2020-07-29

Tigh Nana

Bhí mo sheanathair Diarmuid Ó hAlmhain ina phríomhoide ar scoil i nDeilginis agus ba leis an scoil an tigh inár tógadh m'athair agus a bheirt deirféar.

Níl aon chuimhne agamsa ar an tigh sin. Ina dhiaidh sin bhí cónaí ar mo shean-tuismitheoirí ar an tSeanchill. Cuid de sheanteach mór a bhí ann. Crieve a thug siad air (nó a bhí air an gcuid sin). Bhí sé ar chíos le déanaí, 3700€ sa mhí á lorg air, faoi ainm eile. Rud éigin Mews. 

Sin a spreag an sruth cuimhní seo. 

Dhíol m'athair an teach sna nóchaidí toisc nach raibh na hacmhainní aige le dul i ngleic leis an gcothabháil a bhí de dhíth, taise sna ballaí agus a leithéid. 

Sciar an lucht freastail a bhí ann den teach.

Trí seomra agus seomra folctha a bhí thuas staighre. Dromchla fada gan fuinneoga seachas forléas a bhí ann - chun ná beadh radharc ag lucht freastail ag Gairdín muintir an tí (agus a mhalairt is dócha). 

Ríocht mo Dhaideo ab ea an chéad seomra, seomra oibre agus codlata. Bhí fuinneog amach ar an ngarraí cúil aige, ach bhí an seomra sách dorcha. Ní raibh mé ach 11 nuair a scuab taom croí ar shlí na fírinne é, agus bhí sé tinn roimhe sin le fada. Mo chuimhne air ná fear tostach beagán crosta. Chaith sé píopa tobac. Bhíodh sé ina sheomra go hiondúil agus muide ar ár gcuairteanna rialta - de réir mo chuimhne agus tharlódh go bhfuil sé sin ar strae. Leaba, bord oibre, leabhragáin. 

Bhí sciathán amach ón teach thíos staighre ina raibh cisteanach beag, seomra íseal a raibh fráma triomaithe éadaigh ag crochadh ón díon agus seomra bídeach codlata. Lámh le sin bhí both oibre Dhaideo, áit toirmiscthe lena bheo. 

Taobh leis sin arís bhí an sean teach cóiste, lán de cnuasach an tsaoil agus lochta a bhféadfaí teacht air ar dhréimire fhada mí shocair.

Bhí ana scil siúinéireachta ag Daideo. Tá cuimhne agam ar an carr le crann tógála a thóg sé dom go bhféadfainn suí air agus mé á trí nó mar sín. Mhair sé i bhfad, déanta go láidir. Thóg sé teach spraoi agus mé á trí nó a ceathair a mhair blianta fada i dteaghlach mór - achar ceithre méadar cearnach faoi measaim. Agus crínlín don obair scoile. Roinnt báid freisin chun cuir ar snámh ar loch. Mura bhfuil dul amú iomlán orm bhí cead agam cabhrú lena ndéantús nó ar a laghad dath a chur orthu.

Tar éis a bhás, chaith mé tréimhse ag maireachtáil sa teach le Nana agus bhí mé in ann iontais an both uirlisí a thaiscéaladh. Ord agus eagar. Gach cineál uirlis i seilfeanna dá dhéantús féin. Pluais iontais. Ach gan rúinnín dá dheasláimhe agamsa. Ní dhearna mé mórán maitheasa. 

Ba le Nana an seomra láir thuas staighre. Agus an chuid eile den tigh, dáiríre!

Bhí an tríú seomra leapan ann, seomra beag le go leor leabhragáin. B'shin mo sheomra nuair a chaith mé tréimhse léi agus mé i mo ghlas-stócach, tar éis bháis Daideo agus tar éis di féin stróc a bheith aici. Tá amhras orm gur thug mé mórán cabhair di, ach ba chomhluadar mé.

Tá cuimhní ó cuairteanna éagsúla ina meascán mearaí i mo cheann. Bhí mé 11 nuair a chuaigh Daideo ar shlí na fírinne, agus ag smaoineamh siar measaim gur chaith mé tréimhsí éagsúla ann sa samhraidh agus mé i mo dhéagóir.

Thug an teaghlach ar fad cuairteanna minice Domhnaigh. Ba iad éclairs Nana - cistí éadroma lán uachtair agus clúdaithe le seacláid an sólaiste a shantaigh muid. É sin agus spúinse úill. Sin ceann a dhéanaim féin scaití. Ach níor thug mé faoi éadroime na heclairs riamh. 

