Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dúlra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dúlra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-11

Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.


Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh le breis is fiche bliain anois. Tá stráice coille cois srutháin gar do mo theach, agus taithí agam air le fada. Le roinnt blianta táim ag siúil ann cúpla uair sa tseachtain.
Coill fadbhunaithe atá ann. Tá an crann ar a dtugtar An Bhile Dharach (the mighty Oak) ann ón seachtú céad déag. Tá cuid den gcoill faoi chúram Coillte, a bhfuil a gceanncheathrú agus saotharlann dá gcuid sa choill nó gar dó. Feictear dom go bhfuil an choill measartha nádúrtha seo á fhágáil ina staid nádúrtha acu chomh fada agus is féidir. 

Coill leathandhuilleach atá ann. Bíonn brat bláthanna ann san earrach - bím á dtuairisciú le roinnt blianta tríd aip Bithéagsúlacht Éireann. Bíonn cuid de ina bhrat chreimhe timpeall mí Bealtaine.

Is iomaí crann nasctha ag eidhneán nó táthfhéithleann. 


San fómhair bíonn neart fungas de chineál éagsúla le feiceáil. I measc na n-éan atá feicthe agam ann tá dreoilíní, smólaigh, lonta dubha, scréachóga coille, cnagairí, glasóga liatha, gaibhne dubha. Agus neart coilm coille. 

Tá scata mór ioraí glasa ann, agus fianna agus sionnaigh uaireanta. Tá dallóg fraoigh feicthe agam. Táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile ann nach bhfuil feicthe agam. Bíonn sceithreach frog le feiceáil in áiteanna áirithe san Earrach luath. 

Coill nádúrtha bithéagsúil. 

Ach leis na stoirmeacha fíochmhara le cúpla geimhridh anuas, tá dochar nach bhfaca mé cheana le feiceáil. Crainn arda leagtha, casta, scoilte, réabtha. 

Tuar don dochar a dhéanfadh an t-athrú aeráide.... 


ocus cach airde bias in torad bid trumaide a thuind-seom ac toitim.



2025-09-06

Togra Athnuachana Ó Cualann


Chuaigh mé ag siúl ar Ó Cualann inné. Le blianta beaga anuas tá ardú ollmhór ar an méid daoine a bhíonn ag siúl sléibhe - agus tá Ó Cualann ar imeall na cathrach agus bíonn líon mór daoine ag tarraingt air. Fraoch atá ar shleasa an chnoic, agus scileach ar bharr. Bhí creimeadh talún ag tarlú ar an dá chineál talún.

Le tamall anuas tá obair á dhéanamh faoi stiúir an Chomhairle Chontae chun dul i ngleic leis sin. Bhí suntas tugtha agam cheana don bhfeabhas ar na cosáin níos ísle. Clocha áitiúla úsáidte le dromchla maith a dhéanamh agus céimeanna nuair is gá. Deis ag uisce fearthainne rith gan dochar don gcosán.

Ach anois san áit go raibh dreapadh agus streachailt thar scileach i gceist leis an mbarr a bhaint amach, tá mar a bheadh staighre go mullach an tsléibhe. Ba pléisiúr ceart é siúl air. Níos sábháilte don siúlóir, agus creimeadh seachanta.

Agus an t-iomlán curtha i gcrích le hábhar a fuarthas ar sliabh féin. Agus obair chúramach, obair láimhe don gcuid is mó. 

Má déantar cothabháil air, beidh an sliabh in ann an ualach cuairteoirí a iompar gan breis dochar don dúlra. Dearna leo. 

2025-02-08

Rannsacú coille

Bhuail slaghdán i mbéal na Nollag mé, agus d'fhág sé mé in umar an dúlagar go dtí athrú inné. Fiú cuairt ar scoil gheimhridh Ghaoth Dobhair níor ardaigh as mé. Níor fhreastail mé ach ar péire de na ceolchoirmeacha (Altan agus An Chrann Óg, thar barr agus Ailleog an Oireachtais, máistrí amhránaíocht ar an tsean nóis). Chaith mé formhór an tréimhse sa leaba ag míogarnach agus ag codladh. Mé gan bhrí. Cúpla lá ó shin caite agam san ionad céanna.

Mhol na dochtúirí méadú ar dáileog na cógais a bhí agam ón mbabhta deiridh, san samhradh. 

I ndonas a chuaigh cúrsaí ar dtúis. Mé breán díom féin agus mo shaol. Buíoch beannachtach go raibh mo shonuachar foighneach liom, agus na maidí ligthe le sruth agam maidir cócaireacht agus obair sisyphus tíos. 

Agus ansin go tobann tháinig biseach orm agus farasbarr fuinnimh a d'fhág nár chodail mé aréir ach thart ar cúig uaire a chloig. Táim i mo shuí óna trí ach fós lán bhrí. 

Chuaigh mé ag siúl thart ar a seacht. Bhí lúcháir orm agus bhrúcht sé san sraith nathanna thíos. Scaip mé ar bluesky iad. Táim á chnuasach anseo. 

