Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-11

Rothaí móra agus beaga an tsaoil

1 Roth tomhais 
2 leictreonaic braiteora 
3 léiriú ar an gcomhartha 
4 adhmaint bhuan 
5 treolínte réimse mhaighnéadaigh 
6 braiteoir

Bhí an algartaim stiúrtha don leictreonaic cumhachta bunaithe ar obair an Dochtúra E. Rinne sé a chuid dearadh bunaithe ar turgnaimh i Matlab (obair sách mall le ríomhairí lár na nóchaidí). Murab ionann agus na halgartaim a bhí againn roimhe, bhí seo digiteach ó thús, agus ag baint feidhm as tuiscintí ó teoiric an stiúrtha. Ach ní hionann algartaim a chuir i bhfeidhm i samhail matlab ar ríomhaire 32 giotáin ag baint feidhm as snámhphointe agus algartaim fíor ama a chur i bhfeidhm ar ríomhaire 16 giotán le slánuimhreacha. Agus le heolas neamhfhoirfe agus míchruinn ar staid an chórais, de dheasca taifeach srianta na mbraiteoirí - deich giotán ar a mhéid, go hiondúil. Rud a d'fhág nach raibh na torthaí baileach chomh cuanna leis na turgnaimh san samhail. Ach d'oibrigh rudaí go maith sa saotharlann, agus rinneadh taispeántas den toradh do lucht díolta. Monuar bhí sé de míchúram ag an Dochtúir E a rá go bhféadfadh an algartaim "go teoiriciúil" feidhmiú gan braiteoir luais. Abairtín a chothaigh deacrachtaí dúinn ar ball!

Faireoir Luenberger a bhí i gcroí an algartaim, samhail matamaitice den gcóras, a rinne tuar ar staid an chórais bunaithe ar na tomhais a bhí ar fáil - sruth, voltais agus luas inár gcás - agus a thug léargas dá réir ar athróga nach bhféadfaí a thomhais go díreach. Dá mbeadh an tomhais sách cruinn ar phéire de na trí athróg sin, ba leor sin, cinnte. Ach ní raibh.

Tar éis dúinn an algartaim a dhearadh, agus an simpliú a bhí de dhíth a chur i bhfeidhm d'fhonn é a ríomh laistigh de na srianta ama a bhí ann - chaithfí an algartaim rialaithe ar fad a ríomh laistigh de ms, agus bhí gá le farasbarr d'fhonn nithe a d'fhéadfaí a ríomh níos moille ach laistigh de theorainn ama freisin a ríomh. Bhí córas oibriúcháin comhroinnte ama dar gcuid féin againn, ceann ana shimplí bunaithe ar chlog. Seachas go raibh an algartaim rialaithe féin nasctha le minicíocht an innill, a bhí i gcoibhneas le luas na traenach. Bhí idirbhristeacha i gceist dá réir. Agus bhí rudaí áirithe a raibh orthu bheith níos gaiste fós agus nach bhféadfaí a ríomh a fhágáil faoin ríomhaire. Bhí "eagar geataí in-ríomhchláraithe sa mhachaire" in úsáid againn dá réir.

Bhogamar ó bheith ag obair le samhail go dtí bheith ag obair leis an fíor trealamh, inill san áireamh, i saotharlann ard chumhachta. Chomh maith an leictreonaic a bhí againne, bhí leictreonaic sa bhreis sa leictreonaic cumhachta chun lasadh agus múchadh na tíreastór a stiúradh. Thóg sé tamall ann cumarsáid idir an dá chóras a choigeartú - córas nua, FPGA eile a bhí ag dream an leictreonaic cumhachta agus ní raibh oiread taithí ag an té a bhí á chlárú. Bhí meaisín staide againn sa bhogearra chun an loighic ar fad a choinneáil sothuigthe dúinn féin - bhí tríocha éigin athróg isteach agus an méid céanna amach agus coinníollacha eile i gceist freisin, am mar shampla. Bhí mo chomhghleacaí diongbháilte gur mar sin a dheinfí é - agus nach mbeadh an aicearra nó réiteach gasta ann do chásanna speisialta. Má bhí an aschur le n-athrú, bheadh staid nua ann agus b'shin sin. Bhíomar buíoch dá dhiongbháilteacht ar ball. Ó b'fhéidir 15 staid ag an tús bhí beagnach daichead ag deireadh. Sciar mhór acu bainteach leis an cumarsáid leis an leictreonaic nua a raibh orainn cinntiú gur tosaíodh i gceart é. Bíonn lucht na crua earraí i dtólamh ag súil go n-oibreoidh lucht na mbogearraí thart ar a gcuid meancóga toisc go bhfuil "bogearraí éasca a athrú".

Bhí uirlisí cúnta againn chun cód a ghineadh ó thábla de coinníollacha isteach agus athróga amach - ba mhór an chabhair sin. Agus freisin pictiúir den meaisín staide. Toisc go raibh uimhir ar gach staid bhí sé éasca freisin feiceáil ar aon amharc cá raibh an ríomhchlár.

Bhí an réamhobair déanta. Bhí sé in am tabhairt faoi turgnaimh dáiríre. Na hinnill ag cuir ag casadh. 

Déantar luasghéarú ar innill leictreach tríd an minicíocht sa réimse leictreach a bheith rud beag níos airde ná minicíocht an píosa a bhogann - an  Rótar. Tarlaíonn an bogadh sin toisc, i gcás mótar Iora-cháis mar a bhí in úsáid againn, go ghineann an réimse leictreach sa chuid nach mbogann - an státar - réimse leictreach sa rótar. Agus bíonn an rótar ag bogadh d'fhonn an dá réimse a bheith i phas le chéile - bíonn fórsa maighnéadach i gceist. Ach tá réimse oibre sách cúng ann ina bhfeidhmíonn sé seo. Má tá an réimse leictreach san státar níos mó ná cúpla Hz níos gaiste nó níos moille ná an rótar, teipeann ar chúrsaí - cliseann ar an inneall.

Mar sin, tá eolas cruinn ar an minicíocht de dhíth. Agus dá réir, braiteoir. Bhí roth fiaclach ar acastóir an innill. Braiteoir maighnéadach, ag baint feidhm as éifeacht Hall - go bhfuil leathsheoltóirí ann a ghineann maighnéadachas réimse leictreach iontu. De réir mar a bhog an roth fhiaclach faoin mbraiteoir, d'athraigh an sruth tríd agus d'fhéadfaí sin a thomhas agus minicíocht an innill a ríomh.

Ach ní raibh an braiteoir sin ag feidhmiú mar is ceart. Bhí an comhartha uaidh "glórach". Ag preabarnach thar acmhainn an algartaim é a cheartú. Bhí fabht le haimsiú. Ach cén áit san slabhra ón roth fiaclach go dtí an uimhir sa ríomhaire? Trealamh caighdeánach a bhí sa bhraiteoir. Bhí an bogearra nua...
Agus lucht díolta mí fhoighneach. "Dúirt sibh go bhféadfaí rialú gan braiteoir minicíochta. Cén fáth go bhfuil fadhb agus moill?" Neamhaird déanta acu ar an bhfocal teoiriciúil...

Faoi dheireadh, rinne duine éigin an bhraiteoir féin a bhaint as an trealamh agus amharc air. Agus, féach, bhí an adhmaint tar éis deannach miotail a chruinniú. Toisc go raibh sé curtha in áit ro ghar don roth. Agus bhí an deannach céanna ag cuir an réimse mhaighnéadach as a riocht. Agus an tomhas dá réir.... 

Ní ar an mbogearra a bhí an locht...