Seomra iontach ard ab ea a cistin, ceithre méadar de réir mo chuimhne leanbaí (nach bhfuil inmhuinín). Bhí forléas ard sa bhalla ar taobh na huaisle den Teach Mór - bhí córas téad agus ulóg lena oscailt agus dúnadh.

Bhí fuinneoga móra ag féachaint i dtreo an ghairdín tosaigh a bhain leis an gcuid sin den tigh. Ós a chomhair sin bhí doirteal, agus i gcúinne sorn aibhléise a bhí ana shean. De réir mo chuimhne, seachas an gríscín, agus an oigheann níor úsáid Nana é chun cócaireachta. Bhí sorn gáis aici sa phantrach a bhí béal dorais. Ar sin is mó a réitigh sí béilí.

Ach bhíodh sócamas ar leith don tae againn go hiondúil. Arán donn sóid. Cáis cheddar air. Faoin ngriscín aibhléise go dtí go raibh an cáis ag leá agus bolgáin ann. Blasta!

Ite cois tine san tinteán. Féasta. 

Bhí dhá seomra suite ann. Ceann lámh leis an gcistin, fuinneoga móra amach ar an ngairdín mór tosaigh. Seomra geal, suíocháin compordacha, pianó. Bhí an seomra suite eile dorcha - ní raibh de sholas nádúrtha ann ach an fhuinneog sa doras amach sa chulghairdin agus dhá fuinneoga beaga ar gach taobh de sin. Bhí breis leabhragáin ann áfach.

Bhí an ghairdín tosaigh ina léana agus plásóg bláth ar thaobh an tí. Fál íseal bosca timpeall air, agus fál labhrais idir é agus an chuid den ghairdín in aice na sráide. Cúpla crann cnó capaill ansiúd leis, atá leagtha le fada.
Bhíodh an dúrud lus an chromchinn ann san earrach, ar gach taobh na léana. 

Ba ghairdín glasraí an ghairdín cúil agus Daideo beo agus in ann obair ann. Tá meathchuimhne agam ar phrátaí agus meacain ann. Ach ina dhiaidh sin is faoi féar is mó a bhí sé. Ach bhí sú craoibh cois falla, sú talúin agus spíonáin, agus bhiabhóg. Measaim go raibh cúpla crann úll freisin. 

Bhí crainn arda ar a imeall. Bhí carn muiríne lámh leis an gclaí leis na comharsan, i bhfolach laistiar de sceacha. Ar a dtaobh siadsan bhí cearca agus ar a laghad bliain amháin, peata uain.

Tá cuimhní iontacha agam ar an dteach, ach ní dóigh liom gur mhaith liom é bheith faoi mo chúram. Leis na síleáil arda agus fuinneoga móra is cinnte go raibh sé tais agus fuar sa gheimhreadh - ainneoin tine sa tinteán!

2020-07-26

Tír na Deo


Roinnt blianta ó shin, d'fhoilsigh An Gúm eagrán nua de Tír na Deo, leagan Mhairéad Ní Ghráda ar Peter Pan le JM Barrie. 

Le linn na dianghlasála bhí m'athair ag léamh leabhair lena ghar pháistí ar Zoom. Mhol mé dó Tír na Deo nua a fháil. 

Bhí eagrán 1938 sa teach agus againne nuair a bhíomar óg. Bhí sé ag m'athair agus a deirfiúracha romhainn. Cuimhní ceanúla agam ar an leabhar gleoite, ina raibh léaráidí daite agus dubh agus bán - léaráidí a bhí sna bunleagan ar a bhfuil athinsint Ní Ghráda bunaithe. 

Tá cnámha scéal Pheadairín Pan, Bláithín agus Clingín Cloig ag mórán gach duine anois ó rinneadh Disníú air i bhfad ó shin. 

D'inis m'athair dom go raibh réamhrá spéisiúil leis an leagan nua. Agus mé ina theach aréir thapaigh mé an deis an réamhrá a léamh, agus ansin eagrán 1938 a léamh. Chaith mé súil ar roinnt leathanaigh den leagan nua freisin chun braistint a fháil don méid a athraíodh. 

Mar dhráma a thosaigh scéal Pheadairín Pan agus Bláithín amach. Rinne bean darb ainm May Byron leagan ciorruithe den scéal, agus chuir JM Barrie leagan dá chuid féin i bhfoirm úrscéil. Cuireadh léaráidí le Mabel Lucie Attwell leo sna fichidí. 

Insíonn an réamhrá scéal an aistriúcháin go spéisiúil, go háirithe an lámh a bhí ag Aire Oideachais (agus dá bhrí sin saoiste An Ghúm), Tomás Ó Deirg, leis an dtogra a bhrú chun cinn cé go raibh togra níos luaithe curtha ar ceal ag an nGúm. 