Te Deum na coille
Longhaire sa chlapsholas
Crónán srutháin

Imirceach fillte
Fuaim saothair 
Cnagaire

Seanóir na coille
Luascán na nglúinte
Bithbhuan

Ceannródaí misniúil
Nóinín aonair
Cois bóthair
Tionól maidine
Cór grágach
Rúcach

Urgharda earraigh
Complacht néata
Plúiríní sneachta

Foinse
Filíochta
Feabhas

Cógas neartaithe
Moill ar fheidhmiú
Lúcháir tobann

Mórann m'anam an Tiarna
Agus na lianna



2024-06-27

Trá na mBó



Níl mórán spéisiúil le rá faoi Aoine an saoire. Bhí mé sa bhaile, agus tráthnóna fad is a bhí an déagóir ag tabhairt faoi scrúdú damhsa chuaigh mé ag siúl i mBré. Thugamar aghaidh ansin ar lár na cathrach. Bus 20:00 le fáil againn. An bus mór glas arís. Cáidheach arís. Bhailigh mo nuachar muid i nDún Garbhán agus thug chun na hAirde Móire muid. Bhí sé thart ar mheán oíche. Fán slí chonaiceamar péire broc ar an mbóthar. Ní dóigh liom go bhfaca mé broc beo cheana!

Ní raibh aon ócáid ceoil a raibh sé i gceist againn freastal air ar an Satharn. Thugamar aghaidh ar Bhun Machan sa charr. 

Chaith mé féin cúpla saoire i mBun Machan sna 1970í agus 1980í. Babtha amháin le club óige i sean teach feirme. Mo chuimhne ar an dturas sin ná gur cuireadh amach inár mbeirteanna muid chun dul go Trá Mhór ar an ordóg. Mise sa bheirt deireadh. Stopamar bus a bhí iompaithe ina theach soghluaiste ag teaghlach ó na sé Chontae. Phioc siad suas gach dís eile sa ghrúpa freisin...

Bhí tigh saoire ag cairde le mo thuismitheoirí díreach trasna an bhóthair ón láthair campála agus an trá. Mo chuimhne ná go rabhamar ann dhá samhradh i ndiaidh a chéile sna 1980í luath agus gur chuir mé aithne gach bliain acu ar buachaill ón Ghearmáin a bhí mórán ar chomhaois liom. Malairtigh muid litreacha ar feadh seal agus idir dhá Nollaig i 1982/3 chuaigh mé anall - tamall gar do Hamburg agus tamall i mBeirlín Thiar. Níor mhair an teagmháil le fear Hamburg, ach tá mé fós i dteagmháil leis an gclann as Beirlín - na tuismitheoirí seachas an cara pinn! Rinne siad ionad tuismitheora dom an chéad cúpla bliain i mBeirlín.

Bhí Trá na mBó feicthe agam an uair úd. Tá iarsmaí mianaigh copair sna haillte - uaimheanna isteach agus tolláin. Tá siúlóid thart ar deich nóiméad chuige, cois aille. Cosán géar ansin síos go dtí cladach clochach. 

Tá grianghraf de dheirfiúr liom ag seasamh i mbéal uaimhe, tógtha ón taobh istigh ag m'athair sa chaoi is nach raibh le feiceáil di ach a cruth. Bhí súil agam athchruthú a dhéanamh ar sin leis an déagóir, ach bhí an phluais áirithe sin dúnta, gráta curtha ina bhéal. D'fhan mo mháthair céile thuas ar bharr na haille ag faire ormsa, an déagóir agus a páirtí ag tabhairt faoi snámh. (Bhí sé fuaaarrr). Chaitheamar tamall ag suí muid féin tar éis an tsnámh, agus ansin shiúil amach go dtí ceann tíre beag chun lán ár súil a bhaint as dealbhóireacht na mara - sceirde agus stácaí mara. 

Ar ais ansin ar ar suaimhneas go dtí an tsráidbhaile agus caife oighreata. 

Áit álainn, agus gan a bheith ró phlódaithe. 

Is an Trá céanna a mheabhraigh an pictiúr seo le Thomas Richter dom (ach aithris ar Dali agus tírdhreach Éireannach a bhí i gceist aige siúd) 
Rinne mé socrú leis é a cheannach agus íoc as ina ghálaí. Tá sé ar ár mballa ó shin. 



2024-04-20

Cuartha Francacha


                  
                 Radomil - CC-by-SA 3.0 

Nuair a luann bodach drúiseach meánaosta "cuartha Francach" bheadh sé inmhaite samhlú gur téisiúlacht atá ina intinn. Ach ní hea, an uair seo. 

Nuair a thug mé faoi chéim san innealtóireacht sna 80í, is céim ginearálta a bhí ann, agus ní raibh speisialú i gceist go dtí an dara bliain. Ba innealtóir meicniúil an déin, fear a raibh clú air as a carbhat cuachóige. (Le linn Seachtain na ngiobal dhreap dream éigin an Túr uisce i mbelfield agus chroch carbhat cuachóige ollmhór air. Tagairt shoiléir!). Bhí béim, bhraith mé, ar an taobh meicniúil. Sa chéad bliain bhíodh léachtaí agus saotharlanna againn cúpla lá sa tseachtain i mBelfield, na hábhair ginearálta eolaíochta - Ceimic, fisic agus mata. Na laethanta eile bhíomar idir Ardán Phort an Iarla agus Sráid Mhuirfean i lár na cathrach (tithe an rialtais, anois! An Coláiste eolaíochta, fadó). 

