Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-05-10

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Orléans ar lean, Dé Luain

8ú Bealtaine, cothrom lae fuascailt Orléans trí bhíthin Jeanne d'Arc. Agus cothrom lae deireadh an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip, fuascailt thiar. Mar sin, is le hAifreann sollúnta comórtha, ceiliúrtha san Ardeaglais ag Nuntio an Phápa a chuir mise tús le mo lá. Bhí maithe agus mór uaisle sibhialta agus míleata i láthair, agus cuairteoirí ionaigh ó bailte atá nasctha le Orléans. Daoine feisithe i bhfeisteas na Meánaoiseanna. Mná a ghlac páirt Jeanne i mblianta eile le chochaill orthu leis an mana "Jeanne pour un jour, Jeanne pour toujours". Ceol ó chór agus pobal, agus dhá orgán.
Bhí an t-eaglais féin maisithe le meirgí na gcaptaen a bhí le Jeanne an lá úd - ina measc an meirge a bhronn an Rí ar theaghlach d'Arc nuair a d'uaslaigh sé iad tar éis an bhua.
Bhí mise thiar ag bun an tséipéil leis an daoscar slua gan chuireadh (ach bhí mé ann luath, mar sin fuair mé suíochán!) 

Tar éis an Aifrinn d'fhill mé ar an lóistín agus d'itheamar bricfeasta. Ansin d'fheistigh muid muid féin ar an modh meánaoiseach agus thug aghaidh arís eile ar an margadh. 
Cheannaigh muid roinnt féirín, bia agus deoch, agus bhí deis againn amharc i gceart ar na ridirí i mbun troda.

Bhí neart cathú ann... 

Chualamar roinnt ceoil, agus cuid de seo puipéid agus an taibheoir ag magadh go graosta faoi beirt fhear a phioc sé as an lucht féachana, ag déanamh cleamhnais mar dhá lena bhanphrionsa. Ceal argot bhí an greann ceilte orainn agus shleamhnaigh muid chun siúl chun amharc ar na paráid. Dlitear blagmhír dá gcuid féin do sin. Bhí sé i gceist againn triail a bhaint as bialann Viêt don dinnéar, ach ó tharla nach mbeadh siad oscailte go dtí 19:00 chuaigh muid ar ais seal go dtí an margadh, ar thóir greim gasta agus braon óil. Agus fuair Freddie bráisléad lenár sloinne in ogham greanta air, déanta ar an láthair. 


Rug an paráid ag filleadh orainn agus bhí orainn fanacht tamall ag amharc ar pharáid laghdaithe, mar go raibh ár lóistín ar an dtaobh eile den mbóthar. Bhí fear áitiúil iontach oibrithe, cónaí air ar an dtaobh eile den mbóthar. La France est merde, Ní tharlódh seo in aon tír eile,... Níor thuig mé mórán dá racht.

Faoi dheireadh bhí an paráid thart agus cead an bóthar a thrasnú. Chuir muid gnáth feisteas orainn sa lóistín agus chuaigh ag ithe. Bhí mo shúil níos mó ná mo bholg, agus níor éirigh liom an babhla mór Pho a chríochnú - anraith piobrach le feoil agus núdal. 

B'shin deireadh lae agus an lá deireanach in Orléans. Ar ais chuig an lóistín linn, fuílleach an cidre a cheannaigh mé a ól, agus codladh.