Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-07-04

Leath Grian Bhuí


Nuair a luaigh mé ar Twitter go raibh Americanah á léamh agam, d'fhiafraigh Tadhg Mac Dhonnagáin an raibh "Half of a yellow Sun" léite agam. Ní raibh. Tá anois! Cheannaigh mé don Kindle é (i ré seo na dianghlasála níl teacht éasca ar leabharlann).

Úrscéal stairiúil atá ann, b'fhéidir. An tréimhse roimh agus le linn Chogadh chatharda na Nigéire, tríd súile triúr sibhialtacht. Ugwu, déagóir óg a thagann ó sráidbhaile cúlráideach le bheith ina ghiolla tí do léachtóir ollscoile. Ina chás siúd, scéal faoi theacht in inmhe fir óg éirimiúil a fhaigheann deis a chéim sa saol a fheabhsú agus a thugann fé le flosc agus fonn atá ann. An dara pearsa, Olanna, iníon álainn lánúin a bhfuil saibhreas déanta acu tríd an chóras cam corbach i laethanta deiridh an choilíneachais agus tús an Neamhspleáchais a thuiscint. A beirt iníon - cúpla - seolta ar scoileanna eisiacha agus Ollscoil. Olanna i Londain, fiú. Níl a deirfiúr dathúil, ach tá féith an ghnó go smior inti. Agus is léi a thiteann an tríú pearsa go domhain i ngrá. Sasanach é Richard. Neamhaird déanta ag a thuismitheoirí ina thógáil agus é éiginnte dá réir faoina ionad san saol. Iriseoireacht i Sasana caite i dtraipisí aige, é tarraingthe go dtí an Nigéir ag spéis i seoda seandálaíochta ardcheirde ón seachtú aois.

Fágann sin go bhfuil na pearsan i dteagmháil leis na mórphearsana san Stáit agus san airm gan a bheith ina measc. Bhíodh caidreamh fiú idir Olanna agus prionsa de chuid na Fulani Moslamacha san Tuaisceart, agus maireann cairdeas. 

Feicimid conas a réabann amhras agus seicteachas screamh tanaí na síochána agus go bláthaíonn barr cogaidh agus ocrais don pobail Igbo i mBiafra as na fiacail dragúin a chuir impireacht na Breataine.

Scéalaí oilte í an údar, agus léimeann sí siar agus aniar san insint, ag léiriú forbairt caidrimh agus iarmhairtí botúin. 

Tá gá le goile láidir mar níl easpa foréigin - foréigean collaíoch san áireamh, ná uafás an ocrais agus na galair a leanann é. 

Ach is cuid den stair na gníomhartha agus, fearacht mórán cogaí cathartha eile, níl cinniúint Biafra gan tionchar ar saol an lae inniu.