Mar chuid de sin bhí ranganna san tarraingt teicniúil le déanamh. Ní raibh mé ró iontach aige. Éilíonn a leithéid deaslámhacht agus pointeáilteacht. Suáilcí nach bhfuil agam dáiríre. Streachailt a bhí ann, agus ó shíl mé nach mbeadh sé de dhíth orm ba bheag mo spéis ann. Ba chuid den trealamh na cuartha Francacha áfach, uirlisí mar atá thuas a bhí úsáideach chun parabóil agus cuartha eile a tharraingt. Thuas staighre i seomra ciúin os cionn an ceoláras náisiúnta a bhíodh na ceardlanna. Gach duine againn le clár agus crosbhacart, agus pinn luaidhe ar cruas éagsúil. Agus riachtanach domsa, scriosán. 

Bhí dearmad déanta agam de seo, ach le déanaí tá an dúlra ag meabhrú dom go bhfuil cuartha nádúrtha! 


Is cuimhin liom, i 1994, nuair a thugamar cuairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór go raibh ionad an Bhlascaoid á phlé againn. Bhí alt cáinteach leis san Irland Journal léite agam. Dúirt mé leis nár shíl mé an áit a bheith ró olc. Ba é a sheasamh siúd áfach go raibh línte díreacha an fhoirgnimh as alt. Nach raibh an foirgneamh neadaithe sa thírdhreach mar ba cheart. Is dóigh liom go bhfuil an fhírinne aige. 




2024-04-10

Fán abhann bhréan


Cothrom lae ár bpósta tríocha bliain ó shin a bhí ann Dé Luain agus bhí sé beartaithe againn turas gairid a dhéanamh. Roghnaigh mo nuachar oíche in óstán cois Éirne. Thugamar an bóthar orainn féin Dé Domhnaigh tar éis bricfeasta, á thógáil go breá réidh. Ó tharla muid sa cheantar, bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar phluaiseanna Áirse an Mharmair. (Ní raibh fonn ar Uta. Barraíocht céimeanna agus cúnglach. D'fhan sí orm sa chaife).

Turas treoraithe, agus an uaimh curtha in oiriúint do thurasóirí. Síos linn céad caoga ceathair céim, tríd poll slogaide, go dtí abhann faoi uisce - ceann den trí sruth sa chóras pluaiseanna a thagann le chéile agus a fhágann tríd an Áirse a thugann a ainm don áit mar abhann na Cláidí. Ní fhaca mé an Áirse - is cosúil go bhfuil cuma an marmair ar an cailcít agus gurb é sin a thug a ainm don áit. 

Siúlóid ciliméadar go leith tríd an uaimh, fá bhruach na habhann - agus ag pointe amháin i dtrinse stroighne tríd atá i gceist. Tá aolchuisne agus aolchoinnle fairsing, agus "cóilis uaimhe" agus leathán diamhaire cailcíte. Locháin san abhainn ina scátháin agus aolchoinnle déanta den aolchuisne iontu. 

Bean óg a bhí mar threoraí againn, guth breá shoiléir aici agus í in ann dul in iomaíocht leis an sruth, a bhí glórach in áiteanna. 

Is fiú go mór an cuairt, soilsiú éifeachtach ag cruthú taispeántas iontach as ealaíon an dúlra, cruthaithe tríd na mílte bliain. An aolchloch múnlaithe ag éirí agus titim na habhainn, agus uisce ón bportach thuas ag sileadh tríd agus ag cruthú cruthanna taibhsiúla cailcíte. 

Taispeántas deas thuas freisin. Ceantar thart air a mbeadh fonn orm é a shiúl - agus é leagtha amach chuige sin. 

Gar go maith d'Inis Ceithleann. 



2024-04-08

Modharchoill

Formhór na gcoillte atá fágtha in Éirinn, is plandálacha tráchtála aonchineálacha giúise iad. Crann a fhásann go tapa. Ach fágann an duilliúir dlúth siar ghlas gur coillte marbha iad seo. Faic ar urlár na coille ach brat snáthaid tite. Ar éigin go bhfuil cothú d'fheithidí ann, mar sin ní bíonn éin ann. Na ainmhí ar bith, dáiríre - cé go bhfaigheann, is cosúil, fianna foscadh ann i rith an lae. 

Ní hamháin sin, ach tógann na crainn ón ithir gan mórán a thabhairt ar ais, ag bochtú talamh a bhí bocht mar a bhí. 

Agus aibíonn an phlandáil le chéile, agus leagtar le chéile é - créacht oscailte ar thaobh na cnoic. 

Ar a laghad tá an chosúlacht air go bhfuil athrú meoin ag comhlacht foraoiseachta an Stáit, Coillte Teoranta - in áit na crainn a leagtar, táthar ag cuir meascán crann dúchasacha. Beidh sé na deicheanna de bhlianta áfach sula mbeidh coillte beo ann. 

