Tá cónaí orm i mBaile an Chinnéidigh le breis is fiche bliain anois. Tá stráice coille cois srutháin gar do mo theach, agus taithí agam air le fada. Le roinnt blianta táim ag siúil ann cúpla uair sa tseachtain.
Coill fadbhunaithe atá ann. Tá an crann ar a dtugtar An Bhile Dharach (the mighty Oak) ann ón seachtú céad déag. Tá cuid den gcoill faoi chúram Coillte, a bhfuil a gceanncheathrú agus saotharlann dá gcuid sa choill nó gar dó. Feictear dom go bhfuil an choill measartha nádúrtha seo á fhágáil ina staid nádúrtha acu chomh fada agus is féidir.
Coill leathandhuilleach atá ann. Bíonn brat bláthanna ann san earrach - bím á dtuairisciú le roinnt blianta tríd aip Bithéagsúlacht Éireann. Bíonn cuid de ina bhrat chreimhe timpeall mí Bealtaine.
Is iomaí crann nasctha ag eidhneán nó táthfhéithleann.
San fómhair bíonn neart fungas de chineál éagsúla le feiceáil. I measc na n-éan atá feicthe agam ann tá dreoilíní, smólaigh, lonta dubha, scréachóga coille, cnagairí, glasóga liatha, gaibhne dubha. Agus neart coilm coille.
Tá scata mór ioraí glasa ann, agus fianna agus sionnaigh uaireanta. Tá dallóg fraoigh feicthe agam. Táim cinnte go bhfuil ainmhithe eile ann nach bhfuil feicthe agam. Bíonn sceithreach frog le feiceáil in áiteanna áirithe san Earrach luath.
Coill nádúrtha bithéagsúil.
Ach leis na stoirmeacha fíochmhara le cúpla geimhridh anuas, tá dochar nach bhfaca mé cheana le feiceáil. Crainn arda leagtha, casta, scoilte, réabtha.
Tuar don dochar a dhéanfadh an t-athrú aeráide....
ocus cach airde bias in torad bid trumaide a thuind-seom ac toitim.