Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label bíobla werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label bíobla werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-07

Aineolas ar Chríost is ea aineolas ar na scrioptúir ~ Iaróm


Tá sé de chlú - nó bhíodh - de cháil ar Chaitlicigh nár léigh siad na scrioptúir. Is iad lucht an Reifirméisin a thosaigh athuair ar na scrioptúir a chur i dteangacha na ndaoine, seachas Laidin na hEaglaise. Ar ndóigh Vulgata a tugtar ar aistriúchán Iaróm ar an mBíobla. Toisc go raibh sé i gcaint na ndaoine an uair úd....

Is cinnte go raibh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach amhrasach faoi sola scriptura Liútar. Faoin duine aonair a bheith ag léirmhíniú na scrioptúir gan beann ar traidisiún ná gairm teagaisc na hEaglaise. Mar sin níor cuireadh i dteanga na ndaoine leagan údaraithe ar feadh i bhfad. Ar ndóigh, éinne a raibh léann air, bheadh ar a chumas an Vulgata a léamh.
Nuair a chrom Luther ar Ghearmáinis a chuir ar an mBíobla (agus as sin leag síos caighdeán scríofa na Gearmáinise!) bhain sé feidhm don sean tiomna as an Bíobla a bhí ag Giúdaigh a linne sa Ghearmáin. Ina raibh roinnt leabhar atá san Septuagint - aistriúchán go Gréigis - ar lár. (De réir an tseanchais d'aistrigh seachtó scoláire faoi seach agus neamhspleách ar a chéile an Septuagint. Ach bhí gach aistriúchán ag teacht le chéile). D'fhág sin agus roinnt difríochtaí eile go raibh leagan Luther, a lean Protastúnaigh eile, gan a bheith ag teacht le tuiscint na hEaglaise Caitlicí. 

Abhus chuir an tEaspag Uilliam Bedell, Sasanach agus Piúratánach, an Sean-Tiomna a thiontú go Gaeilge. Ina dhiaidh sin aistríodh na Soiscéil agus bhí "Bhíobla Bhedell" i gcló. 

Chuir roinnt daoine thar na blianta Gaeilge ar na Soiscéil, ina measc an tAthair Peadar

I 1981 foilsíodh Bhíobla Mhá Nuad, faoi stiúir ár Iaróm féin, Pádraig Ó Fiannachta. Foilsíodh imleabhair éagsúla roimhe sin. 

Maidir liom féin, bheadh eolas áirithe ar an mBíobla agam ó bheith ag éisteacht Aifrinn. Agus gan amhras ó leaganacha do Pháistí. Leabhair Bhríd Uí Loingsigh, abair. Níl mé baileach cinnte an raibh an Bíobla do pháistí againn agus mé óg. Fuair mé do mo chlann é. 
Bhí Bíobla Benvenuti, ceann maisithe agam. Tá sé fós i mo l-spás áit éigin. 



Tá cóipeanna de Bhíobla Mhá Nuad - crua agus bog ansiúd freisin. Tá siad amscaí le n-úsáid. Tá chomh maith roinnt Bíobla as Gearmáinis. Ceann le léaráidí dubha agus bána ina measc, leagan Liútar. 

Ach le blianta beaga anuas tá aip ar mo ghuthán inar féidir liom an iliomad leagan den mBíobla a léamh, leagan Bhedell agus Bíobla Mhá Nuad ina measc. Agus tá I bhfad níos mó léite agam dá réir, na leabhair nach mbaintear oiread úsáid astu sa liotúirge ina measc. 

Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d'iontais.
Salm 119:27

Tar éis leathchéad bliain ag éisteacht Aifreann Domhnach agus uaireanta dálach, tá an dúrud nathanna ón mBíobla neadaithe i mo chuimhne, as Béarla go hiondúil. Ní bhíonn leabhar, caibidil agus véarsa agam áfach. Ach is furasta é a ghúgláil agus ansin an nath as Gaeilge a aimsiú - agus a scaipeadh ar na meáin shóisialta. 