De bhrí gur cinneadh léaráidí daite a chur leis, bhí an leabhar an daor. (Agus is ar leathanaigh ar leith a bhí na léaráidí céanna agus roinnt acu imithe ar strae inár gcóip) 
Is dócha gurb an costas ba chúis le gan athchló bheith curtha ar an leabhar. 

Pléann an réamhrá freisin leis na claonta Victeoiriacha sa leabhar - ciníochas lom agus ionad na mban mar máithreacha. Nó mar flappers formadacha fearacht Clingín Cloig!

Ní dócha gur thug mise óg faoi ndeara na claonta sin, ach á athléamh anois bhí siad iontach follasach agus sách gránna. Más fíor don réamhrá, mhaolaigh Ní Ghráda iad roinnt!

Mar sin féin, agus ainneoin an dúnmharú agus ár ann, (rud atá ceilte i leagan Disney) is scéilín taitneamhach é. Tá caint Uí Ghráda soléite deas agus nathanna breátha ann. 

Ón spléachadh a thug mé ar an leagan nua tá na gnéithe sin tagtha slán tríd an gcaighdeánú. 

Thuas tá tús an leabhair san dá eagrán mar shampla ar an atheagar. 

Tá na léaráidí ón mbuneagrán caomhnaithe san eagrán nua (ach gan bheith chomh costasach plé leo anois). Cuireann sin go mór leis. Tá sé luaite áfach go bhfuil cuid acu gan tagairt i dtéacs Uí Ghráda!

Rinne glúin éigin de muintir Almhain cuir le maisiúchán eagrán 1938... 

2020-07-23

Flóra Chorca Dhuibhne

Duáinín an tSeanchais (Duán Ceannchosach /Prunella vulgaris)

Iúr Sléibhe (Teucrium scorodonia) 
.        Crobh éin (Lotus corniculatus) 
Seamair mhogallach (Trifolium fragiferum) 
Na Circíní (Dactylorhiza maculata) 

Airgead Luachra (Filipendula ulmaria) 
Créachtach (Lythrum salicaria) 
Biolar (Rorippa nasturtium-aquaticum) 
Ros Lachan (Lemna minor) 
Grafán bán na gcloch (Sedum Album) 

Ceannbhán (Eriophorum angustifolium)
tím chreige (Thymus drucei)

Gallfheabhrán (Angelica sylvestris) le moltán rua (Rhagonycha fulva)

Táim buíoch do Fearghal Duffy (@FearghalRua), Peter Carvill, agus Páid Ó Donnchú (@donnchup) a d'ainmnigh roinnt acu seo dom. 

2020-07-21

Rí na bhFocal


Cluiche boird le stór focal Ghaeilge a chleachtadh is ea Rí na bhFocal, deartha ag foireann ó Pobalscoil Chorca Dhuibhne do chomórtas fiontraíochta Eorpach.

Leagan de rás na ngéanna atá ann, ach go socraíonn caitheamh an dísle cén aicme focal is gá a ainmniú le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad litir eile. Tá cártaí le ceisteanna ann freisin - nó le "caill seans" Tá litreacha thar a chéile dúshlánach. Tá H chomh mallaithe céanna is atá i Scrabble.
Gabhann imreoir ar aghaidh chomh fada agus is féidir leo ceist nó go dtí comhartha ceiste - rud a thugann deis do gach imreoir. 

D'imir ceathrar againn inné. Ó aois 8 ar aghaidh atá an cluiche dírithe - bhí triúr againn fásta agus is déagóir óg duine againn. Rinneamar neart gáirí agus b'é 4 as 5 Marc a bhronnamar air.

Tá an dearadh ana dheas, peannaireacht álainn. Níl mé iomlán tógtha leis an mbosca a dhúnann i lár na taobhanna, shamhlóinn go mbrisfidh sé go héasca. 

Figiúirí adhmaid agus dísle deas soiléir plaisteach. Ana obair déanta agus guím gach rath ar Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders  sa chomórtas. 

2020-07-11

Ó, Ae, Cíocha? Ó Cualann

Ó Cualann ⁊ Beannach Bheag
ón gcladach idir Chill Chomhghaill ⁊ Na Clocha Liatha
Tá an Sliabh suntasach (ainneoin nach bhfuil sé chomh hard sin) ar a dtugtar as Béarla an Sugarloaf gar don áit a chónaím, agus ar an mbealach go Bré. Agus sin an radharc a bhfuil taithí agam air.