Tá sé d'ádh orm go bhfuil coill beag measartha nádúrtha ar lic an dorais agam, agus is ardú croí san Earrach na bláthanna, gach ceann ar a sheal, a chlúdaíonn urlár na coille. Faoi láthair, grán arcáin agus corr sabhaircín. Duilliúir creimhe agus bod gadhar glas lonrach. Éin flúirseach. Tá an snag darach cloiste agam, ach is deacair amharc a fháil air. Tá scréachóga coille feicthe agam. Agus seabhaic fiú. Dreoilíní, loin dubh agus spideoga fairsing is ceolmhar. Ioraí glasa. Sceithreach frog. 

Timthriall na beatha. Sin coill. 

Modharchoill an Ghaeilge a chur Nicholas Williams ar Mirkwood san Hobad. 

2023-06-07

Ag caomhnú milseacht na Bealtaine

Nuair a bhogamar isteach san teach seo, breis agus scór bliain ó shin anois, bhí sraith cufróg Leyland a fiche ar airde an tí ag bun an ghairdín. Bhí smacht níos fearr orthu ar taobh amháin den ngairdín agus fál déanta ann. Nuair a bhog muid isteach, fuair muid duine chun an barr a bhaint de na crainn, ach níorbh réiteach buan sin, d'fhás siad arís. Faoi dheireadh b'éigean iad a leagan ar fad. Ní cuimhin liom go beacht, thart ar 2009 sílim, a rinneamar sin. D'fhan stumpaí sa talamh agus an talamh féin crua clochach driseach. Ní garraíodóir mé ar aon nós. Scaoil muid leis. Le blianta beaga anuas tá an ghairdín imithe chun fiántas ar fad. Tá na leanaí fásta agus an trampailín mór groí a bhí sa ghairdín le fada ag éirí meirgeach. Bhí gá le gortghlanadh. An tEarrach seo fuair muid garraíodóir gairmiúil a rinne an bheart, an trampailín a bhaint óna chéile agus na driseacha agus fiántas a ghlanadh as. I gcomhairle le mo nuachar, d'fhág sé cúpla rud ag fás. Crann gingko a chuir muid féin. Rós. Tor amháin. Agus Trom a chuir na héin blianta ó shin.

Dhá bhliain ó shin rinneamar síoróip as dornán bláthanna uaidh. Bhí fúinn é dhéanamh anuraidh freisin, ach nuair a chuaigh mé chun na bláthanna a bhaint bhí na gasanna dubh le aifidí.

Tar éis don gairdín a bheith glanta, is cosúil gur tháinig breis fuinnimh san Trom agus tá fás rábach faoi. Bhain mé dornán bláth le déanaí, cé go raibh sé deacair teacht orthu. (Tá rún agam an chrann a ghearradh siar go géar an gheimhreadh seo chugainn. Tá súil agam nach mbeidh orm dul suas ar dhréimire luaineach chun fómhair milis a bhaint!) 
Ghearr mé líomóid orgánach saor ó chéir ina shliseanna. É sin agus caoga gram aigéad citreach anuas ar na bláthanna, tar éis na gasanna a bhaint daofa. Cileagram go leith siúcra a bheiriú i lítear go leith uisce. É a dhoirteadh ar na bláthanna. An t-iomlán a fhágáil ar maos sa dorchadas sa gharáiste ar feadh trí lá. An leacht a scaoileadh tríd criathar. Agus an síoróip a bheiriú arís. Isteach i gloiní glana. 

Anois, diaidh ar ndiaidh thart ar deich n-oiread uisce a chuir leis. Agus é ól. Blasta... 


2023-05-08

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - ag siúl cois Loire

Tá an Loire leathan i lár Orléans. Tráthnóna Satharn chuaigh mé chun camchuairt a thabhairt, ag siúl fá na bruacha. Tá cineál balla - La Duit - i lár na habhann, le go mbeadh sé inseolta agus chun an abhann a choimeád ó bheith ag bogadh ó dheas. Ar an dtaobh theas den abhainn tá neart oitreacha ghainimhe. Bhí lachain, cearca uisce agus géanna fairsing. Agus chonaic mé ainmhí amháin - ró ramhar le bheith ina dhobarchú. Déanaim amach gur Coypu /Nutria a bhí ann, ainmhí a tugadh isteach ó Meiriceá Theas agus a scaip. 
Ar chosán garbh a shiúl mé ar an mbruach theas, plandaí ag fás go flúirseach. Chonaic mé bean ag cnuasach neantóga agus ag bailiú léi ansin ar a rothar. 

Agus comhartha ceiste mór dearg á chur ar snámh ag teaghlach. Ní bád, ach saothar ealaíne, a dúirt siad liom! 


Lean mé orm fán mbruach theas go dtí an droichead iarnróid, a bhfuil cosán coisithe lena ais, agus ar ais go dtí an bruach thuaidh - tá canáil comhthreomhar leis an abhann ansin. Bhí neart báid ceangailte, iad fada agus tógtha d'uiscí tanaí. Mar a bheadh punt, ach seolta (agus inneal uaireanta) orthu. 

Tráthnóna Domhnaigh bheartaigh mé La Duit a shiúl. Faraor, níl aon slí ciorclach gur féidir í a shiúil, níl ach pointe amháin teagmhála.