2026-04-04

Tá sé éirithe

(Richard King, dalta le Harry Clarke. Séipéal San Iósaef, Tír an Iúir) 

Quid quæritis viventem cum mortuis ? non est hic, sed surrexit. 

https://bible.com/bible/823/luk.24.5-6.VULG
 An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.  Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” 



Regina Caeli

Deirtear in ionad Fáilte an Aingil in aimsir na Cásca

R: Déan gairdeas, a Bhanríon na bhflaitheas, Alleluia,

F: Óir an Té arbh fhiú thú é a iompar, Alleluia.

R: D’aiséirigh sé mar a dúirt, Alleluia,

F: Guigh orainn chun Dé, Alleluia.

R: Bíodh áthas agus gairdeas ort, a Mhaighdean Mhuire, Alleluia,

F: Óir d’éirigh an Tiarna go fíor, Alleluia.

Guímis: A Dhia, arbh é do thoil áthas a chur ar an domhan trí aiséirí do Mhic, ár dTiarna Íosa Críost, tabhair dúinn, impímid ort, trí idirghuí na Maighdine Muire, a Mháthair, go bhfaighimid gairdeas na beatha síoraí. Tríd an Chríost céanna, ár dTiarna. Áiméan


2017-02-05

Susanna

Tá mo mhac ag dul do chéim san cheoil, agus mar chuid de tá sé ag dul don cantaireacht Opera. Bhí muid i láthair (ar éigin - d'fhág muid an-mhall é ticéid a iarraidh) aréir nuair a chuir an coláiste Susanna Handel i láthair i Scoil na mBuachaillí in Amharclann Smock Alley.

Sa chór a bhí Fionn - bhí sé ina aisteoir ionaid ar dhá ról eile ach ní bhfuair sé a dheis an uair seo.

Scéal ársa faoi dhrúis agus cumhacht atá i gceist le Susanna - scéal atá sa Bhíobla i 13ú caibidil Dainéil. Sa Bhablóin sa deoraíocht atá scéal Dainéil lonnaithe; lonnaigh an feisteas a bhí sa dráma an scéal i schtetl Oirthear na hEorpa san 19ú aois - suíomh sóisialta a bheadh gar don bunleagan; pobal faoi daoirse ach roinnt acu acmhainneach.

Lánúin óg nuaphósta sona lúcháireach, ach caithfidh an fear dul ar aistear. Imní agus uamhan ar a bhean, ach leanann an saol ar aghaidh. Cor ina cinniúint nuair a lasann beirt seanóir i ndrúis léi, agus déanann comhcheilg len í a mhealladh dá dheoin nó dá ainneoin - ag bagairt uirthi go gcúiseofar í i ndrúis le hógánach mura ngéilleann sí dóibh. Ní ghéilleann agus ciontaítear í de bharr fianaise éithigh na seanóirí. Go dtí go dtagann ógánach an slí - Dainéil - agus aithníonn an cluiche corr atá á imirt. Éiríonn leis an éitheach a nochtadh trí an dá sheanóir a cheistiú ar seach agus á fianaise ag teacht salach ar a chéile.

Bhí an ceol fíor mhaith - cumhachtach. Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm orm go háirithe ná an aisteoireacht. Go háirithe duine den na seanóirí (Oisín Ó Dálaigh) a rinne ionchollú fíor éifeachtach ar olc Meifisteolach - ag gríosú a chomhsheanóir (Matthew Mannion) sna gníomhartha táire - ag stánadh go drúisúil, nimh ina chroí.

Sháraigh Súsanna (Amy Ní Fhearraigh) é áfach - lúcháireach soineanta ag an tús, diongbháilte le linn an ionsaí uirthi - a imríodh mar éigniú ach gur chuir an pobal isteach air. Diongbháilte láidir le linn na trialach, fios aici í bheith gan locht i súile Dé fiú má bhí sí tréigthe ag daoine.

Ach an rud a chuaigh i bhfeidhm dáiríre orm ná a hiompar tar éis do Dainéil í a ghlanadh sa chúirt - seachas caithréim is amhlaidh a bhí sí briste ag a taithí; eagla agus cúthail tagtha in áit an lúcháir soineanta a bhí roimhe; a caidreamh lena nuachar (Martha O'Brien) agus a hathair (Jakob Mahese) gonta ainneoin a ndícheall siúd.

