Fuair mé Eoghan Béal do mo bhreithlá. Athinsint ag Darach Ó Scolaí ar dornán scéalta ó na meánaoiseanna. Cé gur Eoghan Béal an teideal, níl ina scéal siúd ach réamhrá. Dáiríre is an streachailt fuilteach don comharbas ábhar an scéil. Bráthairchath.
Ciarán Chluain Mhic Nóis tarraingthe isteach sa scéal, ag iarraidh doirteadh fola a chosc. Faltanas agus feall. Mallachtaí éifeachta. Agus carachtar - Neimheadh - ag imirt ról Bhriciu, ag cothú achrainn agus ainghníomh. Eisean is cúis go minic le briseadh focal agus doirteadh fola.
Tá saibhreas i dteanga an insint, ach tá sé soléite. Mar a bhíodh sna sean LSS tá filíocht anseo is ansiúd síos tríd.
Agus tá ealaín Alé Mercado iontach, agus neart de ann. Dorcha nuair is gá. Léiriú ar eachtraí an scéil a chuireann leis an insint.
Earra uasal atá sa leabhar, mar is dual do Leabhar Breac.
Darach Ó Scolaí, Alé Mercado
ISBN 978-1-913814-84-7