Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-06

Berlin, Ecke Schönhauser

Ar feadh thart ar bhliain tar éis ár bpósta mhair mé san árasán aon seomra a bhí ag mo nuachar roimhe sin. Altbau, foirgneamh ón Gründerzeit. Foirgneamh ón 19ú céad. Bhí clos i lár, agus árasán s'againne laistiar den gclós ar an gcéad urlár. Bhí cistin ann, seomra bídeach le leithreas agus doirteal, agus an seomra suí agus luí. Fuinneog amháin amach ar an gclós, i gcúinne amháin. Seomra dronuilleogach, síleáil ard. Bhí Uta tar éis leaba ard a cheannach ar mhaithe le spás, cineál bunc ach le spás faoi seachas leaba eile. Oigheann guail i gcúinne amháin an tseomra - Kachelofen, clúdaithe le tíleanna. Cineál teasra stórais. Bhí sé damanta fuar sa gheimhreadh mar sin féin.
Má bhí cith uainn, bhí orainn dul go dtí na folcadáin poiblí (bhí umair ar fáil iontu freisin). I Prenzlauer Berg a bhí an t-árasán. Gar do U agus S Bahnhof Schönhauser Allee.

Bhuail taom mé le déanaí agus ghlac mé ballraíocht, arís tar éis traidhfil blianta, i leabharlann an Goethe Institut, d'aon uaim chun an scannán Berlin, Ecke Schönhauser a fheiceáil arís. Agus é a thaispeáint don déagóir. 

Scannán dubh agus bán, ar go leor bealaí. Bolscaireacht ar son an DDR dáiríre, nuair a bhí dóchas fós ag daoine go mbeadh an saol níos fearr faoin sóisialachas. I 1957. Grúpa aosánach i Prenzlauer Berg, ag teacht in inmhe. Dieter an príomhcharachtar. Fear óg neamhspleách. Dílleachta cogaidh. Oibrí crua. In aontíos lena dheartháir níos sine, atá sa Volkspolizei agus tiomanta don ré nua. An FDJ (Óige shaor na Gearmáine, eagraíocht óige pháirtí an Rialtais) ag iarraidh é a earcú, ach é ag iarraidh a neamhspleáchas a chaomhnú, gan beann a bheith aige ar éinne. 

É ag crochadh thart oícheanta lena chomhaoisigh faoin Magistratsschirm - ag an phointe sin tá an U-bahn os cionn na talún ar tharbhealach. Áirsí faoi. Ina measc tá Kohle (sloinne nó leasainm, níl mé cinnte) - teipthe air sa scoil faoi dhó, agus díomhaoin dá réir. Athair tite sa chogaidh agus pótaire damanta de leasathair aige a thugann greasáil do ar an chúis is fánaí. É fiáin i ndiaidh scannáin Bheirlín Thiar. (Ní raibh an balla tógtha fós). Karl-Heinz, a d'éirigh as an scoil toisc go raibh sé féin agus a mhuintir meáite ar imeacht go dtí an Ghearmáin Thiar. Ach a mhuintir á chur ar an méar fhada toisc go bhfuil maoin - dhá theach - acu thoir. É ag obair le cúbláilthe thiar. Airgead flúirseach aige. Angela, rúnsearc Dieter. A hathair tite sa chogaidh. A máthair i gcaidreamh lena saoiste. Atá pósta ar bhean eile... Achrann idir máthair agus iníon, agus an iníon díbeartha amach ar an tsráid nuair a thagann an leannán (árasán aon seomra, arís). 
Meallann Karl Heinz Kohle le gealltanas Mark iartharach le smidiríní a dhéanamh de lampa. Urchar cruinn ag Kohle, ach tógann an pobal raic agus na péas an iomlán acu go dtí an beairic. Áit a dhéanann Kommissar iarracht iad a ghlaoch chun stuaime. Is iomaí corr agus casadh sa scéal as sin amach. Ach beidh oraibh amharc air sibh féin!

Fiú sna nóchaidí, bhí an sráiddhreach ana chosúil leis an méid a bhí le feiceáil sa scannán. Cuimhní taitneamhacha a mhúscail sé ionam féin, agus níos mó fós i mo nuachar. 

Shíl an déagóir an scannán a bheith ait. Agus bhí, is dócha. Ach freisin bhí sé ciúin machnamhach mall le hais scannáin an lae inniu.

Thaithin Dieter agus an Kommissar araon liom, agus an teachtaireacht dóchasach. Sé an feall áfach nach gcomhlíonann an sóisialachas a gheallúint, go gcuirtear an saoirse agus an spreagadh chun féin fhreagracht faoi chois ag an údarásachas agus an aicmeachas - Apparat an pháirtí in aicme uaisle nua faoi phribhléid, agus saint agus formad ina chroílár.