Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-08-29

Karl May

Karl May in éide an carachtair a chruthaigh sé "Old Shatterhand"
Grianghraf Alois Schiesser 1896

Go gairid tar éis dom Gearmáinis a fhoghlaim, bronnadh cóip de Winnetou I orm - scéal de chuid Karl May faoi Gearmánach a chuaigh go Meiriceá, agus a rinneadh laoch de chuid an Iarthair Fiáin de agus bráthair de chuid ceannaire cáilúil de chuid na hApache de. Ficsean amach is amach atá ann, ficsean sách éadrom - níor leag Karl May cos san Iarthair Fiáin riamh. 

Thaithin an scéal leis an déagóir óg agus nuair a bhí m'athair ar turas chun na Mór Roinne d'iarr mé air an dara imleabhar a fháil dom. Is amhlaidh go raibh sé níos fusa aige cnuasach den saothar iomlan a fháil - tríocha éigin leabhar de chuid saothar May, scata acu lonnaithe san Iarthar Fiáin agus scata eile faoi eachtraí mar dheá a bhí aige san Meán Oirthear Fiáin. Nó, le bheith cruinn san leagan fantasaíochta a chum sé ina shamhlaíocht d'fhonn saol laochúil a chruthú dó féin. D'éirigh go maith leis agus bhain sé saibhreas amach cé go raibh sé beo bocht agus i dtrioblóid leis an dlí agus é níos óige! Agus thug sé cuairt ansin ar na fíor tíortha.

Shlog mé na leabhair i mo dhéaga saonta. Thug mé ar lámh iad do Gearmánach óg eile a bhíodh mar dhalta ag mo Mháthair ina réamhscoil; nuair a bhí mic agam féin, ní raibh teacht ar na leabhair níos mó. Cheannaigh mé an chnuasach aris do mo chlann, ach de réir mó chuimhne faoi spéis acu i nithe eile cé gur léigh siad roinnt acu, ach go raibh an déagóir ag iarraidh le déanaí amharc ar cheann de na scannáin a rinneadh bunaithe ar na leabhair - sraith cáiliúil sa Ghearmáin ar déanadh scannánú air san Iugosláv sna 1960í.

Ar ndóigh claoninsint Eorpach ar cruinne a shamhlaíochta a bhí i gceist le scéalta May, eisean é féin an laoch mór geal, áit lena haid do bundúchasach nó dhó maith a bhí sásta foghlaim uaidh - ach formhór na bundúchasaigh lag nó olc. 

Tá raic faoi láthair sa Ghearmáin de bhrí go bhfuil scannán ann faoi láthair, athinsint shaor ar scéal Winnetou agus Old Shatterhand - ach seachas laochra an scéal a bheith ina ndaoine fásta, is leanaí iad - i ngleic fearacht an Cúigear Cróga, le bithiúnaigh fásta atá ag bagairt ar a saol aus a teaghlaigh. Bhí an foilsitheoir Ravensburg le dhá leabhar a fhoilsiú do dhaoine óga - céad léitheoir, agus leabhar do páistí beagán níos sine. Tharraing sé sin raic, de dheasca an léiriú aontoiseach sa scannán nua seo ar bhundúchasaigh Mheiriceá. Tá an raic, mar a bhíonn go hiondúil, ina scathán ar an deighilt idir deas agus clé, forasach agus caomhach sa Ghearmáin - agus loinnir saonta na hóige ag May agus a shaothar do go leor caomhaigh. Maíonn Cumann Karl May gurb fear dá ré é féín, agus go raibh sé dar ndóigh Eoralárnach agus ciníoch go pointe ina dhearcadh - ach maíonn siad ina n-aighneacht faoin raic nárbh é is measa, agus gur tháinig forbairt ar a thuiscint in imeacht ama - agus go raibh sé riamh ar son cearta na mbundúchasach. 

De réir mo chuimhne féin, níl fhios agam an dtiocfainn leis an léamh dearfach sin. Mo chuimhne ná go raibh beagán bundúchasach "maith" ann agus mórán "olc" - ar ndóigh na cinn olc go minic ina gcomhghuallaithe ag bithiúnaigh geal.

Is fíor go raibh drogall ar Old Shatterhand duine a mharú - ach is minic go ndearna sé cláiríneach as a chéile comhraic trí piléar a chuir trina ghlúin. Is cuimhin liom fiú sna déaga saonta s'agam go raibh amhras orm faoin gcuir chuige sin. Agus fiú má léirigh sé bá leis na hApache, bhí imir láidir den sláiniteoir geal tríd an saothar ar fad, an Eorpach uasal ag treorú an bundúchasach chun a chearta a bhaint amach.

Is deacair dom anois, daichead bliain níos déanaí, déanamh amach cén lorg a d'fhág Karl May ar mo dhearcadh féin. Tá cuimhne agam ar na leabhair mar scíthleitheoireacht éadrom, spreagúil go maith. Ach is cinnte, ó léargas an lae inniu, go bhfuil go leor dá léiríodh ann - mar atá i gceist le saothar ar bith dá ré - smolchaite. Agus thuigfinn do sliocht na mbundúchasach a ghlacann col leis an saothar. 

Mar sin féin tá doicheall agam le damnú leabhair, agus is deacair gan smaoineamh ar fainic Heine:

Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair. Dóitear daoine faoi dheireadh. 

Heinrich Heine
Almansor.

Creidim go mba cheart na leabhar seo a chuir ar fáil, ach na lochtanna orthu a phlé, agus saothair níos fearr a lorg.