Bhí ana ghuth ag an té i ról Dainéil (Catherine Donnelly) agus cumas maith aisteoireachta freisin, ach gan an scóip céanna aici toisc gan í bheith i láthair ach ar feadh deireadh an cheoldráma.

Bhí iompar an phobal imeartha go maith freisin - léiriú ar an gcaoi gur féidir le cúpla guth an slua a chasadh bealach amháin nó bealach eile. Go fiú cairde Súsanna, a thuig cuid den scéal, ina dtost de bharr sceimhle roimh údarás.

Bhí blas searbh na fírinne ar an cur i láthair; seachas gur annamh a thagann Dainéil chun breithiúnas a thabhairt san fíor saol.

Cuidíonn ceol agus amhráin leis an scéal mothúchánach seo a chuir ina luí ar an lucht féachana. I bhfianaise gur fó-chéimithe ollscoile agus dornán atá i mbun máistreacht an chliar, ba chumhachtach an taispeántas a bhí ann.

Tá sé na blianta ó bhí mé ag ceoldráma - níl siad fairsing anseo, agus go deimhin ní dócha go mbeidh éinne den chliar ar mian leo dul chun cinn sa ghairm sin lonnaithe go buan in Éirinn - mór an trua.

Ealaíon éifeachtach atá ann.

2014-12-04

Ag Timireacht ar líne!

Táim i mo shíntiúsóir de chuid an Timire le traidhfil blianta, agus anois is arís tugaim lámh chúnta do na saorálaithe a bhíonn ag obair ar an Timire ⁊ ar leabhair de chuid Foilseacháin Ábhar Spioradálta - a bhfuil dornán dá leabhair ar mo leabhragáin freisin.

Sé an Timire an iris is sine as Gaeilge atá á fhoilsiú go leanúnach - eagrán gach ráithe ó 1911! Bíonn lón mhachnamh ann i gcónaí, idir ailt a scríobhadh dó agus ábhair aistrithe dó. Tá réimse leathan tuairimíochta ann - tá ailt léir agam a scríobh Joe Higgins, Trevor Ó Clochartaigh agus Rónán Mullen - clúdaíonn sin réimse leathan i bpolaitíocht na hÉireann! (Léiríonn freisin an rud a dúirt an Pápa nuair a fiafraíodh de an Daonlathaí Sóisialach é - go bhfuil lipéid mar míchuí, go chúngaíonn siad duine agus creideamh)

Bíonn stair, cráifeacht agus urnaí sna leabhair ó FS (bhí siad ró mhall ag glacadh seilbh ar an mbranda FÁS).

Aréir seoladh suíomh nua idirlíne agus athchló de leabhar thar a bheith tábhachtach - "An Bíobla do Pháistí"

Oíche thar a bheith taitneamhach a bhí. ann i Halla Foras na Gaeilge cé nach mór dom a admháil gur beag duine níos óige ná mé a bhí ann! (Tá sé i gceist ócáid eile a bheith ann amach anseo ag am oiriúnach do leanaí)

Chuir Máire Breatnach, Mick O'Brien agus muintir Mac Cába tús leis an oíche le roinnt ceoil. (Bhí mac liom ceapaithe seinm ach ghlac sé an seanfhocal úd faoi lúidín an phíobaire a bhíonn díomhaoin ró dháiríre, agus bhris an lúidín rud a chuir as an áireamh é)

B'í Bláthnaid Ní Bhrádaigh Bean an Tí, ag sníomh na míreanna le chéile go cliste.

Ray Mac Mánais is mó a labhair, cainteoir spreagúil a thug léargas cuimsitheach ar an suíomh agus a rinne ana chaint ar an mBíobla, le scéalta barrúla fite fuaite faoina thábhacht don creidmheach óg. (Fonn orm roinnt dá scéalta a reic. Amach anseo, seans).

