Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Meánaoiseanna werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Meánaoiseanna werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-11-05

Cúchulainn, PI

Is ingnad lem a Lugaid ar Cu Chulaind snechta for taig Derb Forgaill.
                                       Aided Derb Forgaill 

Cain agus Abel (Genesis 4:8).  Oxford, Bodleian Library, MS Douce 211, fol. 8r, ca. 1300–1325, France. (Fearann phoiblí www.digital.bodleian.ox.ac.uk)

Tá sraith léacht ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar Samhain and science ina ndéanann taighdeoirí dá gcuid míniú don bpobal ginearálta ar a bhfuil á staidéar acu. 

Baineann réimse spéise an scoláire Dr Viktoriia Krivoshchekova le meon agus aigne sna meánaoiseanna. Ina léacht aréir faoin téama dúnmharú sna meánaoiseanna rinne sí athshamhlú ar choireanna ón litríocht agus téacsanna dlí amhail is mar cérinneachán a scríobhadh iad seachas go lom líneach mar atá.

Coincheap freacnairceach is ea an cérinneachán nach dtéann níos faide síor ná Edgar Allen Poe agus Dúnmharaithe Rue Morgue. Agus a bhfuil forbairt air ó shin.

Ach thug sé deis di an litríocht agus na téacsanna dlí a chíoradh, idir Féineachas agus dlí choiteann Sasanach a bhí i réim i Tiarnas na hÉireann. Tá roinnt fianaise sna hannála freisin ar dhúnmharú. 

Sampla ina measc, Rí Chonnachta á mharú de bhuille tua ag siúinéir. An éad nó feall ba chúis leis? Tá an dá fhéidearthacht luaite in Annála Loch Cé don mbliain 1228. 

Aed mac Cathail Crobdeirg h. Conchobair Ri Connacht re re cethri mbliadna, amail asbert an fili .i. Donnchad Bacach mac Tanaide h. Mailconari :
    
        Do bai Rath Cruachan na cath,
        istad ingine Echach,
        iiii. bliadna, bert can celg,
       ag Aed mac Cathail Crobdeirg

do marbad d'oenbuilli do thuaig sairsi i cuirt Sefraid Mares & se oca folcad oc mnai in tsair, acus an fer do buail he do crochad ac Sefraid arabarach. Tre faslach immorro mac Uga de Laci & Uilliam .i. Meic in Giustis doronad in fell-sin ar in flaith firen forglidi-sin. Et adubrad conab tre ed do buail in saer e. Uair ni raibi ind Erinn cre duine bad aille ina bad beodha inas.

Léacht iontach taitneamhach. Agus máistircheacht in úsáid sleamhnáin. Beagán focail agus íomhánna cliste roghnaithe ó saothair comhaimseartha chun an pointe a léiriú. Teidil ar mhíreanna a mheabhródh cérinneachán ach eolas cruinn ón litríocht. 

Tá blaiseadh eile ar fáil dá saothar san alt seo. 


2023-05-10

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - dhá pharáid


Féile dúbailte ab ea an Luain in Orléans, comóradh fuascailte Orléans ag Jeanne d'Arc i 1429, agus comóradh deireadh an dara chogadh domhanda san Eoraip i 1945. 
Thug an méara aitheasc bladhmannach, neart cainte ar Liberté agus la France, é ag cuir fáilte roimh aoi agus Uachtarán oinigh an fhéile, bean ón Iaráin a bhí in adharca leis na húdaráis ansin agus a chaith seal i ngéibheann. 

Bhí dhá pharáid ann, agus bhí deis againn amharc orthu ó Sráid Jeanne d'Arc, ar aghaidh na hardeaglaise, áit ar chríochnaigh an paráid míleata agus a thosaigh an paráid eile, a chuaigh uaidh sin go láthair an chatha ag Tournelles, agus a d'fhill laghdaithe. 