Thrasnaigh mé droichead Georges V agus tháinig ar cuimhneacháin ar an áit a raibh fogha cinniúnach Jeanne d'Arc ar daingin na Sasanach - bhris sí agus a harm orthu ansin agus d'éirigh siad as an léigear, fuascailt Orléans agus corr cinniúnach i gCogadh na Céad Bliain. 
Ar an gcosán céanna cois abhann ansin go dtí gur shroich mé tosach an Duit. 

De réir mar a shiúl mé a fhaid - 2.5km - bhí sé ag iompú ina oileán crannach. Bhí an dúrud snáthaid mhór gorma le feiceáil. 

Bhí roinnt ealaíne freisin, ach an dúlra a bhí i dtreis. 


Chas mé nuair a bhí mé laistigh de céad méadar nó mar sin den deireadh. Ar mo shlí ar ais osclaíodh na spéartha agus fliuchadh ní hamháin go craiceann ach go cnámh mé! 
Níor mhair an múr i bhfad ach ba leor é! 

D'fhill mé ar an mbruach thuaidh ar an droichead iarnróid arís, tríd gairdín agus tríd cúlsráideanna na cathrach ar ais chuig an lóistín. 

 



2023-05-05

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Cois Leger

Fad is a bhí Freddie ag freastal ar an lycée lena cara, chuaigh mise ag siúl arís - an treo eile. Ní raibh mé i bhfad ó bhéal na habhann - Belleger - Béal Leger. Shiúl mé cois cósta i dtosach, cois aille ar chosán tirim ach caol, le deis anois is arís tuirling ar thrá beag gainimhe. 
Ba bheag duine a chas orm ar an gcuid seo den siúlóid! Ar an gcósta anois is arís bhí fothrach Túr cosanta, bainteach le cogadh éigin - cosaint béal na habhann, glacaim leis. 
Ar chósta suaimhneach
Memento belli
Amhras buan duine roimh duine

Rud a thug mé suntas do, toisc é bheith in easnamh in Éirinn, ná linn na calvaire - crosanna ag crosairí. Bhí ceann ana bhreá ar an mbealach seo, le dealbha ar gach taobh. An pháis treo amháin, naomha - Muire agus a mac ina measc, san treo eile. 


Faoi seo bhí mé gar don ionad caiple agus ó tharla go raibh fuip mharcaíochta aimsithe cois cosáin agam, bhí mé ag dul sa treo sin - as mo bhealach beagán - lena thabhairt ar ais. Ar ámharaí an tsaoil casadh bean na gcapall liom agus í amuigh le rang. D'iarr sí orm an fuip a chrochadh ar chrann agus mbaileoidh sí ar a bealach ar ais é. Scaoil mé an sraith capaill romham, agus shíl mé teacht timpeall orthu ar aicearra. Ba thapaí iad ná mé áfach, agus bhí mise - agus gearrán iarrainn - sáinnithe ar feadh tamaill. 
Níorbh fhada áfach gur chas mo chosán i dtreo bhruach na habhann. Cosán a bhí ró ghéar do chapaill ná rothar. 

Nuair a bhain mé an ghleann amach, lean mé cosán tarraingthe isteach go Lannion. Cosán a bhí do siúlóirí amháin. Agus corr duine ag ritheacht! 


Thug mé sampla fánach den gníomhaíocht teanga faoi ndeara! Shiúl mé romham gan dua ar chosán deas réidh. Bhí sé ina lag thrá (rabharta?) agus réileán láibe ar gach taobh. 
Chonaic mé corr éan ag lapadaíl ach is dócha go raibh an ghrian ró ard dóibh agus iad i bhfoscadh. Shiúl liom go Lannion. 

Bhí aonach ar bun, agus cheannaigh mé roinnt féiríní. Agus ansin bhuail mé le m'ostach, ach ní roimh pota subh Folláin a cheannach san Comptoir irlandais. Ní bhfuair mé lacáiste as bheith i mo Ghael... 

 Siúlóid ana dheas, thart ar 14km. 

2023-05-04

Eachtraí Aonghusa agus Freddie i Tír Óighe - Bonne balade

Maidin Céadaoin lig mé do Freddie coladh amach - roinnt laethanta fada curtha dínn againn. Agus ar aon nós tá sé de nós agam siúl liom féin de thruslóga fada. Chuaigh mé ag siúl fán cósta dá réir, ag tosú amach tar éis bricfeasta thart ar a hocht ar maidin. 

Bhí ciúnas ann, seachas ceiliúr na n-éan. Cosán marcáilte go maith, cuid de na grande randonnée atá ina líon dlúth sa Fhrainc. 

Bláthanna an earraigh gach áit. Formhór acu a d'aithin mé ón mbaile. Casadh corr siúlóir eile orm fán tslí. 

Bhí sé thart ar a leathuair tar éis an deich nuair a shroich mé Oileán Miliau. Is féidir siúl amach chuige nuair atá lag trá ann. Bhí an cosán díreach glanta nuair a shroich mé é. Mar sin, is beag duine eile a bhí ar an oileán agus bhí mé in ann é shiúl sa tsuaimhneas. Shiúl mé faid an oileáin i dtosach, ag tabhairt suntas don gcairpéad bláthanna. Bhí an t-uafás den falcaire fiáin folaithe san fhéar. Ag dearbhú nach raibh baol báistí ann. Coinnle corra, féirdris, sceach gheal, agus magairlíní meidhreach i measc na bláthanna a chonaic mé ina mbrat tiubh ar an dtalamh. (Bhí siad coitianta go maith fán slí freisin). 