Tá roinnt ainmneacha luaite leis as Gaeilge: Ó Cualann atá air ag Logainm. Roinnt blianta ó shin ar Twitter d'fhiafraigh Eoin Ó Riain cén fáth nach raibh Cualann séimhithe. Fuarthas freagra ón mBrainse Logainmneacha:
Gidh go bhfuil leaganacha de Ó Cualann agus Sliabh Cualann fianaithe sa Ghaeilge roghnaíodh Ó Cualann mar ainm oifigiúil den Great Sugar Loaf, *agus tá sé le fáil ar léarscáil na hÉireann ar scála 1:575,000 (cóipcheart, Rialtas na hÉireann, 1970) agus i nGasaitéar na hÉireann (1987). Níl séimhiú fianaithe sna leaganacha luath de Ó Cualann, agus glacadh leis an leagan seo gan séimhiú .i. tuigeadh gur dóichí go raibh an easpa séimhithe reoite ann. Ní léir brí na céad míre, ach tá sí caighdeánaithe mar Ó. Is fiú súil a chaitheamh ar leaganacha den dá logainm san Onomasticon Goedelicum mar atá ullmhaithe ag Instidiúd Ard Léinn Bhaile Átha Cliath—tá beagaín ón dinnsheanchas luaite ann:
Seo an méid atá luaite ansin:
22347
óe cualand *ae cualann* LL 195, Gwynn, Poems fr. Dind. 56; v. Ae Chualand; as. Óe Cualann, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; in cloch forsa fuirmeadh ceand Cualann isi in Oe Cualann, on Sliab Cualann, UM 151a; betw. Senchoraid and Cuilenn (Glencullen ?), Gwynn, Poems fr. Dind. 62; seems same as Druim Ing, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; + the Three Rock mt in S c. Dublin; v. Druim Ing
Seasann UM do  leabhar Uí Máine.
Tá tagairt do dhán ón Dinnseanchas ansin: an dán Bend Etair II
Bend Etair, étan fri tuind,
Dún mBrea maic Senboth Saeruill,
Óe Cualand fri fogla frais,
Druim Ing maic dobga Dorb-glais,
....
Crimthand Sciath-bél, scíam fri cath,
las' torchair Cúalu cétach,
tuc a chend slúag-barr samlaid
i n-Óe Cúalann crech-adbail.

Ind ail úag fors' ruirmed sain
cend rúad ruibnech ind ríg-fhir,
is di as ainm ós chói chabsaid
ind Ói airdirc imarsaid.
Tá tagairtí don scéal seo i bfoinsí eile - fearacht an leabhar Mágh Ealta Éadair . Tá cóip de agam áit éigin, ach ní heol dom cé hiad Crimthain ná Cuala!

Tá tagairt eile san OG:
24734
sliab cualann Sugarloaf mt nr Bray, c. Wicklow, AFM-ndx, CS-ndx; Glencullen mt
betw. c. Dublin and c. Wicklow, AU-ndx; but v. Cualu; *Trí slébe hÉrenn: Sliab
Cua, Sliab Mis, Sliab Cualann, Triads (ed. Meyer), §37*

Tá Ae Cualann luaite sna tréanna
38Trí haird Hérenn: Crúachán Aigli, Ae Chúalann , Benn mBoirchi.Trí arda Éireann: Crúachán Aigli4, Ó Cualann, Sliabh Dónairt

4 Cruach Phádraig
Ní mór a rá go bhfuil Log na Coille luaite le Ae Chúalann i foinsí áirithe. Is Log na Coille an sliabh is airde i gCill Mhantáin - ach níl sé chomh feiceálach le hÓ Cualann.

San ábhar scanáilte ag Logainm tá litir chun na nuachtáin ag Liam S Gógan ag maíomh gur cíocha an Bandé Cuala atá i gceist. An raon uile, Beann Éadair san áireamh luaite aige le colainn Chuala. Is deacair sin a thuiscint agus tú gar dóibh, ach ag amharc ón gcósta, mar atá sa ghrianghraif thuas, is féidir an samhail sin a fheiscint.

Giolaspar atá ag Logainm ar an sliabh níos ísle ar a thugaim Beannach Bheag. Is dóigh liom féin gur don talamh faoi a thagraíonn Giolaspar. Tá scéal go raibh "gilt spur" mar chíos ar an bhfearann sin.
The name Giltspur, which originally refers to a townland on the northern slopes, is explained by a transaction in the late 12th century, whereby Dermod MacGiollamocholmog granted one carucate of land in Kilruddery to Richard de Felda for a pair of gilt spurs, to be presented to him and his heirs each year at Michelmas 
~ Place-Names of County Wicklow - Liam Price (Foinse)

2020-07-04

Turscar agus teanga


Aidan Mathews The Death of Irish: 
"The tide gone out for good, 
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore."