Paráid míleata ab ea an chéad paráid, cé go raibh na fórsaí sibhialta fearacht na póilíní éagsúla idir gendarmerie agus municipale páirteach, agus lucht múchta dóiteáin. Bhí complacht beag Meiriceánaigh freisin ina measc. Bhí an cuma ar go roghnaíodh neart mná do na grúpaí éagsúla, agus éide éagsúil spleodrach taispeántas ar go leor acu. Bhí trealamh trom míleata ann freisin, agus d'eitil eitleán cogadh agus ingearán os ár gcionn freisin. 
Bhí an dara pharáid níos ilchineálaí. Neart buíon cheoil. Daoine feistithe de réir nós na Meánaoiseanna. Jeanne í féin agus a giollaí, agus an dá ridire a bhí léi ó thús. Neart grúpaí pobail, spóirt agus cumainn traidisiún ceantair na Fraince, Antilles san áireamh. Dromaí móra! Píb agus bombard na Briotáine. An tEaspag agus a chléir. Polaiteoirí áitiúla agus náisiúnta. Póilíní agus fir dóiteáin. Mhair sé i bhfad! Spleodrach, bríomhar aerach. 


Nuair a bhí sé imithe tharainn d'fhill muid ar an aonach ar feadh tamaill. Cheannaigh roinnt féirín. Bhí an paráid ag filleadh agus muid ag teacht ar ais, agus bhí orainn fanacht ar dul thart sula raibh muid in ann an bóthar a thrasnú chun filleadh ar an lóistín? 

Ba mhór an spóirt an t-iomlán. 

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Orléans ar lean, Dé Luain

8ú Bealtaine, cothrom lae fuascailt Orléans trí bhíthin Jeanne d'Arc. Agus cothrom lae deireadh an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip, fuascailt thiar. Mar sin, is le hAifreann sollúnta comórtha, ceiliúrtha san Ardeaglais ag Nuntio an Phápa a chuir mise tús le mo lá. Bhí maithe agus mór uaisle sibhialta agus míleata i láthair, agus cuairteoirí ionaigh ó bailte atá nasctha le Orléans. Daoine feisithe i bhfeisteas na Meánaoiseanna. Mná a ghlac páirt Jeanne i mblianta eile le chochaill orthu leis an mana "Jeanne pour un jour, Jeanne pour toujours". Ceol ó chór agus pobal, agus dhá orgán.
Bhí an t-eaglais féin maisithe le meirgí na gcaptaen a bhí le Jeanne an lá úd - ina measc an meirge a bhronn an Rí ar theaghlach d'Arc nuair a d'uaslaigh sé iad tar éis an bhua.
Bhí mise thiar ag bun an tséipéil leis an daoscar slua gan chuireadh (ach bhí mé ann luath, mar sin fuair mé suíochán!) 

Tar éis an Aifrinn d'fhill mé ar an lóistín agus d'itheamar bricfeasta. Ansin d'fheistigh muid muid féin ar an modh meánaoiseach agus thug aghaidh arís eile ar an margadh. 
Cheannaigh muid roinnt féirín, bia agus deoch, agus bhí deis againn amharc i gceart ar na ridirí i mbun troda.

Bhí neart cathú ann... 

Chualamar roinnt ceoil, agus cuid de seo puipéid agus an taibheoir ag magadh go graosta faoi beirt fhear a phioc sé as an lucht féachana, ag déanamh cleamhnais mar dhá lena bhanphrionsa. Ceal argot bhí an greann ceilte orainn agus shleamhnaigh muid chun siúl chun amharc ar na paráid. Dlitear blagmhír dá gcuid féin do sin. Bhí sé i gceist againn triail a bhaint as bialann Viêt don dinnéar, ach ó tharla nach mbeadh siad oscailte go dtí 19:00 chuaigh muid ar ais seal go dtí an margadh, ar thóir greim gasta agus braon óil. Agus fuair Freddie bráisléad lenár sloinne in ogham greanta air, déanta ar an láthair. 


Rug an paráid ag filleadh orainn agus bhí orainn fanacht tamall ag amharc ar pharáid laghdaithe, mar go raibh ár lóistín ar an dtaobh eile den mbóthar. Bhí fear áitiúil iontach oibrithe, cónaí air ar an dtaobh eile den mbóthar. La France est merde, Ní tharlódh seo in aon tír eile,... Níor thuig mé mórán dá racht.

Faoi dheireadh bhí an paráid thart agus cead an bóthar a thrasnú. Chuir muid gnáth feisteas orainn sa lóistín agus chuaigh ag ithe. Bhí mo shúil níos mó ná mo bholg, agus níor éirigh liom an babhla mór Pho a chríochnú - anraith piobrach le feoil agus núdal. 

B'shin deireadh lae agus an lá deireanach in Orléans. Ar ais chuig an lóistín linn, fuílleach an cidre a cheannaigh mé a ól, agus codladh.