I lár an oileán bhí gcnuasach beag tithe (athchóirithe mar thithe saoire) den eibhir áitiúil bándearg. Agus uaigh Neoiliteach. 
Faoin am seo bhí neart daoine tar éis an oileán a bhaint amach. Shiúl mé ar chosán cois faille timpeall cuid den oileán. Anois is arís chuala mé siosarnach san fhéir, agus uair amháin chonaic mé laghairt lonrach glas ag teitheadh romham. D'fhág mé an oileán agus lean orm fán gcósta. Fuair mé teachtaireacht ansin ó m'óstaigh ag fiafraí ar mhaith liom bheith pioctha suas chun dinnéir a ithe leo ar ais san tigh. 

Shocraigh muid go mbuailfeadh siad liom ag an Eaglais i lár an bhaile a raibh mé gar dó. Cheadaigh mé Google agus ar aghaidh liom da treo sin, thar séipéilín Mhuire na dea-scéala. 

Níorbh fada ina dhiaidh sin gur bhain mé an t-Eaglais amach. Bhí idir séipéilín agus Eaglais iata, áfach. 
Siúlóid ana thaitneamhach a bhí ann. 






2023-04-29

Creimhfheis


l. ma ro metha[d] crimés . . . .i. antan ticc in crimh .i. féis do berur a naimsir in creamha don flaith .i. maothla ┐ loim,

Más amhlaidh a theip ar an gcéile (i. Duine atá spléach ar thiarna)an chrimḟeis a thabhairt … .i. an uair a thagann an creamh .i. féasta a bheirtear/thugtar in aimsir an chreamha don fhlaith .i. cáis/bánbhia agus deoch/bainne. [gearrtar fíneáil air] 

Féach eDil https://dil.ie/12849 (agus buíochas le Dennis as Gaeilge na linne seo a chur ar dom). 


Um an dtráth seo gach earrach bíonn brat creimhe faoi bhláth sa choill ina dhéanaim mo shiúlóid rialta maidine. Agus cumhracht creimhe san aer. Ach téann barraíocht madraí ag siúl sa choill, agus tá sé faoi eochair méaróige de mhór bhóthar ar aon nós. Mar sin, níl sé de mhisneach aon chuid díobh a phiocadh. Ach dé Sathairn seo caite bhí siúlóid treoraithe tríd Coillte Altidore, eastáit mhór atá beagáinín níos faide ón mbóthar mór, agus atá príobháideach agus ciúin dá réir. Feirm orgánach, caoirigh den gcuid is mó. Pór ar leith Breatnach atá dubh go hiondúil. 
Bhí an creamh flúirseach ansin freisin, agus le cead an úinéara bhailigh mé thart ar punt meáchain de dhuilleoga agus bláthanna. 

Rinne mé próca Pesto, leathphunt  im gairleoige, agus ansin le fuílleach na duilleoga gratin - chuir mé meascán de spionáiste agus creamh ann, prátaí agus lardons bagúin. 

Le cuid den pesto réitigh mé mias le Gnocchi (le Zucchini in áit an spionáiste) , agus tá cúpla soitheach bheag pesto san reoiteoir anois. Is féidir an Pesto a chuir ar arán freisin gan amhras. Agus rinne mé arán gairleoige leis an im chun dul leis an mias. 

Inné rinne mé Sicín Cív le sciar eile den im gairleoige. 

Sin trí dhinnéar blasta as cúpla nóiméad piocadh. Abair Creimhfheis! 







2023-04-23

Srúibh Bhrain


Ní raibh mórán pleanála ná taighde déanta agam roimh dul go hInis Eoghain maidir le deiseanna siúlóide. Ná níl an bileog ceart SO don gceantar agam. Taobh le Google a bhí mé, a dúirt liom go raibh Lúb shiúlóid ar Srúibh Bhrain. Bheartaigh mé tabhairt faoi sin ar Satharn Cásca. Thug mo nuachar chomh fada le Srúibh mé agus chrom mé ar siúl.
 

Ar an mbóthar i dtosach go dtí tús oifigiúil na lúibe. Ansin ar bhóthar níos gairbe. Bhí scrín beag, do Mhuire agus an Chroí ró naofa, san áit - Port Cholm Cille - a luaitear le himeacht an naomh thar lear, agus plaic ag cuir síos air. As Sacs-Bhéarla, seachas píosa amháin ón tsean litríocht. 

Lean an bhóthair ar aghaidh timpeall an ceann tíre, ag dul i ngairbhe. Clocha beaga. Tirim go maith - agus bhí an aimsir go deas. Ní raibh léargas iontach ann, ach bhí radharcanna maithe ar fáil. (Ní fhaca mé Albain áfach). 

