Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-04-07

Aineolas ar Chríost is ea aineolas ar na scrioptúir ~ Iaróm


Tá sé de chlú - nó bhíodh - de cháil ar Chaitlicigh nár léigh siad na scrioptúir. Is iad lucht an Reifirméisin a thosaigh athuair ar na scrioptúir a chur i dteangacha na ndaoine, seachas Laidin na hEaglaise. Ar ndóigh Vulgata a tugtar ar aistriúchán Iaróm ar an mBíobla. Toisc go raibh sé i gcaint na ndaoine an uair úd....

Is cinnte go raibh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach amhrasach faoi sola scriptura Liútar. Faoin duine aonair a bheith ag léirmhíniú na scrioptúir gan beann ar traidisiún ná gairm teagaisc na hEaglaise. Mar sin níor cuireadh i dteanga na ndaoine leagan údaraithe ar feadh i bhfad. Ar ndóigh, éinne a raibh léann air, bheadh ar a chumas an Vulgata a léamh.
Nuair a chrom Luther ar Ghearmáinis a chuir ar an mBíobla (agus as sin leag síos caighdeán scríofa na Gearmáinise!) bhain sé feidhm don sean tiomna as an Bíobla a bhí ag Giúdaigh a linne sa Ghearmáin. Ina raibh roinnt leabhar atá san Septuagint - aistriúchán go Gréigis - ar lár. (De réir an tseanchais d'aistrigh seachtó scoláire faoi seach agus neamhspleách ar a chéile an Septuagint. Ach bhí gach aistriúchán ag teacht le chéile). D'fhág sin agus roinnt difríochtaí eile go raibh leagan Luther, a lean Protastúnaigh eile, gan a bheith ag teacht le tuiscint na hEaglaise Caitlicí. 

Abhus chuir an tEaspag Uilliam Bedell, Sasanach agus Piúratánach, an Sean-Tiomna a thiontú go Gaeilge. Ina dhiaidh sin aistríodh na Soiscéil agus bhí "Bhíobla Bhedell" i gcló. 

Chuir roinnt daoine thar na blianta Gaeilge ar na Soiscéil, ina measc an tAthair Peadar

I 1981 foilsíodh Bhíobla Mhá Nuad, faoi stiúir ár Iaróm féin, Pádraig Ó Fiannachta. Foilsíodh imleabhair éagsúla roimhe sin. 

Maidir liom féin, bheadh eolas áirithe ar an mBíobla agam ó bheith ag éisteacht Aifrinn. Agus gan amhras ó leaganacha do Pháistí. Leabhair Bhríd Uí Loingsigh, abair. Níl mé baileach cinnte an raibh an Bíobla do pháistí againn agus mé óg. Fuair mé do mo chlann é. 
Bhí Bíobla Benvenuti, ceann maisithe agam. Tá sé fós i mo l-spás áit éigin. 



Tá cóipeanna de Bhíobla Mhá Nuad - crua agus bog ansiúd freisin. Tá siad amscaí le n-úsáid. Tá chomh maith roinnt Bíobla as Gearmáinis. Ceann le léaráidí dubha agus bána ina measc, leagan Liútar. 

Ach le blianta beaga anuas tá aip ar mo ghuthán inar féidir liom an iliomad leagan den mBíobla a léamh, leagan Bhedell agus Bíobla Mhá Nuad ina measc. Agus tá I bhfad níos mó léite agam dá réir, na leabhair nach mbaintear oiread úsáid astu sa liotúirge ina measc. 

Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.
Salm 119:27

Tar éis leathchéad bliain ag éisteacht Aifreann Domhnach agus uaireanta dálach, tá an dúrud nathanna ón mBíobla neadaithe i mo chuimhne, as Béarla go hiondúil. Ní bhíonn leabhar, caibidil agus véarsa agam áfach. Ach is furasta é a ghúgláil agus ansin an nath as Gaeilge a aimsiú - agus a scaipeadh ar na meáin shóisialta.