Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-26

Gaeltacht na Leabhair


Bhí mé ag comhrá le Diarmuid Johnson, agus nuair a bhí mé ag imeacht dúirt mé gurb gá dom mo chip is mo mheanaithí a bhailiú. Rinne sé iontas den nath a bheith agam, agus d'fhiafraigh cá bhfuair mé é. "Gaeltacht na Leabhair" a dúirt mé. Ag machnamh siar dom, is dóigh liom go bhfuair mé ó mo sheanmháthair é - ach is dócha go bhfuair sise i nGaeltacht na leabhair é, cé gur chaith sí tréimhse i gColáiste na Rinne.

Baineann an nath áirithe seo le gréasaí fáin. Ceap adhmaid chun cruth a thabhairt don mbróg, agus meana chun poill a dhéanamh. Tá an nath féin, caighdeánaithe, i FGB.

Ach is fíor go bhfuair mé formhór an stóir nathanna agus focail atá agam ón léamh. Níl aon staidéar déanta agam ar an nGaeilge ón Ardteist. Agus cé go bhfuil saoirí caite agam i nGaeltachtaí éagsúla, is ceol nó tírdhreach a thug ann mé seachas Gaeilge - cé go bhfuil tairbhe nach beag bainte agam as leithéid Allagar na hAoine nó an ciorcal comhrá a bhíonn ag Scoil Cheoil an Earraigh.

Is dá bhrí sin go bhfuil tábhacht thar na bearta le litríocht na Gaeilge a bheith ar fáil do nuachainteoirí, idir litríocht nua agus an chuid is fearr den litríocht ón athbheochan anall. Agus tá tábhacht thar na bearta le hiarrachtaí leithéid Leabhar Breac an tsean litríocht a chuir ar fáil i Nua Ghaeilge. Agus san athinsint taitneamhach do ghasúir agus daoine fásta. Tá an obair déanta ag an tSnáthaid Mhór agus Futa Fata leis na pictiúirleabhair. 

Tá sé tábhachtach go mbeadh na nathanna againn, ach is fearrde muid tuiscint ar a bhfoinse a bheith againn. Baineann go leor acu le saol nár bhlais muid nó le scéalta gur bhféidir nár chuala muid. 

Is aoibhinn liom altanna Sheosaimh Uí Chuaig i Tuairisc.ie ag cíoradh focail agus nathanna. Agus is uraiceacht gach alt de chuid Máire Ní Fhinneadha. 

Gan trácht ar an gcur is cúiteamh ar líne, ar Twitter go dtí gur ghearr Múisc na putóga as. 

Comhthráthúlacht gur sciob mé an leabhar seo ó tí m'athair. 

Gaeltacht na Leabhair agus Raidió na Gaeltachta, sin iad na foinsí!