Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label athrú aeráide werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label athrú aeráide werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-13

Níl breosla iontaise againn, mar sin réabaimis an nasc.


Maith go leor, tá móin agus roinnt beag gáis againn. Ach tá muid spléach don ola agus gás ar tíortha eile. Tíortha atá luaineach ó thaobh na polaitíochta. Dochrach fiú, mar atá SAM trodach guagach faoi Trump.

Mar sin, fiú mura mbeadh an t-athrú aeráide, tá cúiseanna pragmatacha muid féin a shaoradh ó ceangail le hola.

Ach is beag atá déanta. Tá srianta ar ndóigh ar an méid is féidir a dhéanamh leis an líonra leictreachais go dtí go mbíonn feabhas ar na hidirnascairí leis an mór roinn, atá riachtanach chun cobhsaíocht an líonra a dheimhniú. (Féach an mhír seo maidir leis sin).

Fágann sin srian ar an méid fuinnimh in-athnuaite is féidir a úsáid - is féidir le fuinneamh gaoithe nó gréine athrú ó meandar go meandar ó farasbarr go easpa. Fágann sin riachtanachas go fóill do giniúint gáis, toisc gur féidir lena leithéid an t-ualach a iompar ar bheagán fógra.

Sin, dála an scéil, cúis eile fanacht glan ar chumhacht eitneach! Bheadh gineadóir amháin dá leithéid in ann an dlínse a sholáthar - ach dá mba ghá é a mhúchadh, bheadh an fhadhb chéanna ann. (Thairis sin, níl mo thuairim fadbhunaithe ar an gceist sin athraithe.) 

Mar chuid de réiteach fad téarmach beidh stóráil fuinnimh riachtanach. Tá an cuma air nach bhfuil hidrigin glas ag comhlíonadh a ghealltanas, áfach. 

Caithfear an córas iompair a fheabhsú, agus ní feabhas dáiríre a bheadh i gcarr aonair leictreach a chur in áit charr aonair artola. Leathnú ar iompar phoiblí atá riachtanach, maraon le éascú ar taisteal gníomhach, faoin dtuath chomh maith leis sa chathair. Ciallaíonn sé sin cosáin scartha amach ó trácht eile. 

Agus ní fheicim tairbhe i lárionaid sonraí ach oiread! 

Ach faoin rialtas reatha, in Éirinn agus san Eoraip i gcoitinne, ní fheictear dom go réabfar na geimhlí. 


2026-04-11

Armad ard in crand is móide co mór benaid na gaetha fris.


Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh le breis is fiche bliain anois. Tá stráice coille cois srutháin gar do mo theach, agus taithí agam air le fada. Le roinnt blianta táim ag siúil ann cúpla uair sa tseachtain.
Coill fadbhunaithe atá ann. Tá an crann ar a dtugtar An Bhile Dharach (the mighty Oak) ann ón seachtú céad déag. Tá cuid den gcoill faoi chúram Coillte, a bhfuil a gceanncheathrú agus saotharlann dá gcuid sa choill nó gar dó. Feictear dom go bhfuil an choill measartha nádúrtha seo á fhágáil ina staid nádúrtha acu chomh fada agus is féidir. 

Coill leathandhuilleach atá ann. Bíonn brat bláthanna ann san earrach - bím á dtuairisciú le roinnt blianta tríd aip Bithéagsúlacht Éireann. Bíonn cuid de ina bhrat chreimhe timpeall mí Bealtaine.

Is iomaí crann nasctha ag eidhneán nó táthfhéithleann. 


San fómhair bíonn neart fungas de chineál éagsúla le feiceáil. I measc na n-éan atá feicthe agam ann tá dreoilíní, smólaigh, lonta dubha, scréachóga coille, cnagairí, glasóga liatha, gaibhne dubha. Agus neart coilm coille. 