Agus mé ag siúl fán snáth mara inniu agus an uile dath agus cruth feamainne faoi mo chosa, rith an líne úd liom arís. Tráthúil go leor tá alt faoi foclóir dúlra san eagrán reatha de Comhar ag Dáithí de Mórdha.

Níl focail agam ar feamainn, cé go bhfuil Fucus vesiculosus greamaithe i cúl mo chinn ó bhitheolaíocht na meánteiste.

Ach seo an rud - seachas mar rud deas len amharc air, níl baint ag feamainn le mo shaol. Ní bhíonn sé i mo smaointe ná i mo chaint. 

Ní teanga atá ag bánú ar an gcladach ach slí bheatha, nach raibh riamh ach ag dream beag. 

Tig liomsa bogearraí agus spásárthach ag déanamh a bhealach go Iúpatair a phlé as Gaeilge, agus tá sé déanta agam. 

Athraíonn an saol agus téann teanga bheo i ngleic leis. 

Caint a shábhálfaidh an Ghaeilge. Caint i nGaeilge. 

Leath Grian Bhuí


Nuair a luaigh mé ar Twitter go raibh Americanah á léamh agam, d'fhiafraigh Tadhg Mac Dhonnagáin an raibh "Half of a yellow Sun" léite agam. Ní raibh. Tá anois! Cheannaigh mé don Kindle é (i ré seo na dianghlasála níl teacht éasca ar leabharlann).

Úrscéal stairiúil atá ann, b'fhéidir. An tréimhse roimh agus le linn Chogadh chatharda na Nigéire, tríd súile triúr sibhialtacht. Ugwu, déagóir óg a thagann ó sráidbhaile cúlráideach le bheith ina ghiolla tí do léachtóir ollscoile. Ina chás siúd, scéal faoi theacht in inmhe fir óg éirimiúil a fhaigheann deis a chéim sa saol a fheabhsú agus a thugann fé le flosc agus fonn atá ann. An dara pearsa, Olanna, iníon álainn lánúin a bhfuil saibhreas déanta acu tríd an chóras cam corbach i laethanta deiridh an choilíneachais agus tús an Neamhspleáchais a thuiscint. A beirt iníon - cúpla - seolta ar scoileanna eisiacha agus Ollscoil. Olanna i Londain, fiú. Níl a deirfiúr dathúil, ach tá féith an ghnó go smior inti. Agus is léi a thiteann an tríú pearsa go domhain i ngrá. Sasanach é Richard. Neamhaird déanta ag a thuismitheoirí ina thógáil agus é éiginnte dá réir faoina ionad san saol. Iriseoireacht i Sasana caite i dtraipisí aige, é tarraingthe go dtí an Nigéir ag spéis i seoda seandálaíochta ardcheirde ón seachtú aois.

Fágann sin go bhfuil na pearsan i dteagmháil leis na mórphearsana san Stáit agus san airm gan a bheith ina measc. Bhíodh caidreamh fiú idir Olanna agus prionsa de chuid na Fulani Moslamacha san Tuaisceart, agus maireann cairdeas. 

Feicimid conas a réabann amhras agus seicteachas screamh tanaí na síochána agus go bláthaíonn barr cogaidh agus ocrais don pobail Igbo i mBiafra as na fiacail dragúin a chuir impireacht na Breataine.

Scéalaí oilte í an údar, agus léimeann sí siar agus aniar san insint, ag léiriú forbairt caidrimh agus iarmhairtí botúin. 

Tá gá le goile láidir mar níl easpa foréigin - foréigean collaíoch san áireamh, ná uafás an ocrais agus na galair a leanann é. 

Ach is cuid den stair na gníomhartha agus, fearacht mórán cogaí cathartha eile, níl cinniúint Biafra gan tionchar ar saol an lae inniu. 


2020-07-02

Dubh, Gorm nó Bleaic?

Chuir alt Alex Hijmans i Tuairisc faoi sliocht ciníoch i Cré na Cille ag machnamh mé. Níl aon cheist ach go bhfuil ciníochas léirithe sa sliocht - beirt ag caint faoi nuachar mic duine acu atá de chúlra Afracach, agus beirt páiste ag an lánúin. An seanathair ag iarraidh déanamh amach nach bhfuil siad chomh dubh sin tar éis an tsaoil... Téarmaí agus samhail díspeagúla tríd síos. "Black" chomh maith le "n***".

