir nár chuala muid. 

Is aoibhinn liom altanna Sheosaimh Uí Chuaig i Tuairisc.ie ag cíoradh focail agus nathanna. Agus is uraiceacht gach alt de chuid Máire Ní Fhinneadha. 

Gan trácht ar an gcur is cúiteamh ar líne, ar Twitter go dtí gur ghearr Múisc na putóga as. 

Comhthráthúlacht gur sciob mé an leabhar seo ó tí m'athair. 

Gaeltacht na Leabhar agus Raidió na Gaeltachta, sin iad na foinsí! 



2022-02-11

Turscar agus teanga



'The Death of Irish’

The tide gone out for good,
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore.
— Aidan Carl Mathews, 1986

Bhí mé ag smaoineamh le déanaí faoin idirdhealú seo - tríocha haon ainm ar fheamainn ag bánú ar an gcladach. Caointear an caillteanas saibhreas teanga, nó an teanga féin fiú, ach is éard atá caillte ná saol ina bhfuil an t-idirdhealú sin fóinteach agus riachtanach. Comhartha sóirt an tanú teanga ní cúis. Agus ní réiteach iad altanna nó leabhair snasta boird caife le liostaí focail agus béaloideas gáifeach, cé gur cabhair iad chun an t-eolas faoin ndúlra a athghabháil, má tá an t-eolas cruinn.

Is minic screamh scéil iontais ag ceilt na heolaíochta, ar ndóigh.

Ar aon nós, tá dóchas ionam ó cláracha teilefíse fearacht Bailte, An Cósta Thiar agus na seoda a bhíonn ag Eoin Warner, nach bhfuil baol ar bith go mbeidh focail ag triomú ar an dtrá, pé acu an cineálacha feamainne atá i gceist, nó lusanna, nó éisc. 

Tá cainteoirí óga Gaeltachta agus Gaeil eile ag cuir lena n-eolas ar an ndúlra agus ag baint slí beatha as. Go deimhin bhí bainteoir óg feamainne ar Iris Aniar ar Raidió na Gaelachta le déanaí, ag plé faoi conas mar a bhí sé féin ag baint tairbhe as an saol agus ag athfoghlaim faoin dúlra. Táim ag súil leis an gclár Faoi Bhláth atá le tosú ar an Luain beag seo ar teilefís RTÉ 1. Tá ana chnuasach déanta ag Aedín Ní Thiarnaigh ar bhéaloideas bainteach le lusanna; agus an cuma air go bhfuil neart daoine eile aimsithe ag Abú Media.

Ar ndóigh, mar fear cathrach agus ríomhchlairitheoir, is scáinte m'fhoclóir dúlra; ceal riachtanas. Ach - cé nach mbainim feidhm as an Ghaeilge le linn cúrsaí oibre go hiondúil, tá foclóir agam inti maidir le mo chuid oibre agus scata aistí scríofa anseo agam faoi.

Agus léiríonn An Dara Rogha le Celia de Fréine, nó Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, gan ach dhá shaothar a lua, go bhfuil an Ghaeilge breá in ann dul i ngleic leis an bhficsean eolaíochta.

Ní chaomhnítear teanga tríd í chuir faoi ghlas i leabhair bord caife - níl i ndán dí ansin ach meirg agus leamhan. Is trí usaid a chuirtear snas ar theangacha agus a méadaítear a luach.

Deirtear nach sabhálfaidh caint an Ghaeilge. Ní fíor. Ní sabhalfaidh ach caint an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.

2020-07-04

Turscar agus teanga


Aidan Mathews The Death of Irish: 
"The tide gone out for good, 
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore."

Agus mé ag siúl fán snáth mara inniu agus an uile dath agus cruth feamainne faoi mo chosa, rith an líne úd liom arís. Tráthúil go leor tá alt faoi foclóir dúlra san eagrán reatha de Comhar ag Dáithí de Mórdha.

Níl focail agam ar feamainn, cé go bhfuil Fucus vesiculosus greamaithe i cúl mo chinn ó bhitheolaíocht na meánteiste.

Ach seo an rud - seachas mar rud deas len amharc air, níl baint ag feamainn le mo shaol. Ní bhíonn sé i mo smaointe ná i mo chaint. 

Ní teanga atá ag bánú ar an gcladach ach slí bheatha, nach raibh riamh ach ag dream beag. 

Tig liomsa bogearraí agus spásárthach ag déanamh a bhealach go Iúpatair a phlé as Gaeilge, agus tá sé déanta agam. 

Athraíonn an saol agus téann teanga bheo i ngleic leis. 

Caint a shábhálfaidh an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.