Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-19

Seoladh "Amuigh faoin spéir" agus "Púcaí Schmúcaí"

Mar a mheabhraigh mo nuachar dom, in iarracht mé a stopadh ó breis leabhair a cheannach, tá fiú mo nianna agus neachtanna anois ró mhór do leabhra páistí. Mar sin féin, ó tharla mé ag obair i nDún Laoghaire ar laethanta oifige, bheartaigh mé freastal ar sheoladh Futa Fata san Lexikon.

Is taibheoir é Tadhg, agus cuireann sé taispeántas ilmheáin ar bun ag a chuid seoltaí a chuireann gliondar ar óg agus aosta. 

Dhá leabhar a bhí le seoladh - Amuigh faoin Spéir le Sadhbh Devlin agus Brian Fitzgerald. Scéal spraíúil faoi fearchat óg a thugann a mháthair amach ag siúl dá ainneoin é, ach go mbaineann siad uilig spraoi as. Fad is a bhí Sadhbh ag léamh go bríomhar, le tacaíocht ó scáileán a thaispeáin an leabhar, bhí Brian ag tarraingt beo.

Tá an leabhar seo roghnaithe ag Comhairle Dhún Laoghaire dá gcéad Scéal Trail eile, atá le seoladh le linn Cruinniú na nÓg sa Mheitheamh. Beidh an scéal le léamh amuigh faoin spéir ar Chnoc Chill Iníon Léinín, áit a fuair Brian sciar dá inspioráid do na léaráidí. 

Ba í Máire Ní hAinifín, cathaoirleach an Chomhairle, a rinne an chuid oifigiúil den seoladh, ag fáiltiú roimh na leabhair, acmhainní luachmhara do theaghlaigh agus do mhúinteoirí araon. 

Chuir Tadhg síos ar Púcaí Schmúcaí mar greatest hits Gabriel Rosenstock maidir le filíocht do pháistí - é ina mbun arís de bharr go bhfuil garchlann anois chun é a spreagadh. Bhíodar ann, go deimhin, i measc an tslua óg.

Léigh Gabriel a rogha féin de dhánta sular chualamar sciar de na taifid a rinne Sinéad Ní Uallacháin agus leanaí Scoil Dhún Chaoin, agus an ceol a chuir John Ryan, atá ag comhoibriú le fada le Tadhg, leo. Tá an t-iomlán le clos ar Soundcloud Futa Fata anseo - agus is spleodrach taitneamhach an féasta cluaise é. Tá pictiúir áille ag dul leis na dánta tarraingthe ag Úna Woods agus Tarsila Krüse. 

Is ionad iontach an Lexicon do seoladh mar seo, agus radharcanna áille as. 

Go maire na leabhair, a n-údar, a maisitheoirí agus Futa Fata.