I measc nithe eile, mheabhraigh sé dom an conspóid a lean léirmheas Anna Heusaff ar "Lámh, Lámh eile" Alan Titley. 

Is trí ghuthanna na gcarachtar a dhéantar an léiriú nimhneach seo, gan amhras, ach is é rogha an údair é go gcuirtear steireéitíopa gránna inár láthair ar phobal a bhfuil a ródhóthain leatroim, drochmheasa agus féinfhuatha á bhfulaingt acu in Éirinn leis na glúnta anuas. Ar nós gach steiréitíopa, tá fírinne éigin ann a chuirtear as a riocht ionas go ndéantar bréag mhór den iomlán. Bhí súil agam go gcuirfí casadh cliste sa scéal i ndeireadh na feide a nochtfadh bréag a chuid claontuairimíochta do reacaire an scéil .... Níorbh ann don chasadh, áfach,...
Rinne Alan cosaint láidir ar féin in alt i Comhar. Aontáim go pointe leis nach ceart ionnanú a dhéanamh idir údar agus carachtar. Ach níl mé sásta dul an bealach ar fad leis nuair a deir sé:
An é nach bhfuil cead againn ár rogha charachtar a cheapadh gan dul faoi scrúdú éigin a chomhlíonfaidh réamhthuairimí agus réamhbhunurláir chreidimh/ reiligiúin/ náisiúnta/ stíle/ inscne/ aicme/ Ghalldachta/Ghaelachais/ inchlúisíobhtachúlachtachais nó pé rud atá ag an bhfaisean atá in airde láin i gcaitheamh na huaire sa spás ama seo a bhfuilimid ann anois agus mar sin de? An bhfuil boscaí áirithe le ticeáil ag an scéalaí anois mar a bhíodh ag an mbord cinsireachta fadó? Más mar sin atá, tá chomh maith againn éirí béal na gclár as. Nó, mar a deirtí ar ‘Dragons Den’ tráth: ‘I’m out!’
Creidim go bhfuil áit ann don aor, don saighdeadh agus don graostacht.
Der Satiriker ist ein gekränkter Idealist: er will die Welt gut haben, sie ist schlecht, und nun rennt er gegen das Schlechte an.
'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  
Sin a dúirt Kurt Tucholsky (faoin ainm chleite Ignaz Wrobel) in aiste inár tháinig sé ar an tuairim go bhfuil gach rud ceadaithe don Aor. (Was darf die Satire)

Tá gach rud ceadaithe - ach ní gá gach rud a rá! Ach go háirithe, is féidir bheith airdeallach faoi conas a léirítear dream, agus maslaí a sheachaint. Sa sliocht i gCré na Cille feictear dom go bhfuil Ó Cadhain ag sciolladh chúngaigeantacht na bpearsan - agus is féidir sin a dhéanamh gan maslaí a tharraingt isteach sa scéal.

Chuir Antain Mac Lochlainn réamhrá spéisúil lena thiontú ar "An Capall agus a Ghiolla" - tá cosúlachtaí idir na Calarméin ann agus Arabaigh, agus d'fhéadfaí seineafóibe a chuir i leith Lewis sa bhealach a léirítear iad. Tá sé sin níos láidre b'fhéidir san leabhar deiridh san sraith "An Cath Deireanach" - Armageddon Narnia, ina bhfuil formhór na Calarméin seachas fear óg uasal amháin léirithe ar thaobh an Oilc. Léirigh sé nach féidir talamh slán de a dhéanamh gur ciníochas atá i gceist - ná go deimhin gurb ionann dream i cruinne samhalta agus dream abhus a bhfuilimid in adharca leo.

Cé nach bhfuil sé feicthe fós agam, luaigh m'athair liom go bhfuil réamhrá san eagrán nua de Tír na Deo ina pléitear  na maslaí ciníocha ann - agus nach raibh gá iad a mhaolú, mar go raibh sin déanta cheana ag Máiréad Ní Ghráda.

Ag deireadh an lae, níl i focail ach léiriú ar smaointe agus birt. In Éirinn, is iad an dream is mó atá thíos le coimthíos an mórphobal an Lucht Siúl. Le mo linn tá nathanna éagsúla a rinne tagairt dóibh - bunaithe ar cheardanna a chleacht siad nó ar a slí beatha - tagtha faoi their ceann in ndiaidh a chéile. Ach ainneoin na lipéid nua, níl cás an Lucht Siúl feabhsaithe.

