Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-07-01

Trecheng Breth Féne : Iarfhocal

Tá, mar sin, na Tréanna a d'fhoilsigh Meyer blagáilte anseo le mo leaganacha Nua Ghaeilge. Táim cinnte go mbeidh eagarthóireacht, beachtú agus feabhsú de dhíth.

De réir réamhrá Meyer is leis an 9ú Aois a bhaineann na Tréanna - agus tagairt ann do "Ghall ina lúireach" (#232) agus do mhí-adh Bheannchar (#44) mar fhianaise go raibh teaghmáil déanta leis na Lochlannaigh.

Ní scoláire mé, agus tá mo leaganacha ag braith go mór ar Bhéarla agus Gearmáinis Meyer (uaireanta agus béarla crochta aige ba sothuigse dom an Gearmáinis!).

Meascán mearaí ábhar na ráitis - ní tréanna iad uilig. Logainmneacha, suailcí, duáilcí, nósanna - agus go leor Béarla Féine - tearmaíocht dlí agus comhairle faoi ráthú. Léargas fir léannta ar an saol. Bhraith mise doicheall roimh mná ann, cé go ndeir Fergus Kelly ina réamhrá (atá leis an leagan Gearmáinise ar CELT) nárbh an fear seo is measa! Saol aicmeach, daor agus cíormhaire ag bun, rí agus flaith ag barr. Mná ar leataobh. 

Luann Meyer gaois uimhreach an Bhíobla mar foinse do nós seo na dtré, b'fhéidir tríd gaois na Laidine agus Gréigise. Tá an múnla coitianta i Leabhar na Seanfhocal, mar shampla.

Agus an eagrán seo á dhéanamh agam rinne mé DIL a ransú - ag baint feidhm as gach modh cuardaigh - i gcomhair ceannfhocal, brabhsáil, an leagan simplí a thugann Gaeilge ar fhocal Béarla. Ba mhinic an Tré i measc na foinsí d'fhocal - ba chabhair mór sin chun an ceannfhocal ceart a aimsiú.

Bhain mé sult agus tairbhe as dul i ngleic go córasach leis an gcnuasach, agus táim buíoch as an spreagadh, a Dhonncha!