D'aithris Aideen Mac Bride scéalta ón mBíobla. scéalta a insíonn sí ar scoil i mBaile Munna, bunaithe ar an leabhar a bhí á sheoladh - aistriúchán a rinne Donla Uí Bhraonáin sna 1980í ar "Lion Children's Bible". Buntáiste leis an gcur chuige sin ná go mbíonn na léaráidí ann; bhí Lion ag déanamh scata aistriúcháin an uair úd agus bhí na téacsanna le cuir sa leagan amach céanna. Bhí Donla ag rá go ndeirtear go mbíonn an Ghaeilge 11% níos faide más próis atá i gceist le hais an Béarla; gur fhág sin go raibh uirthi bheith gonta. Mar a tharlaíonn sé, tá cóip den gcéad cló agam a fuair mé (sílim) i siopa dara láimhe uair éigin. Tig liom dearbhú go raibh toradh a saothar fónta, fileata nádúrtha.

An Bíobla fotha saol an Chríostaí ar ndóigh; is ann a chuirtear aithne ar Íosa agus Dia. Deirtear go bhfuil an Tiomna Nua folaithe san sean Tiomna; agus an Sean Tiomna nochtaithe san Tiomna Nua. Tá réimse scéalta ón dá thiomna anseo agus iad feiliúnach don aois ghrúpa. Tá feidhm bainte agam astu cheana le'm iníon. (Ní raibh an leabhar agam agus mo mhic san aois cheart)

Fiú don ainchreidmheach tá tuiscint ar an mBíobla tábhachtach i gcultúr an Iarthar - is iomaí meafar as atá fite fuaite sa chaint. is fíor nach bhfuil an Bíobla chomh lárnach i litríocht na Gaeilge is atá sa Bhéarla nó sa Ghearmáinis, áit ar mhúnlaigh aistriú an Bhíobla an teanga scríofa.

Mar sin féin, sa bhreis ar an creideamh, is cuid de oidhreacht cultúrtha an Iarthair ar Bhíobla.

Is breá liom mar sin fáil éasca a bheith arís ar an eagrán seo!

2011-12-19

sit anima mea cum bedello

Sciobtha le caoinchead as r-phost de chuid Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Cumann Gaelach na hEaglaise
Scoth na Leabhar


Buíochas d’fhear as Essex as an chéad leagan Gaeilge don Bhíobla

Foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den Sean-Tiomna in Éirinn i 1685. A bhuíochas sin d’fhear as Essex! Ba é an tEaspag Uilliam Bedell, Easpag na Cille Móire de chuid Eaglais na hÉireann, a bhí i mbun an aistriúcháin. Tháinig sé go hÉirinn nuair a bhí sé sna caogaidí agus ní raibh focal Gaeilge aige. Bhí sé mar Phropast ar Choláiste na Tríonóide tráth dá raibh. De réir leabhar Risteaird Giltrap, scríobh sé litir a rá ‘gurbh é an chéad rud a bhí le déanamh aige in Éirinn ná tuiscint a fháil ar teanga na tíre’. Tá an Bíobla seo, ‘Bíobla Bhedell’ mar chuid den taispeántas atá ar siúl sa lusca in Ardteampall Chríost i mBaile Átha Cliath.
Tá an taispeántas seo, “Scoth na Leabhar”, ag ceiliúradh 400 bliain ó fhoilsiú Leagan Údaraithe an Bhíobla, nó Bíobla Rí Séamas (mar a thugtar air chomh maith) i 1611. Ócáid shuntasach ba ea foilsiú Bhíobla Rí Séamas. Cheap an Rí Séamas ceithre scoláire is daichead chun cabhrú leis an aistriúchán. Bhain na haistritheoirí leas as gach bun-fhoinse a raibh fáil orthu chomh maith le haistriúcháin Bhíoblaí Tyndale, Coverdale, na Ginéive, mar aon le haistriúchán Caitliceach Rheims ar an Tiomna Nua, a cuireadh le chéile i 1582. Mhol Jonathan Swift é nuair a scríobh sé gurb é ‘an t-aon sárshaothar liteartha a chuir coiste ar fáil riamh’!
Tá an t-eolas seo agus tuilleadh ar fáil ag an taispeántas. Tá leagan Gaeilge den Chatalóg ann agus tá na painéil go léir dátheangach. B’fhiú an t-atmaisféar sa lusca a bhlaiseadh! Tá bialann ann freisin. Tá an taispeántas ar siúl gach lá idir anois agus deireadh mhí Eanáir.