Tá scata mór ioraí glasa ann, agus fianna agus sionnaigh uaireanta. Tá dallóg fraoigh feicthe agam. Táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile ann nach bhfuil feicthe agam. Bíonn sceithreach frog le feiceáil in áiteanna áirithe san Earrach luath. 

Coill nádúrtha bithéagsúil. 

Ach leis na stoirmeacha fíochmhara le cúpla geimhridh anuas, tá dochar nach bhfaca mé cheana le feiceáil. Crainn arda leagtha, casta, scoilte, réabtha. 

Tuar don dochar a dhéanfadh an t-athrú aeráide.... 


ocus cach airde bias in torad bid trumaide a thuind-seom ac toitim.



2026-04-10

Creimeadh Cósta


Lagthrá rabharta a bhí ann Céadaoin,  4ú Márta. Thapaigh mé an deis siúl fán gcladach ó Bhré go Cill Iníon Léinín ar mo shlí ar obair, ar mhaithe le mo chroí agus i gcoinne maróg. 

Bhíodh cónaí ar mo Nana ar an tSeanchill, agus tá cuimhne agam a bheith ag siúl na trá sna 1970í. Bhí an aill níos faide soir an uair sin, agus mura bhfuil dul amú iomlán orm, bhí an balla cosanta, nach bhfuil fágtha de anois ach smionagar, fós ina sheasamh. 

Ar ndóigh, bhí rian an chreimeadh cósta le feiceáil an uair sin féin. Bhí sean droichid an bóthar iarainn, sular bogadh píosa maith intíre é, le feiceáil. Bhí creimeadh le feiceáil ar na haillte cré. 




Gar do Bhré tá stumpaí crainn ó forais báite le feiceáil. Agus thug mé faoi deara go bhfuil sráidbhaile báite ó na meánaoiseanna luaite ar an léarscáil, amach ón tSeanchill. Longnon. Tá sé léirithe i léarscáil John Speed ó 1610, sular bádh é. Tá rian de le feiceáil le linn lagthrá rabharta. 



Ach mar is léir ó na pictiúir thuas, tá fiacal na mara ag creimeadh na haillte cré ag ráta atá ag dul i méid agus i méid. 

Shamhlóinn go bhfuil tithe faoi bhagairt cheana féin. Beidh cinntí crua le déanamh fad an chósta thoir uilig. Tá an iarnród go fada le Loch Garman faoi bhagairt arís - tá codanna de ar an trá, nach mór ag leibhéal reatha na mara. Agus tá creimeadh cósta ag cuir as dó ag áiteanna fearacht Ceann Bhré, áit a bhfuil conair na hAille dúnta le blianta de dheasca creimeadh cósta. 

Tá oibreacha ar bun, maith go leor. Ach is dóigh liom nach bhfuil i gceist leo sin ach an fhadhb a chur ar cairde. 

Caithfear áiteanna áirithe a thréigean, cinneadh a bheidh deacair. Ach tá iarnród iontaofa riachtanach má tá an athrú treo san iompar le baint amach. D'earraí chomh maith le do dhaoine. Cuan thábhachtach is ea Ros Láir, go háirithe i bhfianaise na Breatimeachta. Agus chun fónamh ar fuinneamh gaoithe amach ó chósta thoir na hÉireann. 




2010-11-30

Blúirín: Ciondáil ar Bhono ar mhaithe leis an aeráid

Cé nach n-aontaím le amhras an scríbhneora seo faoin athrú aeráide, tá a lán den fhírinne aici maidir le cuid den na Fairisínigh seo atá ag iarraidh ualach a cheangail ar droim dhaoine eile ach nach bhfuil ag athrú a saol féin.

2010-02-08

Lón machnamh ó Matt Hussey


Tá an leabhar An Forthéamh Domhanda le Matt Hussey léite anois agam.

