Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-24

An Caoimhíneo


Tá coinníoll i m'áit oibre go nglacfadh fostaithe ar a laghad saoire amháin le briseadh coicís féilire. Ní rabhamar ag taisteal ach deich lá, ach ghlac mé an Déardaoin agus Aoine iar filleadh dúinn mar saoire freisin. Tá sé i gceist agam le fada Slí Chaoimhín go Gleann dá Loch a shiúl, mar sin bheartaigh mé an deis a thapú. Tá bus anois ann mar chuid de chóras Nasc Áitiúil idir an tInbhear Mór i gCill Mhantáin agus Na Solláin i gCill Dara. Trasnaíonn sé Sléibhte Chill Mhantáin, agus stopann i nGleann dá Loch agus sa Chrois, ceann de dhá thúsphointe ar Shlí Chaoimhín. 

Thóg mé bus chuig Áth na Fuinseoige ó Bhaile an Chinnéidigh chun buaileadh leis an 183, agus ar aghaidh uaidh sin go dtí An Chrois - bhí sé thart ar leathuair tar éis a naoi nuair a bhain mé an Chrois amach. Tá séipéal cuanna déanta d'eibhir sa Chrois, atá anois ar leithinis sa taiscumar. Ach sular tógadh an taiscumar, agus fiú ina dhiaidh, ceantair cairéil a bhí anseo agus saoir cloiche oilte ann. Bhuail mé isteach san eaglais, tar éis an tsaoil is oilithreacht de chineál a bhí fúm a dhéanamh. Tá fuinneoga gloine daite áille ann. Thug mé suntas go háirithe do na cinn bríomhara laistiar den altóir. Hubert McGoldrick an t-ealaíontóir, de réir an fhoinse seo. Rud eile a thug mé suntas dó - tá foireann iomlán de casail - éide Aifreann - sna dathanna ar fad a úsáideadh roimh simpliú liotúirgeach Vatacáin II ar taispeáint - dubh do sochraidí agus dath an róis a d'úsáidtí faoi dhó sa bhliain, Domhnach Gaudete, tríú Domhnach na hAidbhinte agus Domhnach Laetare, ceathrú Domhnach an Charghais - laethanta lúcháire. 

Beag beann ar ceann forcheann a thosaíonn tú ag siúl ar, ó Cillín Chaoimhín nó ón gCrois, is ar an mbóthar a thosaíonn an siúlóid. 

Racht faoi marcáil conair! 

Bhí mé ag siúl sa Fhrainc ar mo laethanta saoire. Tá líonra grande randonnée sa Fhrainc ag trasnú na tíre, iad uilig marcáilte le péint dearg agus bán, comharthaí beaga ar ballaí agus claíocha. Na comharthaí go minic ann, agus rud atá níos fearr fós, ag gabhail cosáin nó bóthair fógra soiléir ar na conair nach ceart a thógáil. Ní hionann in Éirinn. Cuallaí is mó a bhíonn in úsáid. Agus ró mhinic ní bhíonn cuaille ar bith ar chosán chun athdhearbhú go bhfuil siúlóir fós ar an mbealach ceart. Titeann cuaillí go minic, nó castar iad sa dóigh gur deacair muinín a chur iontu. 

Thosaigh mé ar Slí Chaoimhín ón gCrois. Bhí fógra nó dhó ag an tús, agus b'shin é. Tháinig mé chuig gabhal sa bhóthar. Ní fhaca mé cuaille ná fógra ar bith. Mar sin, lean mé an bóthar mór toisc go raibh fógra chuig Gleann dá Loch air. Meancóg! 

Admhaím, dá mbeadh an léarscáil léite níos airdeallaí agam, nach mbeadh an meancóg déanta agam. De réir mar a shiúl mé an bóthar bhí mearbhall ceart ag teacht orm. Ach níor thuig mé go raibh mé iomlán ar strae - ba cheart go dtuigfeadh, mar tá léarscáileanna East West mapping Iontach cruinn. 

Ar ámharaí an tsaoil casadh duine áitiúil orm a thaispeáin aicearra ar ais go dtí an slí ceart dom, fá bhruach na habhann. 

Ní raibh aon deacracht as sin ar aghaidh agam an slí ceart a leanacht. Ní raibh mé cinnte áfach cé mhéad sa bhreis a bhí siúlta agam (thart ar 2km déanaim amach anois). Bhraith mé faoi bhrú ama, mar gur theastaigh uaim bus ag a 15:05 a fháil i nGleann dá Loch, toisc nach mbeadh bus eile go dtí tar éis a sé. Bhain an brú sin cuid den mhaith as an siúl. 

Bhí cúpla píosa eile ar an mbóthar, ach formhór de ar bhóithre coille, nó trasna an phortaigh. Tá cosán cláir in áiteanna ach in áiteanna tá an bealach ana fhliuch. De réir mar a dhruideann tú le Gleann dá Loch, tar éis Loch na nOnchon, tá an conair ag dul tríd an cheantar ina mbíodh mianaigh, agus cosáin Clocha eibhir fút. 

Tá radharcanna iontach fán mbealach. Shroich mé Gleann dá Loch thart ar a dó, agus bhí moill leathuaire ar an mbus cibé... 

Siúlóid ana dheas atá ann, agus tá rún agam é shiúl arís agus pléisiúr mar is ceart a bhaint as nithe nach raibh deis agam amharc i gceart orthu an babhta seo. 

Iarfhocal - is ó Liam Ó Dónaill, ball de na Cnocadóirí, a chuala mé an leagan Caoimhíneo. Bhíodh sé de nós aige agus a bhean Nóra é a shiúl gach samhradh, níor éirigh liom riamh dul leo.