Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-05

Mar ar choinnigh mé seilbh ar an nGearmáinis


Nuair a d'fhill mé ón Ostair bhí tréimhse gairid sa bhunscoil agam roimh aghaidh a thabhairt ar an meánscoil. Sa mheánscoil beag ar ar fhreastal mé, ní raibh Gearmáinis ar fáil. D'aimsigh mo thuismitheoirí múinteoir príobháideach i nGráinseach an Déin. As sin go dtí an meánteist, rothaigh mé ón scoil - a bhí i gcnoic sléibhte Bhaile Átha Cliath - go dtí Cnoc Mhuirfean, áit ar thug aint le m'athair béile blasta dom, agus ar aghaidh go Gráinseach an Déin do rang in éineacht le comhscoláire liom i dteach an mhúinteora. Abhaile arís ina dhiaidh go Tír an Iúir. Gach Aoine.

Bhí an teanga sealbhaithe agam, ach bhí - agus tá - mo chuid gramadaí lochtach. (Déanann canúint Bheirlín gar dom, caitheann siad na hinscní le chéile ó thaobh ailt de. Ach tá an ghinideach, cuspóireach agus tabharthach le cuir san áireamh. Der Dativ ist dem Genitiv sein Tod)

Níl fhios agam anois tuige a raibh luí níos mó agam leis an nGearmáinis ná an Spáinnis - a bheadh ar fáil ar scoil, ach nár dhein mé, rinne mé Fraincis ina áit. 

Chomh maith leis na ranganna léigh mé. Tá Karl May pléite anseo agam cheana.

Bhí cúpla cara pinn sa Ghearmáin agam, agus thug mé turas ar an nGearmáin in 1983.

Nuair a tháinig sé go dtí an ard teist, thosaigh mé cúrsa sa Goethe Institut. Teagasc sa bhreis a bhí i gceist leis dáiríre do mo chomhdhaltaí (bhí na neacha allúracha sin do dalta scoil buachaillí ina measc - mná óga sofaisticiúla). Iad ó scoileanna a thairg Gearmáinis, ach ag lorg buntáiste breise. Cuid acu le nasc teaghlaigh leis an nGearmáin.

Idir na ranganna agus léitheoireacht, choinnigh mé faobhar ar mo chuid Gearmáinise. Agus chaith mé na samhraí ollscoile thall. 

Rud a chuidigh liom, measaim, post a ghnóthú le hAEG ainneoin bheagmheasarthacht mo thorthaí acadúla. 

Agus is cainteoir laethúil Gearmáinise mé ó shin! Is amhlaidh nach raibh Béarla ag mo nuachar anois nuair a casadh ar a chéile muid. Gearmáinis a labhraímid le chéile dá réir. Gearmáinis a labhair sí lenár gclann, agus labhair mise Gaeilge. Fuair siad Béarla ar an sráid...

Ó thaobh léitheoireachta de, d'fhág mé Karl May i mo dhiaidh. Bhronn mé an cnuasach ar déagóir óg le máthair Gearmánach nuair a bhog mé go Berlin. Bhí beagán díomá orm go raibh sé bronnta ar aghaidh nuair a chuaigh mé á fhiosrú do mo mhic. (Cheannaigh mé arís na leabhair ach sílim nár fhág siad an bhosca, atá bronnta arís agam ar na mallaibh. Toighis eile ag na gasúir agus draíocht agus samhlaíocht ar fáil dóibh). 

Chuir Frau S., a raibh an cúram leagtha uirthi bronntanas breithlae a eagrú dom, ceist cad ba mhaith liom. Rud éigin le Böll, arsa mise. Fuair sí cnuasach deich leabhair nó mar sin dom! Níl easpa siopaí leabhar i mBeirlín, ar ndóigh, agus is iomaí pingin a chaith mé in ollsiopa Kiepert ar Adenauerplatz, fá urchar mearóige de stáisiúin ar an U7. (Siopa atá imithe anois, faraor).

Chnuasaigh mé saothair Kästner, Brecht agus Hesse. Ansin nuair a chuir mé aithne ar Uta bhí árasán lán leabhair aici freisin agus chuir mé aithne ar Stifter, Fontane, Hans Fallada, Stefan Heym, agus neart eile. Le chéile a chuir muid aithne ar Petra Oelker

Nuair a cheannaigh muid teach dár gcuid féin abhus, fuaireamar aeróg saitilíte chun go mbeadh ar chumas na leanaí faire ar KiKa, cainéal na bpáistí, a chraolann neart ábhair ar ardchaighdeán idir siamsaíocht agus eolas.

Is cuid de dheasghnáth an Domhnaigh dúinn an Sonntagsmärchen, scéal iontais an Domhnaigh. Tá cartlann iontach acu, cuid de na cinn is fearr déanta ag Defa an DDR i gcomhpháirt le Seicigh. Ag tarraingt as saothar Grimm, Andersen agus béaloideas lár na hEorpa. Nó as Kunstmärchen ó pheann leithéid Wilhelm Hauff. Insint ar leith ag gach ré. Is maith liom iad, ní haon banphrionsa Disney a cuirtear romhainn ach mná óga gníomhacha muiníneacha. Mar an gcéanna do na prionsaí go hiondúil. Agus bíonn léamha éagsúla ag réanna éagsúla ar an scéal chéanna - lón machnaimh.

Táim sáite mar sin sa chuid is fearr de chultúr na Gearmáinise agus lár na hEorpa. Agus is saibhride dá réir mo shaol. 

Ní thagaim go hiomlán le Cathal V Impire:

"Ich spreche Spanisch zu Gott, 
Italienisch zu den Frauen,
 Französisch zu den Männern
 und Deutsch zu meinem Pferd"

(Labhraím Spáinnis le Dia, 
Iodáilis le mná, 
Fraincis le fir, 
Agus Gearmáinis le m'each) 

Ba Spáinnis a theanga dhúchais, agus is déanach a d'fhoghlaim sé Gearmáinis. Fónann Gearmáinis domsa i ngach réimse, agus go deimhin is fearr liom saothair Benedict XVI a léamh ina theanga dhúchais siúd.