Anois agus #BlackLivesMatter ina cheist bheo, tá rudaí ag tarlú maidir le haistriú lipéid i réimsí  eile - mar shampla tá an téarma "master" ar phríomhleagan togra bogearraí ar Github á athainmniú mar "main" - agus chuala mé go bhfuil an mhacsamhail ag tarlú áiteanna áirithe leis an príomh seomra leapan i dteach ar a dtugtaí "master" freisin.

Sop in áit na scuaibe a leithéid seo de athrú dromchlach. Is gá dul i ngleic leis an ciníochas; is gá maslaí fánacha a sheachaint sa litríocht - nó ar a laghad iad a chomhthéacsú. Má tá nath doghlactha sa chaint ba cheart é bheith doghlactha sa litríocht - mar sin , creidim go ndearna Alex an rogha ceart in aistriú siúd. Bhí beagán ionadh orm nach ndearna an aistritheoir Gearmánach an rogha céanna!


Dá mbeadh an chiníochas díbeartha, ba fusa go mór sin a dhéanamh!

2020-07-01

Guais, priacal, agus ChÍIFGR

Le tríocha bliain anois táim ag plé le bogearraí neadaithe. Formhór an ama, bhí mé ag obair in earnáil an iarnróid agus an spáis. Tá iarmhairtí troma san dá earnáil ar bhogearraí fabhtachta, agus déantar gach iarracht earráidí a sheachaint. Ach fiú i gcás an spástointeálaí ní raibh na bogearraí saor ó fabhtanna - ainneoin forbairt cúramach (agus costasach!). I staidéir NASA ar chastacht bogearraí tá sé ráite:
"le córas forbartha bogearraí atá thar an gcoitiantacht maith, is féidir an ráta fabhtanna a bhrú faoi ceann in aghaidh an deich míle líne cód"
Tá plé ar na modhanna is fearr bogearraí a fhorbairt ag dul ar aghaidh le mo linn - bhí comhdháil cáiliúil ag NATO sa bhliain ar rugadh mé agus daoine aontaithe go raibh "Géarchéim Bogearraí" ann.

Baineann an fhadhb le solúbthacht bogearraí. Ó shin i leith tá na crua earraí éirithe níos cumhachtaí agus tapúla, agus cuimhne éirithe níos saoire agus níos gaiste - agus an líon líonadh cód ag fás go rábach - tharlódh na milliúin líne cód a bheith i mbogearraí gluaisteáin! Rud a chiallaíonn go bhfuil ar a laghad céad fabht ann. Ach ní forbraítear chomh hairdeallach céanna é le spástointeálaí - bíonn brú costais agus ama i gceist, mar sin bíonn níos mó fabhtanna i gceist.

Ar ndóigh níl gach cuid den bogearraí i gcarr, gluaisteán nó spásárthach chomh tábhachtach céanna - agus bhíodh siad roinnte thar ríomhairí éagsúla sa chaoi is nach bhféadfadh siad cuir isteach ar a chéile. Ach de bharr brú costais tagann laghdú ar an líon ríomhaire - agus is gá féachaint chuig bealaí eile chun tionchar fabht a laghdú. Bíonn córais oibriúcháin i gceist chuige sin - ach is bogearra casta córas oibriúcháin - agus fabhtanna ann dá réir. Agus sin gan nasc thar an idirlíon a chuir san áireamh ...

Is gnách iarracht a dhéanamh, bunaithe ar thaithí, réchonn a húsáid maidir le guais don táirge. Agus ansin an priacal a mheas de réir an fhoirmle

priacal = dóchúlacht tarlú * troime iarmhairt

Ansin déantar iarracht modhanna a aimsiú chun an phriacal a laghdú. Is ansin is mó a bhíonn an argóint! Prionsabal amháin a húsáidtear ná léiriú go bhfuil an baol "as low as reasonably practicable (ALARP)". Sé sin, "chomh híseal agus is féidir go réasúnta". Tá cealg san eireball ansin - cad atá réasúnta nuair atá beatha duine i mbaol? 

Bíonn go leor maorlathais i gceist agus uaireanta tús áite ag seachaint fabhanna dliteanais seachas cur chuige a réiteodh an fhadhb. Bíonn baol ann i gcónaí bogearra a athrú de dheasca iarmhairtí neamh-thuartha agus na costais a bhaineann le promhadh agus deimhniú arís.(Agus ní féidir le promhadh léiriú ach go  bhfuil fabht ann - ní thig leis cruthú nach ann dó!)

Uaireanta déantar iarracht "oibriú thart" ar an bhfabht - ag bogadh an freagracht ón fobróir go dtí an úsáideoir. Tarlaíonn sé sin toisc, go hiondúil, nach é an bainisteoir togra céanna atá freagrach as an dá chéim den misean. Ach ní réiteach foirfe é sin.

