Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-07-26

Tír na Deo


Roinnt blianta ó shin, d'fhoilsigh An Gúm eagrán nua de Tír na Deo, leagan Mhairéad Ní Ghráda ar Peter Pan le JM Barrie. 

Le linn na dianghlasála bhí m'athair ag léamh leabhair lena ghar pháistí ar Zoom. Mhol mé dó Tír na Deo nua a fháil. 

Bhí eagrán 1938 sa teach agus againne nuair a bhíomar óg. Bhí sé ag m'athair agus a deirfiúracha romhainn. Cuimhní ceanúla agam ar an leabhar gleoite, ina raibh léaráidí daite agus dubh agus bán - léaráidí a bhí sna bunleagan ar a bhfuil athinsint Ní Ghráda bunaithe. 

Tá cnámha scéal Pheadairín Pan, Bláithín agus Clingín Cloig ag mórán gach duine anois ó rinneadh Disníú air i bhfad ó shin. 

D'inis m'athair dom go raibh réamhrá spéisiúil leis an leagan nua. Agus mé ina theach aréir thapaigh mé an deis an réamhrá a léamh, agus ansin eagrán 1938 a léamh. Chaith mé súil ar roinnt leathanaigh den leagan nua freisin chun braistint a fháil don méid a athraíodh. 

Mar dhráma a thosaigh scéal Pheadairín Pan agus Bláithín amach. Rinne bean darb ainm May Byron leagan ciorruithe den scéal, agus chuir JM Barrie leagan dá chuid féin i bhfoirm úrscéil. Cuireadh léaráidí le Mabel Lucie Attwell leo sna fichidí. 

Insíonn an réamhrá scéal an aistriúcháin go spéisiúil, go háirithe an lámh a bhí ag Aire Oideachais (agus dá bhrí sin saoiste An Ghúm), Tomás Ó Deirg, leis an dtogra a bhrú chun cinn cé go raibh togra níos luaithe curtha ar ceal ag an nGúm. 

De bhrí gur cinneadh léaráidí daite a chur leis, bhí an leabhar an daor. (Agus is ar leathanaigh ar leith a bhí na léaráidí céanna agus roinnt acu imithe ar strae inár gcóip) 
Is dócha gurb an costas ba chúis le gan athchló bheith curtha ar an leabhar. 

Pléann an réamhrá freisin leis na claonta Victeoiriacha sa leabhar - ciníochas lom agus ionad na mban mar máithreacha. Nó mar flappers formadacha fearacht Clingín Cloig!

Ní dócha gur thug mise óg faoi ndeara na claonta sin, ach á athléamh anois bhí siad iontach follasach agus sách gránna. Más fíor don réamhrá, mhaolaigh Ní Ghráda iad roinnt!

Mar sin féin, agus ainneoin an dúnmharú agus ár ann, (rud atá ceilte i leagan Disney) is scéilín taitneamhach é. Tá caint Uí Ghráda soléite deas agus nathanna breátha ann. 

Ón spléachadh a thug mé ar an leagan nua tá na gnéithe sin tagtha slán tríd an gcaighdeánú. 

Thuas tá tús an leabhair san dá eagrán mar shampla ar an atheagar. 

Tá na léaráidí ón mbuneagrán caomhnaithe san eagrán nua (ach gan bheith chomh costasach plé leo anois). Cuireann sin go mór leis. Tá sé luaite áfach go bhfuil cuid acu gan tagairt i dtéacs Uí Ghráda!

Rinne glúin éigin de muintir Almhain cuir le maisiúchán eagrán 1938...