Tuilleadh eolais: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil: 085 1632 772

Cúlra
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun
(1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile,
(2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais,
(3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus
(4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/

2010-09-22

Maois, an muir agus na hEolaithe

Trasnú an Mhuir Rua le Mashtots, 1266. Ón gnáth foinse.
Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. Le ham faire na maidine, d’fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d’fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.
(Eax 14:21-29)


Tá scéal i go leor de na meáin inniu go bhfuil eolaithe tar éis an eachtra seo a "mhíniú". Scéal measartha rialta atá ann go bhfuil seo nó siúd ón mBíobla "mínithe" - an eachtra seo ach go háirithe, agus níl mé cinnte cén tátal atá á bhaint as. Ná, go deimhin, cén difear a níonn sé, bealach amháin nó bealach eile. Fiú más fórsaí an nádúir a bhí i gceist - nach tráthúil gur in am an ghátar d'Iosrael a shéid an ghaoth?

2010-08-10

Blúirín: Bíobla Má Nuad d'aois na ríomhairí

Mar thoradh ar teachtaireacht ar Gaeilge-A inniu, fuair mé amach gurbh ann do leaganacha leictreonacha saor in aisce de Bhíobla Má Nuad ar an suíomh seo: http://www.anbioblanaofa.org/

Tá an leagan eSword faighte agam, agus cuma maith air.

Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.
Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí.
Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.
(Salm 119:103-105)


Aguisín: do Chomhaltacht Chríostaí Ghleann Chóilín atá an creidiúint ag dul as seo a chuir ar fáil.

2008-04-04

Dall ar Scrioptúir? Dall ar Chríost!

Cheannaigh mé an leagan bheag de Bhíobla Mhá Nuad, agus é ar intinn agam níos mó den Bhíobla a léamh. Rinne mé an ghnáth botún tútach, tuatach, agus rinne iarracht é léamh ó thús deireadh.
Chuaigh mé ar strae sára bhfad.

Ní mór cuimhneamh gur leabharlann seachas leabhar an Bíobla, agus go bhfuil nascanna idir stair agus na gnéithe eile den litríocht ann.

Ansin tháinig mé ar leagan fuaime de chlár teilifíse a rinne Scott Hahn agus Jeff Cavins do EWTN - "Gúm ár nAthair". Léargas ar stair ár slánaithe atá ann, camchuairt ar na leabhar staire sa Bhíobla.

Is mór an chabhair dom é. Deirtear

Tá an Tiomna Nua folaithe san tSean Tiomna
Tá an Sean Tiomna foilsithe san Tiomna Nua


Tá gnéithe den chur chuige ábhairín garbh ar chluas caitlicigh cliabháin agus sean Eorpaigh cosúil liomsa. Ach tríd is tríd, is mór an chabhair an tslí a rianaíonn siad na Conarthaí naofa idir Dia agus A Phobal.

Sampla beag amháin - ceist an Turnaimh. Bhraith mise i gcónaí go raibh an insint sa Bhíobla an-dian ar Éabha. Tá an cuma ar an scéal go néalaíonn Ádhamh óna fhreagracht cuid mhór. Ach anois tá an tuiscint agam gurbh é teip Ádhamh a bhí ann - bhí sé sa ghairdín le aire a thabhairt dó (Gein 2:15)- ach scaoil sé an Diabhail isteach. Lig sé síos a chéile - a fhágáil fúithi siúd cur i gcoinne an tÁibhirseora. Bhí sé á phromhadh mar sagart, mar rí agus mar Fáidh - agus theip air. Teip arbh gá an dara Ádhamh - Críost - chun é a leigheas.


Beidh orm dul a streachailt leis an mBíobla arís! Ach anois tá cosán amháin rianaithe dom.