Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-02

Akkordarbeit




Nuair a bhí mé ar an gcoláiste, chaith mé na samhraí ag obair sa Ghearmáin. Formhór neacha léinn de mo ghlúin is go München nó ó dheas a chuaigh siad. Bhíodh obair le fáil go háirithe sa glanadh mór a dhéantaí ar monarchana gluaisteáin nuair a bhí an fhoireann le chéile ar saoire ar feadh cúpla seachtain. Bhídís ag maireachtáil ar na láthair campála, sluaite móra in éineacht. Agus chaith nach mór gach duine samhraidh amháin sna Stáit ar J1. 

Ní dhearna mise amhlaidh. Trí teagmhálacha m'athair fuair mé postanna in earnáil an gháis. Tar éis an chéad bhliain san ollscoil chaith mé an samhradh ag "obair" i saotharlann de chuid na comhlachta gáis i Recklinghausen agus mé i mo chónaí ar pingeacha beaga le ball foirne agus a theaghlach. Ní dhearna mé mórán oibre agus níor thuill mé mórán airgid.

Fuair mé post níos dáiríre an dá bhliain ina dhiaidh. Ag obair i monarcha méadar gáis.
Bhí mé ag cuir fúm i lóistín do neacha léinn, ceap árasáin. Ar gach urlár bhí b'fhéidir dosaen seomra codlata, cistin agus seomraí folcadh i gcoitinne - ceann do fir, ceann do mhná. Formhór na neacha léinn ar saoire agus a seomraí saor. Corrdhuine fós thart toisc go raibh taighde nó tráchtas ar bun acu.

Sa chéad samhradh acu bhí mé ar urlár ina raibh dea eagar ag na mic léinn sinsearacha ar an gcistin roinnte. Is amhlaidh gur bhagair siad aon rud a bhí fágtha thart ró fhada a chaitheamh amach. Agus rinne. Tá cuimhne orm ar cúpla duine acu. Johannes W, a bhí ag dul don garraíodóireacht nó níos cruinne don mbainistiú. Bhí sé, de réir mo chuimhne, i mbun máistreachta. Ó Ingolstadt na Baváire. Bhí fear darbh ainm Dirk ann, ach bhí sé siúd bodhar agus deacair dom a thuiscint. Bean darbh ainm Kiki. Bhí Éireannach óg darbh ainm Karl ann. Ní cuimhin liom go díreach cad a bhí ar bun aige, ach go raibh cúram éigin agamsa ina leith. Agus nár réitigh mé leis. Bean Éireannach nó b'fhéidir Sasanach de bhunadh na hÉireann, Siobhán. Is cuimhin liom gur eagraigh Johannes, Siobhán Karl agus mé féin béile mór féiltiúil ilchúrsa. Ní cuimhin liom an ócáid, agus bhféidir nach raibh ócáid ar leith ann. 

D'fhan mé i dteagmháil le Johannes ar feadh roinnt blianta.

Bhí orm mo sheal sa Ghearmáin a chiorrú an bhliain sin. Bhí éirithe go holc liom sna scrúduithe. Bhí an deargádh liom nár theip orm ach i ndá scrúdú, an dá cheann deiridh nuair a bhí maidí scaoilte go hiomlán le sruth agam in éadóchas. Bhí orm filleadh ar Éirinn agus iad a dhéanamh. Ach ba leor an tréimhse chun féasóg a fhás (theip orm féasóg le dealramh a fhás an bhliain roimhe). Tá féasóg orm ó shin. 

Maidir leis an obair, an bhliain sin bhí mé féin agus iníon léinn ag obair ar phíosa ar leith den líne chóimeála. Codanna de chás barr an méadar gáis le cuir le chéile againn. Ise an céad leath, mise an dara leath. Dhá phíosa miotail isteach i bhfáisceadh, an clúdach sa mhullach orthu, iad a tháthú trí dhá chnaipe a bhrú in éineacht, isteach i mbosca. Arís is arís. Bhí na cnaipí ar an inneall deartha chun ná beadh seans ar bith do lámh a chur ann agus tú ag obair. Bhí bunphá i gceist agus pá breise de réir an méid aonaid. Chaith mé mo sheal ag obair léi ar an stáisiún sin. Chaith proinn sa mhonarcha, bhí sé le fáil saor ach go raibh ort béilte na seachtaine a roghnú ó liosta. Ní raibh cistin ann, fuair siad na dinnéir réamhphacáilte agus théigh iad.

Akkord ab ea an méid aonad a bhí le déanamh sula raibh aon breis pá i gceist. D'éirigh maith go leor linn, seachas seachtain amháin nuair a bhí pianta ag cur as do mo leathbhádóir. Ghabh sí leithscéal liom as, ag monabhar faoi gach mí mallaithe.... Ní raibh mé ró bhuartha.

