Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-09

Ollríomhaire i mo phóca


Mura bhfuil mo chuimhne ag imirt bob orm, is ag clárú ríomhaire mar atá thuas a thosaigh mé amach. Ríomhaire 16 giotán le clog roinnt MHz. Braitheann an líon treoir in aghaidh an soicind ar féidir leis an ríomhaire próiseáil ar an gclog céanna. Treoir in aghaidh an bhuille, go hiondúil. Bhí cuimhne 640 KB ag an ríomhaire.

Ar an gléas atá seo á scríobh agam, fón póca (nach ndéanaim glaoch leis ach go hannamh) tá 6 GB cuimhne. Tá 9 ríomhaire: CPU: 2x 2.4 GHz ARM Cortex-A78. 6x 2.0 GHz ARM Cortex-A55 agus GPU (ríomhaire ar leith do grafaicí, optamaithe chuige sin) : ARM Mali-G68. Tharlódh go bhfuil níos mó CPU ná sin ann, sa mhéid is go bhfuil ceamara agus braiteoir GPS ann. 

Sin neart cumhacht próiseála. De bhrí gur ríomhairí ilfheidhmeach iad, tá an dúrud aip ar féidir leo tairbhe a bhaint as. Bainim féin feidhm as mar seinnteoir ceoil, chun éisteacht le ceol agus podchraoltaí. Mar cheamara, gan amhras. Chun siúlóidí a thaifead agus a phleanáil le hiiker.app. Tá leabharlann agam air - cnuasach Bíobla san áireamh. Mar bhrabhsálaí. Chun blagáil agus mionbhlagáil. Mar cheap nótaí. Mar fhéilire. Chun amharc ar fhíseáin - nó iad a theilgeadh ar an teilifís. Bainim feidhm as cluasáin Bluetooth. Agus tá tréan rudaí eile go bhféadfadh mé a dhéanamh. Agus chun taisteal a bhainistiú is íoc as! 

Sin neart feidhm as gléas ar féidir liom é a iompar thart, nach bhfuil oiread sin níos mó ná mo dhearna, agus é sin féin toisc go bhfuil scáileán inléite de dhíth. Agus cadhnra.

Is féidir é sin ar fad a bhaint amach toisc gur féidir bogearraí iomadúla a chur ag feidhmiú ar ríomhaire ilfheidhmeach. 

Bhí baint agam féin ar feadh seal le bogearraí don fón - seinnteoir MP3, ionchódú gutha don glaoch teileafóin, agus braiteoir GPS. Sin beagnach ceathrú céad ó shin anois.

Tá an athrú i gcumhacht agus cuimhne ó thosaigh mise amach ag obair le bogearraí sna 1990í éachtach. Ach tá crapadh toisí na crua earraí níos éachtaí fós.

Deirtear go bhfuil deireadh ag teacht leis an feabhas leanúnach a bhí ann agus a chuireann Dlí Moore síos air.

Tá srian leis an crapadh sin, dar ndóigh - méid na hadamh! Ach tharlódh go bhfuil fionnachtana eile le déanamh a chuirfidh leis forbairtí.

Bhí orainn fadó a bheith airdeallach chun go mbeadh an méid a bhí le déanamh ag an ríomhaire indéanta laistigh de teorainn ama agus cuimhne. Bhí optamú le déanamh. Dearadh airdeallach ar mhaithe le héifeachtúlach. 

Níl na teorann céanna ar ríomhchláraitheoirí anois, lasmuigh den réimse bogearraí neadaithe. (Agus tá a lorg sin ar roinnt feidhmchlár atá tite chun cuimhne, agus mall.)

Tharlódh áfach, má thagann moilliú ar chumas crua earraí, go mbeidh glaoch arís ar dearadh cúramach agus optamú.