Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-08-26

Dialann Oilithrigh

 
Bhí dialann Donncha Uí Chéileachair i measc na saothair a mhol Pádhraic Ó Ciardha ina léacht. Oilithreacht eagraithe chun na Róimhe sa bhliain naofa 1950 atá i gceist leis an dturas a dtugann an leabhar insint bhríomhar air. Dialann, ina bhfuil sruth comhfheasa smaointe ann, eolas faoina bhfaca agus a rinne ar an dturas, agus faoina chomhluadar agus na daoine a casadh air. Ach freisin - tharla gur oilithreacht atá ann - dialann anama freisin agus a streachailt a aigne a dhíriú ar Dhia seachas ar an dtimpeallacht spleodrach ildaite. 

Tá an méid seo mar réamhrá - nó miniúchán mar a thug sé féin air - leis an leabhar:

MÍNIÚCHÁN

BHÍ cead cainte riamh ag an té rinne taisteal.
Éilímse ceart scríofa. B'fhéidir nach ró-éasca a leanfadh léitheoirí mo lorg. Sara dtéid níos sia bheirim comhairle dhóibh. Leabhar cois leapan a mheasaim a dhéanamh de seo. Ní bheidh sé oiriúnach ach don tráth i ndiaidh meán oíche nuair a bhíonn an ghéarchúis ar ceal agus cúrán meala ar na céadfaí. Solas coinnle is fearr don léamh seo. Óir is mór an milleadh na gága agus rian na dtairní a thaispeáint go róléir. Bíodh cuileanna agus leoin ar eiteallaigh timpeall an tsolais agus timpeall an léitheora. Léadh sé go mall réidh giota, na spéaclaí ar rinn a shróine. Léadh sé an giota ina dhiaidh sin fíarthrasna, na spéaclaí á ardú aige ar a éadan. Nuair thiocfaidh sé ar ní ná taitnfidh leis a bheag ná a mhór, déanadh sé gnúsacht bheag, ag rá: A leithéid de ráiméis! nó: Botún, botún! Ansin ag labhairt os ard leis féin abradh sé: Iomad dithnis fé ndear seo, nó: Anró taistil, nó Fíon Francach. Ansin machnaíodh sé ar an gcuma a chuirfeadh sé féin síos é go dtitfidh ina shámhchodladh. Ach má deir an léitheoir Truflais, truflais!Corp aineolais! is fearr dó an leabhar a dhúnadh, éirí agus a bhríste chur air mar ná fuil aon néall suain i ndán dó go maidin.
Ná tugadh éinne fén leabhar seo a léamh nuair a bhíonn tart air, le barr fiosrachta geograife, nó ag toraíocht teangeolais.
Ná tabharfadh éinne i láimh pháiste é, ná do chailíní aimsire ná d'éinne den dream sin nach féidir leo bearnaí a dhúnadh, achrainn a réiteach, ná an focal cóir a chur in áit an leath-fhocail. Ar ordshagairt, agus ar mhic léinn meánscoile a ghreamaíonn leabhar le flosc féinsmachta, atá mo sheasamh. 
Orthu sin agus ar an dream beag díograiseoirí nár staon fós i ngnó na Cúise. Chun gur mhirede a n-aidhm chaoin theacht i gcrích sírim rath Dé ar mo shaothar.

Tugann sé sin blaiseadh den stíl eolach greannmhar a chleachtann sé ina chuir síos ar thaisteal ar bháid agus traein trasna na hEorpa - blianta beaga in ndiaidh an dara chogadh Dhomhanda agus a lorg fós le feiceáil. Go dtagann chomh fada leis an Róimh agus na searmanas. Tarlaíonn go mbíonn air cuir faoi i dteach mar nach raibh spás san ostán do bhaill ar fad an ghrúpa - mar sin, tá teagmháil aige le muintir na háite ar bhealach nach mbeadh.

Ní séipéil agus urnaí amháin a tharraing a aird, ach seandálaíocht na Róimhe freisin - agus tá cuntas den scoth ann ar oíche Opera ar éirigh leis agus cúpla cara freastal air. Agus trácht ar chomhráite. Agus tríd síos sruth chomhfheasa a smaointe féin. Mar chreidmheach mé féin, a bhíonn sách minic ag streachailt leis na fadhbanna céanna a chion a thabhairt do Dhia i measc eachtraí an tsaoil, bhí bá agus tuiscint agam do na gnéithe sin. Fite ina insint tá dhá leagan cuanna den rann ársa úd:

mór saítho, bec torbai.
In rí chon-daigi i foss,
manim-bera latt, ní fogbai.

Má théir don Róimh ar thóir do Rí
Ní dóigh go bhfaighir a shamhail,
Muna dtugair romhat é i gcomhad do chroí
Imeoir arís go meabhail.

Má théir don Róimh ar thóir do Rí
Is dóigh go mbír ar meabhail
Mura dtugair romhat é i gcomhad do chroí
Sa Róimh ní bhfaighir a shamhail.
Is cosúil go raibh Iodáilis réasúnta aige - agus tá sleachta i dteangacha nach é fite trid an leabhar, agus Laidin freisin - litríocht agus eachtraíocht. (Roinnt acu gan aistriú - bac ormsa iomlán tuisceana a bhaint amach dá réir).

Bhíos féin sa Róimh fá thrí - mar oilithreach déagóra i 1985 measaim an chéad uair, agus mo thaithí ag teacht móran leis an méid atá cuir síos air sa leabhar seo. (Bhí mé ann le "comhdháil" mic léinn, a bhí scaipthe thart ar ionaid éagsúla. Bhi bialanna éagsúla ag freastal orainn - bhí an mí-ádh ar an dream ar thith ar a crann ithe i Mensa na hOllscoile. B'é an réiteach a socraíodh ná go nglacfadh gach grúpa a seal leis an mbian leamh ansiúd - bhí bia den scoth san hionaid eile. Seal s'againne a bhí ann ar Aoine an Chéasta - bhí an troscadh agus tréanas níos éasca nuair nach raibh ar fáil ach spionáiste beirithe go bás! Agus bonnóga arán ar mhó d'aer ná arán a bhí iontu).

Tá ana chuir síos ag Ó Céileachar ar Baisleac Pheadair - idir cuairt air agus ansin searmanas leis na bPapa Piux XII. Lena linn siúd bhíodh an Pápa á iompair...

Tá cuimhne agam féín ar Aifreann Meán Oíche na Cásca - an Pápa Eoin Pól II ag siúl isteach san Eaglais - bhí sé fós luafar an uair úd - agus an Eaglais i ndorchadas seachas an coinneal Cásca a bhí céim nó dhó roimhe - agus soilseach ón iliomad ceamara! Ansin na soilse láidre ag lasadh go dtobann ach a raibh an altóir bainte amach aige agus an cór ag canadh go caithréimeach ag fógáirt an Aiséirí.

Is leabhar den scoth atá anseo, agus faigheann an leithéoir blaiseadh den áit agus den am, agus do na daoine - tá tabhairt faoi ndeara san insint. Scaipthe tríd an leabhar tá liníochtaí gleoite le Domhnall Ó Murchadha.

Ón leabharlann a fuair mé féin é, ach tá cóipeanna fós ag Cló Iar-Chonnacht, oidhrí Sairséal agus Dill - foilsíodh an leabhar i dtosach i 1953, ach is athchló ó na 1970í faoi chlúdach crua a fuair mé féin ón leabharlann agus atá le fáil ó CIC.

Donncha Ó Céilleachair
Sairséal agus Dill