Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-11

Ní bás, ach athfhás


Ócáid teaghlaigh agus cairdis is ea sochraid, fiú nuair is sochraid file mór le rá, ag a freastalaíonn an Uachtarán, atá i gceist.

Bhí mé i measc an tslua in Eaglais Phádraig agus muid ag fágáil slán le Gabriel Rosenstock le deasghnátha na hEaglaise Caitlicí (chuir sé beagán iontais orm nuair a dúirt sé sa chlár sin le Tristan gurb Caitliceach é. Shíl mé go raibh a spéis i mBúdachas dulta chomh fada le hathrú creidimh).

Sheas mé lasmuigh go dtí gur tháinig an eileatram, a nuachar agus a chlann agus garchlann ag siúil go dobrónach laistiar. Conair simplí caolaigh a d'iompar a chlann isteach san eaglais. 

Roimh tús an Aifrinn thug a garchlann siombail chun na haltóra, a iníon Héilean á míniú. 

  • Leabhar do leanaí a scríobh sé Púcaí Schmúcaí 
  • Leabhar a d'aistrigh sé, arís do pháistí Míofaí
  • Bosca pinn. N'fheadar cá mhéid peann a d'fholmhaigh Gabriel lena linn. 
  • Teidí Ghandi agus an leabhar Walk with Ghandi - bóthar na Saoirse
  • Sliogán Conch a shéid Gabriel agus luaithreach a iníne Éabha á scaipeadh aige san India. 
  • Hata taistil agus scríbhneoireachta. 
  • Keffiya, ag seasamh leis an dlúthpháirtíocht a bhí aige do na Palaistínigh agus dreamanna eile (agus a léirigh sé go minic i ndánta a rinne aor ar lucht cos ar bolg, agus freisin in aistriú dánta dá gcuid). 
Ba iad na léachtaí céanna a léadh ag sochraid Éabha ann freisin. 
Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost. Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Is iomaí áras i dteach m'Athar. 
 
Sliocht a luaigh Gabriel féin ina agallamh le Tristan. Sleachta dóchasacha. 
 
Ag deireadh an Aifrinn d'aithris Saffron an dán úd  
Teilifís

Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi.
An féidir argóint le beainín
Dhá bhliain go leith?
Síos linn le chéile
Níor bhacas fiú le gléasadh
Is bhí an seomra préachta.
Gan solas fós sa spéir
Stánamar le hiontas ar scáileán bán.
Anois! Sásta?
Ach chonaic sise sneachta
Is sioráf tríd an sneachta
Is ulchabhán Artach
Ag faoileáil
Os a chionn

 Agus ansin thug Tristan aitheasc dhá theangach den scoth faoina athair. Greann, dóchas agus dólás. 
 
Teaghlach ag roinnt grá , brón agus gean linn uilig . 
 
Ar dheis Dé go raibh Gabriel , agus go bhfaighe a chlann sólás .  

 

 Tá an searmanas le feiceáil anseo