Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-11

Earrach na nÉigise

Le cúpla bliain anuas táim ag freastal ar na hócáidí Gaeilge nó ina bhfuil Gaeil páirteach atá mar chuid buan den Fhéile litríochta Franc-Éireannach. Féile ina raibh a ionad ag Éigse Gaeil ó thús. Agus tá tionchar na Fraince agus an francophonie  ar éigse Gaeil ann níos faide - macallaí filíocht na Trobadour i ndánta grá cúirtéiseach na Gaeilge, mar shampla amháin.

Tráthúil mar sin go raibh Ailbhe Ní Ghearbhuigh páirteach, file agus scoláire a bhain PhD amach ar an ábhar 'An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922'. 

Tá eagraíocht sa Fhrainc ar a dtugtar Le Printemps des Poètes (Earrach na nÉigise ). Duine den eagraíocht sin a bhí i mbun léamh filíochta le beirt Éireannach - Ailbhe agus Cúán de Búrca (atá níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin).

Gaeilge / Fraincis agus aistriúchán Béarla a thug an bheirt ban don lucht féachana. Ach níor chuir Cúán aistriúchán ar bith ar fáil (rud a bheadh ionann is dodhéanta dá chuid spraoi le fuaimeanna na bhfocal, dar liom).

Mar sin fágadh iadsan gan Ghaeilge taobh leis an gceol

Chuala sé an ceol i gcainteanna Dhún Chaoin,
Ní hiad na focail. ach an fonn
A ghabhann trí bhlas is fuaimeanna na Mumhan,
An ceol a chloiseann an strainséir:
Ceol ceantair
Ná cloiseann lucht a labhartha,
Ceol nár chualasa riamh,
Toisc a ghiorracht dom is bhí.
Is mé bheith ar adhastar ag an mbrí

Ceol a chloistear fós sa Mhumhain.
Fiú in áiteanna 'nar tréigeadh an chanúint.

Seán Ó Ríordáin. Línte Liombó, 1971.

 Ceantair eile is dúchas do Chúán áfach, agus ré eile. Ach fáisceán sé filíocht foclach fuaimneach as an ré sin, saol aosa óig ár linne. Mheall an chathaoirleach ceol as freisin, an rap ar a sinsir Normannach Níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin (ag teacht chuig ardán sruthaithe gar duit go luath!).

Sna dánta i Tonn teaspaigh is í an máithreachas bé Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Léigh sí cuid de na dánta sin maille aistriúchán le filí eile go Béarla. Bhí roinnt plé ar na difríochtaí i gcuir chuige na filí aistritheoirí, duine acu in aontíos léi... 

Thug Adeline Baldaccino dán fada dúinn faoi éirí nocht roimh a hanam agus ag ullmhú go cúramach, aghaidh fidil thar aghaidh fidil, don saol. 

Ailbhe faoi agallamh ag Éamon Ó Ciosáin ab ea an dara ócáid, as Gaeilge seachas blúiríní Béarla nó Fraincise (Bhí sciar den lucht féachana gan Gaeilge). Plé níos doimhne ar théamaí agus teanga, dánta á léamh mar a d'oir. Ina measc triptych dánta spreagtha ag spéis agus eolas a hiníne ar miotaseolaíocht na Gréige (nach bhfuil gann ar théama an máithreachais!). 

Ag freagairt ceiste faoi tagairtí ón dtraidisiúin ina dánta dúirt Ailbhe "Bheadh sé chomh maith agat bheith ag scríobh as Béarla [mura bhfuil tú ag tarraingt as traidisiún na Gaeilge]". 

Spéisiúil go leor dúirt sí gur túisce a thagann filíocht chuci i bhFraincis ná as Béarla, mar sin tá dán nó dhó da cuid aistrithe go Fraincis aici. Ach as Béarla cuireann sí lomaistriúchán ar fáil mar crib do na filí (má tá gá acu leis). Agus ní léi an toradh, dar léi, ach leo. 

Ábhar machnaimh agus spreagtha!