Formhór na gcoillte atá fágtha in Éirinn, is plandálacha tráchtála aonchineálacha giúise iad. Crann a fhásann go tapa. Ach fágann an duilliúir dlúth siar ghlas gur coillte marbha iad seo. Faic ar urlár na coille ach brat snáthaid tite. Ar éigin go bhfuil cothú d'fheithidí ann, mar sin ní bíonn éin ann. Na ainmhí ar bith, dáiríre - cé go bhfaigheann, is cosúil, fianna foscadh ann i rith an lae.
Ní hamháin sin, ach tógann na crainn ón ithir gan mórán a thabhairt ar ais, ag bochtú talamh a bhí bocht mar a bhí.
Agus aibíonn an phlandáil le chéile, agus leagtar le chéile é - créacht oscailte ar thaobh na cnoic.
Ar a laghad tá an chosúlacht air go bhfuil athrú meoin ag comhlacht foraoiseachta an Stáit, Coillte Teoranta - in áit na crainn a leagtar, táthar ag cuir meascán crann dúchasacha. Beidh sé na deicheanna de bhlianta áfach sula mbeidh coillte beo ann.
Tá sé d'ádh orm go bhfuil coill beag measartha nádúrtha ar lic an dorais agam, agus is ardú croí san Earrach na bláthanna, gach ceann ar a sheal, a chlúdaíonn urlár na coille. Faoi láthair, grán arcáin agus corr sabhaircín. Duilliúir creimhe agus bod gadhar glas lonrach. Éin flúirseach. Tá an snag darach cloiste agam, ach is deacair amharc a fháil air. Tá scréachóga coille feicthe agam. Agus seabhaic fiú. Dreoilíní, loin dubh agus spideoga fairsing is ceolmhar. Ioraí glasa. Sceithreach frog.
Timthriall na beatha. Sin coill.
Modharchoill an Ghaeilge a chur Nicholas Williams ar Mirkwood san Hobad.