Chas an bóthar ón gcósta ansin faoi bhun Chnoc na Smug. Chonaic mé cúpla duine ar bharr an chnoic. Bhí bóthar portaigh ag dul an treo agus bheartaigh mé an lúb oifigiúil a fhágáil agus tabhairt faoin gCnoc. Bhí an dream thuas ag teacht i'm threo agus d'fhiafraigh mé daofa faoi láthair timpiste eitleáin sa chogadh. Bhí a leithéid marcáilte ar an tábla eolais don lúb, idir Cnoc na Smug agus An Cheathrú Trasna. Ach ní raibh eolas acu air ná ní raibh sé marcáilte ar an léarscáil SO a bhí acu. Bhí léargas gach treo ó bharr an cnoic.

Thug mé claí idir na cnoic faoi ndeara agus bheartaigh mé sin a leanacht tamall, feiceáil a raibh radharc ar iarsma ar bith. Ní fhaca mé dada. Chonaic mé, áfach, neart glóthach frog. Seachas é bheith in uisce bhí cnaip thall is abhus ar bharr an fhéir portaigh. 

Nuair a shroich mé an Ceathrú Transa bhí radharc agam ar bhóthar na lúb siúlóide agus chas mé ar ais ina threo. Lean mé an lúb oifigiúil ansin, cosán clochach síos le fána a tháinig amach faoi dheireadh ar bhóthar, agus mar sin ar ais go dtí an áit ar thosaigh mé. Lean mé an bhóthair síos go dtí an trá ag an teach solais. Bhí mo nuachar idir eatarthu ag suí i bproinnteach Cumann Gailf an Chaisleáin Nua, ag déanamh roinnt oibre ar cheol dá ceolfhoireann. Lean mé orm ag siúil chomh fada leis sin, fán bhóthar. Chuaigh mé den mbóthar ag pointe amháin chun amharc ar chladach bheag. Bhí súil agam bealach ar ais go dtí an mbóthar a aimsiú, ach ní raibh a leithéid ann.

Tá an Cumann gailf in mbaile fearainn leis an ainm iontach Baile Bó déag - Eleven Ballyboes as Béarla! 

Siúlóid ana dheas a bhí ann, agus bhí fáilte agam roimh pota tae sa chumann gailf. 

Rud amháin a chur díomá orm. Bíonn mála siopadóireachta níolón ar iompar agam seasta. Líon mé é le buidéil plaisteacha uisce a bhailigh mé fán tslí.... 

2022-05-03

Suim sa Dúlraidh


An té a chuireas suim san dúlraidh is annamh a bhíos sé uaigneach, agus is féidir dó aoibhneas a bheith air áit a mbeadh daoine faoi ghruaim. Ní bhíonn lá dá shaoghal nach nochtann iongantas éigin nua do amach as ucht na cruinne. A fhad agus mhairfeas sé ag breathnú ina thimcheall tchífidh sé áilneachtaí ilghnéitheacha dá léiriú ó shéasúr go séasúr, agus cuirfidh sé aithne ar chréatúirí suimeamhla fá n-a gcuid nósann aistidheach a mbíonn bunadhas na ndaoine dall ortha.

Nuair is léir do riar Dé ar obair tríotha sin, méaduigheann a ghrádh don Cruthuitheoir a chum iad, don Rialtóir a threoruigheas iad, agus don Athair Neamhda a bheir aire dóibh.

Thug Naomh Proinsias Assisi cion bráthar fiú do na feithidí a ba lugha ar bith. Bhí mórán de na filí fosta a thuig áilneacht na dúlraidhe agus a rinne teanga dá lán eile daoine nach raibh acfuinn acu a n-iongantas féin a chur i mbriathra béil. Bhí file Sasanach ann a scríobh dán fada ar scéal shean-mhairnéalaigh, agus tá rann amháin san dán sin a ba mhaith liom a thoghadh mar théacs don leabhar seo i gcómhair an aosa óig. Is é seo an rann, agus é aistrithe agam go Gaedhilg:

Is é 's fearr guidhe, bheir grádh a chroidhe
Don uile nídh eadar bheag a's mór:
An Té a chinn ár mbeatha linn
Bheir seisean cion do chách i gcómhar. 

... 

Támuid fighte fuaighte istigh i ngréasán na cruinne agus, dá bhrígh sin, is díol stuidéir dúinn gach nídh dá bhfuil ann. 

Is fusa áilneacht a mhothachtáil ná a mhíniú. 

... 

Más mian leat áilneacht d'fheiceáil, foscail do shúla agus tchífidh tú sin. 


Tá dearmad déanta agam conas a dtáinig an leabhar seo i mo sheilbh. Measaim go bhfuil sé i mo L-spás le fada, ach tháinig mé air le déanaí ar chúis éigin. Aontaím go láidir leis na smaointe atá i réamhrá an leabhair as ar thóg mé na sleachta thuas - tá an Canónach ag déanamh teanga dom mar a dúirt sé go ndéanann filí! 