An cáineadh ar dtús: is trua nár déanadh cúram níos fearr de leagan amach an leabhar. Níl oiread agus léaráid amháin ann. Téacs reatha ar fad atá ann, le teideal an-fhada ar na codanna. Ní leagtar amach cothromóidí ar bhealach a shoiléiríonn iad.

Nílim iomlán cinnte gurbh gníomhartha daonna amháin is cionsiocair leis an athrú follasach aeráide atá ann. Tá curtha le'm amhras de bharr gníomhartha mí stuama cuid acu siúd atá ag craobhscaoileadh teagasc an "Téamh Domhanda Duine-ginte". Ach tá rud éigin ag tarlú. Agus fiú mura mbeadh, tá cúiseanna maithe caitheamh ar bhealach níos stuama leis na hacmhainní nádúrtha atá againn. Tá a leithéidí déanta cheana, agus léargas san leabhar orthu: chuaigh muid i ngleic san Eoraip leis an truailliú a bhí ag scrios ár gcathracha agus aibhneacha - agus is fearrde muid dá bharr. Monuar, chuir muid roinnt de na fadhbanna thar tonn - go háirithe go dtí an tSín agus an India mar a bhfuil borradh mór faoi déantúsaíocht - ar choinníollacha a bheadh doghlactha againne san Iarthar - ach go bhfuilimid breá sásta teacht i dtí ar na hearraí ar chostas íseal a ghintear dá réir.

Tá eolas sa leabhar faoi na cúinsí a fheictear a bheith leis an athrú aeráide, na tionchair éagsúla, agus na ceisteanna atá le réiteach. Tá plé - a shílim a bheith measartha ionraic - ar cheist chasta na bithbhreoslaí agus na hiarmhairtí neamhbheartaithe a bhí ag socraithe an Iarthar cuir leis na méid bithbhreosla a bhí in úsáid acu - ardú i bpraghsanna beatha, mar shampla.

Tá gné amháin den leabhar nach n-aontaím leis. Dar leis go bhfuil ceangal idir ardú daonra agus ardú astacháin. Ach níl an ceangal sin ann. Tá fás thar chuimse, mar shampla, ar astacháin na Síne - ainneoin polasaí docht "aon linbh" atá ag cothú fadhbanna dóibh. Tá titim ar dhaonra an Iarthair, go hairithe an daonra dúchasach san Eoraip - ach mar is léir ón léaráid thuas, is san Iarthar atá an fhadhb is mó le hastacháin.

Cinnte, mar a thagann forbairt chun cinn san gcuid eile den Domhan, beidh úsáid acmhainní níos mó ansiúd freisin - ach má thagann muid ar freagraí cliste ar na dúshláin, ba cheart go mbeadh muid in acmhainn cúinsí beatha a fheabhsú abhus agus thall, gan cur leis na deacrachtaí atá againn.

Agus tá dóchas agam gurbh amhlaidh a bheidh, cé go mbeidh sé mall agus is cinnte go mbeidh tubaistí ar an mbóthar ann.

Tríd is tríd is achoimre maith ar an gceist leabhar Matt, agus tagairtí ann do cáipéisí eile chun dul níos doimhne sa cheist. Is fiú é a léamh.



An Forthéamh Domhanda
Matt Hussey
Coiscéim 2009
136 lth.

Íomhá: Astacháin CO2 per capita. Beagán as dáta - tá an tSín agus an India ardaithe go mór le blianta beaga anuas, cé go bhfuil an ráta per capita fós i bhfad níos ísle ná san Iarthar.

2008-04-11

Inimirceach eile

(Éigrit bheag - íomhá ó Wikimedia Commons)

Feicim na héin seo go minic ar mo thuras laethúil fá chósta Bhaile Átha Cliath. Ní fhaca riamh iad agus mé ag fós aníos, ach ó d'fhill mé ar Éirinn feictear dom go bhfuil siad éirithe coitianta beagnach.

Feictear dom go bhfuil an Corr Éisc ar eirí ana choitianta chomh maith.