Sealanna oibre a bhí i gceist, seachtain ar maidineacha, seachtain ar thráthnónta.

Fear ciúin maorga ab ea an Meister. Annamh a tháinig sé amach as an both ina raibh a oifig. Fear beag feosaí an leas-Meister. Ní cuimhin liom an teideal beacht Gearmáinise a bhí air. Eisean is mó a d'fheictí ar an urlár.

Le oibrí ceart a cuireadh mé i dtosach an dara bliain. Bean seang toitín chaiteach, ach oibrí dian agus éifeachtach. Ní raibh mé in ann coinneáil suas léi. Ba mhinic carn mór píosaí eadrainn. Uaireanta bhrúigh sí mé i leataobh chun an charn a laghdú í féin. Thuig mé di a bheith mí fhoighneach, tar éis an tsaoil bhí mo mhíchumas ag laghdú a tuarastal. Sa bharr ar an ndonas, bhí scáthán beag aici chun súil a chaitheamh ar an t-áiritheoir ar chúl an meaisín, a chomhair líon na bpíosaí déanta. Nár lig mé dó titim agus smidiríní a dhéanamh de....

Bogadh ar aghaidh mé. Cúpla lá ar líne eile, ag cuir ceithre scriú isteach agus cúpla séala. Níor mhair sin.

An chuid eile den samhradh, chaith mé féin agus mac léinn eile é ag bogadh píosaí miotal isteach agus amach as cineál miasniteoir ollmhór a ghlan ola daoibh chun go bhféadfaí obair leo.

Bhí comrádaí liom an tsamhraidh sin, mar a luaigh mé anseo. Bhí scileanna aige siúd áfach agus fuair sé post ag obair le leictreoir. Laethanta fada agus taisteal i gceist scaití. Ach íocaíocht i bhfad níos fearr.

Bhí mé ar dorchla eile san ionad do mic léinn, ach bhí Johannes fós thart. Ní raibh réimeas na cistine chomh docht céanna san áit nua. Ní raibh mórán thart. Bhí bean amháin áfach a raibh sé de nós aici ubh scrofa a dhéanamh di féin gach lá. Ag deireadh na seachtaine bhí seacht bpota salach ar an doirteal. I mbrothall an tsamhraidh... Ghlan mé iad. 

Bhí beirt iníon léinn ón mBreatain ann, Bridget beag téagartha agus Penny ard dubh catach as an Bhreatain Bheag. Bhí lámh ag Bridget i reáchtáil an beár féin riartha a bhí san áit agus nach raibh mé ar an eolas faoi an bhliain roimhe. B'fhéidir gurbh fhearrde mé fanacht dall ar an áit. 

Bhí babtha fíochmhar óil amháin agam a ruaig aon blas do Jägermeister asam go deo. Bhíomar, mé féin agus mo chomrádaí, ag imirt cluiche díslí. Bhí ar chaillteoir an bhabhta steall Jägermeister a chaitheamh siar. 
Tá trí ní a bhaineann le biotáille :
É a ól, 
É a iompar, 
Díol as. 

Ní go ró mhaith a d'éirigh leis an iompar ach is cinnte gur dhíol mé as! 

D'éirigh leis an mbeirt againn sna scrúduithe deireadh bliana ainneoin an imní a bhí orainn, agus bhí samhraidh breá fada againn sa Ghearmáin. Thugamar cuairt deireadh seachtaine ar Hamburg le Johannes. Chuaigh mise an bealach fada abhaile - ag tabhairt cuairt ar chomhfhreagraí liom san Fhionlainn, iníon comhghleacaí le m'athair, sular casadh ar a chéile arís mé féin agus Brian i bPáras ar an mbealach abhaile. Ach sin scéal eile...


Nóta amháin maidir leis an bpictiúr thuas. Formhór na méadar gáis a fheictear in Éirinn, bíonn píobán ar chlé agus ar dheis, gás isteach ar chlé agus amach ar dheis. Ach formhór na cinn a bhí á dhéanamh againn sa mhonarcha, is mar atá an chinn thuas atá siad. An dá phíobán in aon. Gás isteach sa lár agus amach ar na himill. Bhí a leithéid de dhíth san Rheinland. De dheasca na mianadóireachta, bhíodh fadhbanna turnaimh ag an talamh agus na tithe. Chuirfeadh a leithéid strus ar an gnáth chineál méadar, na píobáin ar an dá thaobh ar airde difriúil b'fhéidir. Bheadh baol sceitheadh gáis dá bharr. Réiteach cuanna!