2022-04-23

Cnuasach trá

Bhí cónaí ar mo Nana i Seanchill. Chaith mé féin sealanna ag cónaí léi sna hochtóidí agus go minic shiúlamar an trá idir Cill Iníon Léinín agus Bré, cladach duirlinge agus aillte arda cré ar a chúl. An uair úd bhí na céadta píosa beaga gloine le fáil ar an trá - bán líonmhar, glas agus donn gan a bheith chomh líonmhar céanna, gorm annamh. Bhailigh mé próca mór díobh uair, é i gceist agam iad a úsáid chun samhail iarnróid - nár thóg mé riamh - a mhaisiú. Is dócha gur ar ais sa bhruscar a chuaigh siad ar deireadh - ar a dhéanaí nuair a d'fhág mé teach mo mhuintire chun dul chun na Gearmáine. 
Le déanaí shiúl mé an trá arís. Ó shin i leith tá an chreimeadh cósta dulta in olcas agus is beag atá fágtha de na ballaí cosanta ar chuimhin liom iad. Ní fhaca mé ach an píosa gloine úd atá i mo lámh sa phictiúir thuas. Ach líon mé mála mór dubh de phlaisteach ... fuíoll cúpla balúin ina measc, sa mhullach ar na gnáth buidéil plaisteach aon uaire. Ní dócha go rachaidh a leithéid i léig chomh gasta agus a chuaigh an gloine, nach bhfuil, tar éis an tsaoil, chomh héagsúil sin le gaineamh - seachas ar ndóigh pé ábhar a chuir dath air.
Píobán adhmaid ag gobadh
as an aill chreimthe cré
Cé go raibh mé tar éis seiceáil go mbeadh an taoide ag dul amach agus mé ag siúil, ní raibh sé amuigh chomh fada agus a bhí mé ag dréim leis agus ní raibh ach leithead cúpla méadar de thrá agam. D'éirigh liom mar sin féin mo bhealach a dhéanamh chomh fada le Bré. Ansin bhí fadhb agam mar go bhfuil obair ar bun chun an sean láthair dramhaíl a chosc ó bheith creimthe agus scuabtha chun farraige...D'éalaigh mé mar féin agus fuair mé réidh leis an bruscar a bhí cnuasaithe agam.
Piardálaí trá le Bré sa chúlra


Ní, buíochas le Dia, bruscar ar fad a chonaic mé. Ceilte go maith ag an duirling bhí feadóga cladaigh agus piardálaithe trá fairsing - deacair iad a fheiceáil go dtí go raibh mé nach mór sa mhullach orthu agus shin thosaigh siad ag bogadh! Nuair a bhí ceann amháin feicthe ansin chonaic mé go raibh ealta ann! Ba fhusa na cailleach mara - agus gainéad amháin, agus corr éisc a fheiceáil ar an uisce agus sa spéir. Bhí roilleacha ann freisin ealta acu. Agus faoileáin, ar ndóigh, ach bíonn siadsan chuile áit...

Siúlóid ana-dheas atá ann, agus tá súil agam, ach a mbeidh na hoibreacha críochnaithe san samhraidh, go mbeidh deis arís siúl isteach go Bré go dleathach gan sconsaí agus geataí le sárú...



An chéad uair eile áfach déanfaidh mé cinnte de ní hamháin go mbeidh an taoide amuigh, ach go mbeidh sé fada amuigh!

2022-04-19

Flóra na Samhlaíochta

Is cuid de mo ghnás (beagnach) laethúil ó thús na paindéime siúl sa choill bheag atá buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orm. Is fear cathrach mé, ach spreagadh mé ag Bitheagsúlacht Éireann agus m'fhonn féin  amharc níos grinne thart orm, aird a thabhairt ar iontais Dé agus an dúlra. Coill measctha is ea an choill, agus deis ag neart bláthanna fás ar urlár na coille. Tá na séasúir uilig feicthe anois agam. Thug mé suntas cheana do Flóra Chorca Dhuibhne  - idir leabhar agus fásra cois bóthair agus ar na cnoic. Táim ag foghlaim liom, agus le déanaí suntas tugtha agam do Lus na gCnapán, Lus na Gaoithe, agus Seamair Choille - uilig faoi bhláth faoi láthair. Tá cumhracht an chreamha sa choill cé nach bhfuil radharc fós ar na bláthanna. 

Ar ndóigh tá Bríd Ní Mhóráin lonnaithe i gCorca Dhuibhne, agus an lusra thart uirthi. Sa chnuasach iontach filíochta seo leanann sí cuireadh ón mBé suntas a thabhairt do na rudaí beaga thart uirthi san ré seo inar chaitheamar ar fad tréimhsí fada sáinnithe gar don mbaile. 

Fíonn sí dánta snasta gleoite as cuma na mbláth agus an mbéaloideas - na íocshláintí a ghabhann le lusanna ar leith. Don foghlaimeoir cathrach seo is mór an ghar go bhfuil na hainmneacha Laidine leis na bláthanna; mar is minic go mbíonn ainm áitiúil nó níos mó ná ainm amháin ar lus.

Tá na léaráidí spéisiúil - píosaí ealaíne origami, gan ach baint scaoilte acu leis na bláthanna atá faoi chaibidil. Ach tá siad go deas.

Agus don té atá fiosrach, tá gluais ann ina bhfuil grianghraf de na bláthanna agus ainmneach Gaeilge, Laidine agus Béarla - áis don té ar mhian leis breis eolais a aimsiú. 

Cnuasach gleoite, a chabhraíonn le hintinn agus anam - spreagadh chun oscailt súil agus suntas a thabhairt do na rudaí beaga áille faoinár gcosa!


Flóra na Samhlaíochta
Bríd Ní Mhóráin 
Foilseacháin Ábhair Spioradálta