Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-07-29

Tigh Nana

Bhí mo sheanathair Diarmuid Ó hAlmhain ina phríomhoide ar scoil i nDeilginis agus ba leis an scoil an tigh inár tógadh m'athair agus a bheirt deirféar.

Níl aon chuimhne agamsa ar an tigh sin. Ina dhiaidh sin bhí cónaí ar mo shean-tuismitheoirí ar an tSeanchill. Cuid de sheanteach mór a bhí ann. Crieve a thug siad air (nó a bhí air an gcuid sin). Bhí sé ar chíos le déanaí, 3700€ sa mhí á lorg air, faoi ainm eile. Rud éigin Mews. 

Sin a spreag an sruth cuimhní seo. 

Dhíol m'athair an teach sna nóchaidí toisc nach raibh na hacmhainní aige le dul i ngleic leis an gcothabháil a bhí de dhíth, taise sna ballaí agus a leithéid. 

Sciar an lucht freastail a bhí ann den teach.

Trí seomra agus seomra folctha a bhí thuas staighre. Dromchla fada gan fuinneoga seachas forléas a bhí ann - chun ná beadh radharc ag lucht freastail ag Gairdín muintir an tí (agus a mhalairt is dócha). 

Ríocht mo Dhaideo ab ea an chéad seomra, seomra oibre agus codlata. Bhí fuinneog amach ar an ngarraí cúil aige, ach bhí an seomra sách dorcha. Ní raibh mé ach 11 nuair a scuab taom croí ar shlí na fírinne é, agus bhí sé tinn roimhe sin le fada. Mo chuimhne air ná fear tostach beagán crosta. Chaith sé píopa tobac. Bhíodh sé ina sheomra go hiondúil agus muide ar ár gcuairteanna rialta - de réir mo chuimhne agus tharlódh go bhfuil sé sin ar strae. Leaba, bord oibre, leabhragáin. 

Bhí sciathán amach ón teach thíos staighre ina raibh cisteanach beag, seomra íseal a raibh fráma triomaithe éadaigh ag crochadh ón díon agus seomra bídeach codlata. Lámh le sin bhí both oibre Dhaideo, áit toirmiscthe lena bheo. 

Taobh leis sin arís bhí an sean teach cóiste, lán de cnuasach an tsaoil agus lochta a bhféadfaí teacht air ar dhréimire fhada mí shocair.

Bhí ana scil siúinéireachta ag Daideo. Tá cuimhne agam ar an carr le crann tógála a thóg sé dom go bhféadfainn suí air agus mé á trí nó mar sín. Mhair sé i bhfad, déanta go láidir. Thóg sé teach spraoi agus mé á trí nó a ceathair a mhair blianta fada i dteaghlach mór - achar ceithre méadar cearnach faoi measaim. Agus crínlín don obair scoile. Roinnt báid freisin chun cuir ar snámh ar loch. Mura bhfuil dul amú iomlán orm bhí cead agam cabhrú lena ndéantús nó ar a laghad dath a chur orthu.

Tar éis a bhás, chaith mé tréimhse ag maireachtáil sa teach le Nana agus bhí mé in ann iontais an both uirlisí a thaiscéaladh. Ord agus eagar. Gach cineál uirlis i seilfeanna dá dhéantús féin. Pluais iontais. Ach gan rúinnín dá dheasláimhe agamsa. Ní dhearna mé mórán maitheasa. 

Ba le Nana an seomra láir thuas staighre. Agus an chuid eile den tigh, dáiríre!

Bhí an tríú seomra leapan ann, seomra beag le go leor leabhragáin. B'shin mo sheomra nuair a chaith mé tréimhse léi agus mé i mo ghlas-stócach, tar éis bháis Daideo agus tar éis di féin stróc a bheith aici. Tá amhras orm gur thug mé mórán cabhair di, ach ba chomhluadar mé.

Tá cuimhní ó cuairteanna éagsúla ina meascán mearaí i mo cheann. Bhí mé 11 nuair a chuaigh Daideo ar shlí na fírinne, agus ag smaoineamh siar measaim gur chaith mé tréimhsí éagsúla ann sa samhraidh agus mé i mo dhéagóir.

Thug an teaghlach ar fad cuairteanna minice Domhnaigh. Ba iad éclairs Nana - cistí éadroma lán uachtair agus clúdaithe le seacláid an sólaiste a shantaigh muid. É sin agus spúinse úill. Sin ceann a dhéanaim féin scaití. Ach níor thug mé faoi éadroime na heclairs riamh. 

Seomra iontach ard ab ea a cistin, ceithre méadar de réir mo chuimhne leanbaí (nach bhfuil inmhuinín). Bhí forléas ard sa bhalla ar taobh na huaisle den Teach Mór - bhí córas téad agus ulóg lena oscailt agus dúnadh.

Bhí fuinneoga móra ag féachaint i dtreo an ghairdín tosaigh a bhain leis an gcuid sin den tigh. Ós a chomhair sin bhí doirteal, agus i gcúinne sorn aibhléise a bhí ana shean. De réir mo chuimhne, seachas an gríscín, agus an oigheann níor úsáid Nana é chun cócaireachta. Bhí sorn gáis aici sa phantrach a bhí béal dorais. Ar sin is mó a réitigh sí béilí.

Ach bhíodh sócamas ar leith don tae againn go hiondúil. Arán donn sóid. Cáis cheddar air. Faoin ngriscín aibhléise go dtí go raibh an cáis ag leá agus bolgáin ann. Blasta!

Ite cois tine san tinteán. Féasta. 

Bhí dhá seomra suite ann. Ceann lámh leis an gcistin, fuinneoga móra amach ar an ngairdín mór tosaigh. Seomra geal, suíocháin compordacha, pianó. Bhí an seomra suite eile dorcha - ní raibh de sholas nádúrtha ann ach an fhuinneog sa doras amach sa chulghairdin agus dhá fuinneoga beaga ar gach taobh de sin. Bhí breis leabhragáin ann áfach.

Bhí an ghairdín tosaigh ina léana agus plásóg bláth ar thaobh an tí. Fál íseal bosca timpeall air, agus fál labhrais idir é agus an chuid den ghairdín in aice na sráide. Cúpla crann cnó capaill ansiúd leis, atá leagtha le fada.
Bhíodh an dúrud lus an chromchinn ann san earrach, ar gach taobh na léana. 

Ba ghairdín glasraí an ghairdín cúil agus Daideo beo agus in ann obair ann. Tá meathchuimhne agam ar phrátaí agus meacain ann. Ach ina dhiaidh sin is faoi féar is mó a bhí sé. Ach bhí sú craoibh cois falla, sú talúin agus spíonáin, agus bhiabhóg. Measaim go raibh cúpla crann úll freisin. 

Bhí crainn arda ar a imeall. Bhí carn muiríne lámh leis an gclaí leis na comharsan, i bhfolach laistiar de sceacha. Ar a dtaobh siadsan bhí cearca agus ar a laghad bliain amháin, peata uain.

Tá cuimhní iontacha agam ar an dteach, ach ní dóigh liom gur mhaith liom é bheith faoi mo chúram. Leis na síleáil arda agus fuinneoga móra is cinnte go raibh sé tais agus fuar sa gheimhreadh - ainneoin tine sa tinteán!