Baineann fadhb mar é le bogearraí a d'fhéadfaí é athúsáid - bíonn drogall aon athrú a dhéanamh (agus uaireanta toradh tubaisteach ar sin - mar a tharla i gcás Ariane 5 nuair  a theip ar ghléas athúsáidte toisc nár cuireadh athruithe sa mhisean san áireamh i gceart).

Mar sin, beidh mo leithéidí gnóthach go gceann tamall eile! 

Ach beimid freisin ag rá na rudaí céanna - is fearr réchonn ná iarchonn. Is gá na riachtanais a aithint, an dearadh a dhéanamh go cúramach, a bheith soiléir cad atá le déanamh. Agus is gá léirmheas cúramach ar na cód - sin an dóigh is fearr fabhtanna a aithint agus a leigheas.

‘cadeat ada flatha ⁊ cuirmthige?’

‘A húi Chuind, a Chormaic,’ ol Carpre, ‘cadeat ada flatha ⁊ cuirmthige?’
‘Ní hansa,’ ol Cormac.

Costud im dagflaith,
Lassamna do lochrannaib,
Luthbas im [dot ]sochaide,
Samugud suide,
Soichlige do dáleman,
Díanlám oc fodail,
Fochraibe oc timthirecht,
Tigerna do charthain,
Mesrugud senma,
Scélugud ngairit,
Gnúis fáilid,
Fáilte fri dáma,
Tóe fri comad,
Cocetla bindi,

‘it é sin adae flatha ⁊ cormthige, ’ ol Cormac fri Carpre.

Tecosca Cormaic

'A ua Choinn, a Chormaic' , arsa Cairbre, 'cad atá adha flaith ⁊ coirmthí?'
'Ní hansa,' arsa Cormac

Dea-iompar um dea-fhlaith,
lasadh do lóchrainn,
dua a chaitheamh don comhluadar,
ag socrú suíocháin,
lámh gasta ag roinnt,
freastal aireach,
do thiarna a charadh,
measarthacht ceoil,
scéalta gairide,
gnúis sona,
fáilte roimh grúpaí,
tost le linn reacaireacht,
comhcheol binn,

sin iad na rudaí atá cuí do flaith agus coirmtheach, arsa Cormac le Cairbre.


adha: ceart, cuí
soicheall: féile, fáilte réidh
dáileamh: duine atá i mbun dáileadh bia agus deoch


Trecheng Breth Féne : Iarfhocal

Tá, mar sin, na Tréanna a d'fhoilsigh Meyer blagáilte anseo le mo leaganacha Nua Ghaeilge. Táim cinnte go mbeidh eagarthóireacht, beachtú agus feabhsú de dhíth.

De réir réamhrá Meyer is leis an 9ú Aois a bhaineann na Tréanna - agus tagairt ann do "Ghall ina lúireach" (#232) agus do mhí-adh Bheannchar (#44) mar fhianaise go raibh teaghmáil déanta leis na Lochlannaigh.

Ní scoláire mé, agus tá mo leaganacha ag braith go mór ar Bhéarla agus Gearmáinis Meyer (uaireanta agus béarla crochta aige ba sothuigse dom an Gearmáinis!).

Meascán mearaí ábhar na ráitis - ní tréanna iad uilig. Logainmneacha, suailcí, duáilcí, nósanna - agus go leor Béarla Féine - tearmaíocht dlí agus comhairle faoi ráthú. Léargas fir léannta ar an saol. Bhraith mise doicheall roimh mná ann, cé go ndeir Fergus Kelly ina réamhrá (atá leis an leagan Gearmáinise ar CELT) nárbh an fear seo is measa! Saol aicmeach, daor agus cíormhaire ag bun, rí agus flaith ag barr. Mná ar leataobh. 

Luann Meyer gaois uimhreach an Bhíobla mar foinse do nós seo na dtré, b'fhéidir tríd gaois na Laidine agus Gréigise. Tá an múnla coitianta i Leabhar na Seanfhocal, mar shampla.

Agus an eagrán seo á dhéanamh agam rinne mé DIL a ransú - ag baint feidhm as gach modh cuardaigh - i gcomhair ceannfhocal, brabhsáil, an leagan simplí a thugann Gaeilge ar fhocal Béarla. Ba mhinic an Tré i measc na foinsí d'fhocal - ba chabhair mór sin chun an ceannfhocal ceart a aimsiú.

Bhain mé sult agus tairbhe as dul i ngleic go córasach leis an gcnuasach, agus táim buíoch as an spreagadh, a Dhonncha!