Is deacair a shamhlú go bhfuil Reic ocht mbliana ar an bhfód (ar ndóigh cuir Covid corr san am atá deacair a láimhseáil).
Bhí mé ag neart acu, ach go dtí le fíor dhéanaí bhí mé diongbháilte gur éisteoir amháin a bhí ionam. Ach nuair a ghéill faoi dheireadh fuair an frídín greim orm agus thapaigh mé an deis aréir tabhairt faoi arís.
Bhí neart daoine istigh i Club an Chonartha, agus iontas na n-iontas, go leor acu nár aithin mé! (Mhothaigh mé iontach sean ina measc, ach sin scéal eile).
Níor thug mé ainmneacha liom faraor, ach le hais Ciara féin chuaigh beirt go mór i bhfeidhm orm. Drisceoileach Bleá Cliathach a rapáil saol na cathrach go líofa as Gaeilge agus Béarla Bleá Cliathach. Agus Fitz? a chonaic mé cheana ag Reic ach a reic an uair seo as Gaeilge, dán uafásach an pótaire cathrach. Cliste. Rím neamhghnách, ach éifeachtach.
B'é Rónán Ó Snodaigh aoi speisialta na hoíche, agus neamhghnách dó siúd, is focail daoine eile a chuir sé le ceol. Asarlaíocht ar an mbodhrán agus giotár agus comhrá spreagúil idir na píosaí.
Agus fuair muid gála eile d'Annála Tulach na dTadhg ó Stiofán Ó Briain!
Bhí tuilleadh ann, agus spleodar ann. Agus pobal a thuig!
Ard oíche.