Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-26

Politisch Verfolgte genießen Asylrecht.


Dlitear tearmann do dhaoine atá faoi ghéarleanúint pholaitiúil. 
Alt 16a(1) de Bhunreacht na Gearmáine, a scríobhadh le taithí an Tríú Reich nuair a bhí ar go leor teitheadh, agus neart eile nár éirigh leo teitheadh, nó ar tháinig an géarleanúint sa tóir orthu. (Ar an ndrochuair, tá neart "ach" curtha leis ó shin.)

Úrscéal le Remarque Liebe deinen Nächsten (Bíodh grá agat do'd comharsa) atá díreach críochnaithe agam ar aip an Goethe Institut a mheabhraigh arís dom é.

Scéal lonnaithe san tréimhse reamhchogaidh san Eoraip, agus Giúdaigh agus daoine eile a bhí faoi ghéarleanúint pholaitiúil á bhrú amach an Reich. Ach iad gan páipéirí. Á mbrú thar teorainn idir an tSeic, an Ostair, an Eilvéis ach tearmann áirithe sa Fhrainc. Scéal grá mar snáithe tríd, agus laochra an scéil Ludwig Kern, arbh Giúdach a athair, agus Ruth Holländer ag trasnú na hEorpa, seal le chéile, seal scartha. Tréimhsí i ngéibhinn. Tréimhsí tinn. An pobal siúlach Emigranten (Deoraithe) ag múineadh cleasa dá chéile agus ag tacú le chéile - ach scataí fealltóirí ina measc. Agus idir fealltóirí agus lucht cúnamh i measc an phobal. Eagraíochtaí neamhstáit ag cuidiú. Aitheantas sealadach le fáil uaireanta, faoi chúinsí Kafkach - ádh inniu, tubaiste amárach. Péas atá díograiseach, patuar nó cabhrach. 

Bhí taithí ag Remarque féin ar an saol seo, mar is léir ón gcáipéis thuas - cáipéis aitheantas ó rialtas Phanama.

Der Pass ist der edelste Teil von einem Menschen. Er kommt auch nicht
auf so eine einfache Weise zustande
wie ein Mensch.
Ein Mensch kann überall zustande kommen,
auf die leichtsinnigste Art und ohne gescheiten Grund, aber ein Pass niemals.
Dafür wird er auch anerkannt, wenn er gut ist,
während ein Mensch noch so gut sein kann
und doch nicht anerkannt wird.
Bertolt Brecht
Flüchtlingsgespräche 1940/41

An chuid is uaisle den duine an Pas. Ní thagann ann dó ar bhealach chomh simplí agus a thagann an duine. 
Is féidir don duine teacht ann áit ar bith, ar an mbealach is fánaí agus gan cúis mhaith. Ní hamhlaidh riamh do phas. 
Ach aithnítear pas, má tá sé maith. Is cuma cé chomh maith is a bhíonn duine, uaireanta ní aithnítear é. 

Tá gluaiseacht na bpobal teifeach faoi lán seoil arís. Agus is beag atá athraithe seachas beagán soiléire bheith curtha leis an dlí.