Lasar gréne áine apstal Erenn óige Pátric go méit míle rop dítiu diar tróige. |
Lasar gréine áine Aspal Éireann ógh Pádraig agus a mhílte mar dídean dár dtruántacht |
Brigit bán balc núalann, cenn cáid caillech n-Érenn. Maire ocus Sanct Brigit, for a fóessam dún díblinaib! | Brighid bán bailc uasal ceann cáidh cailleach Éireann Muire agus Naomh Brighid faoi choimirce na díse go rabhaimid |
2022-09-12
Pádraig agus Brighid sa Róimh
2022-08-26
Dialann Oilithrigh
MÍNIÚCHÁNBHÍ cead cainte riamh ag an té rinne taisteal.
Éilímse ceart scríofa. B'fhéidir nach ró-éasca a leanfadh léitheoirí mo lorg. Sara dtéid níos sia bheirim comhairle dhóibh. Leabhar cois leapan a mheasaim a dhéanamh de seo. Ní bheidh sé oiriúnach ach don tráth i ndiaidh meán oíche nuair a bhíonn an ghéarchúis ar ceal agus cúrán meala ar na céadfaí. Solas coinnle is fearr don léamh seo. Óir is mór an milleadh na gága agus rian na dtairní a thaispeáint go róléir. Bíodh cuileanna agus leoin ar eiteallaigh timpeall an tsolais agus timpeall an léitheora. Léadh sé go mall réidh giota, na spéaclaí ar rinn a shróine. Léadh sé an giota ina dhiaidh sin fíarthrasna, na spéaclaí á ardú aige ar a éadan. Nuair thiocfaidh sé ar ní ná taitnfidh leis a bheag ná a mhór, déanadh sé gnúsacht bheag, ag rá: A leithéid de ráiméis! nó: Botún, botún! Ansin ag labhairt os ard leis féin abradh sé: Iomad dithnis fé ndear seo, nó: Anró taistil, nó Fíon Francach. Ansin machnaíodh sé ar an gcuma a chuirfeadh sé féin síos é go dtitfidh ina shámhchodladh. Ach má deir an léitheoir Truflais, truflais! nó Corp aineolais! is fearr dó an leabhar a dhúnadh, éirí agus a bhríste chur air mar ná fuil aon néall suain i ndán dó go maidin.
Ná tugadh éinne fén leabhar seo a léamh nuair a bhíonn tart air, le barr fiosrachta geograife, nó ag toraíocht teangeolais.
Ná tabharfadh éinne i láimh pháiste é, ná do chailíní aimsire ná d'éinne den dream sin nach féidir leo bearnaí a dhúnadh, achrainn a réiteach, ná an focal cóir a chur in áit an leath-fhocail. Ar ordshagairt, agus ar mhic léinn meánscoile a ghreamaíonn leabhar le flosc féinsmachta, atá mo sheasamh.
Orthu sin agus ar an dream beag díograiseoirí nár staon fós i ngnó na Cúise. Chun gur mhirede a n-aidhm chaoin theacht i gcrích sírim rath Dé ar mo shaothar.
mór saítho, bec torbai.In rí chon-daigi i foss,manim-bera latt, ní fogbai.Má théir don Róimh ar thóir do RíNí dóigh go bhfaighir a shamhail,Muna dtugair romhat é i gcomhad do chroíImeoir arís go meabhail.Má théir don Róimh ar thóir do RíIs dóigh go mbír ar meabhailMura dtugair romhat é i gcomhad do chroíSa Róimh ní bhfaighir a shamhail.
2010-07-28
Blúirín: Dul don Róimh - ód ríomhaire

Teacht don Róimh:
Mór saothar, beag tairbhe -
An Rí a lorgaíonn tú abhus,
Murar thug leat É, ní bhfaighidh.
Mar sin féin, tá seoda álainn de chuid cultúr an Iarthair le fáil ann; ach an Rí a bheith leat, tig leo tú a thabhairt níos gaire dó, ar eití leithéidí Michelangelo.
Bhí mé féin san Róimh - faoi dhó, más buan mo chuimhne, agus thug mé cuaird ar Baisleac Pheadair. Go deimhin, faoi sé de phribhléid agam Aifreann na Cásca a éisteacht ann sna 1980í.
Ní raibh mé riamh san Séipéal Sistíneach, ámh.
Anois áfach, tig leat na seoda seo a fheiceáil ó'd ríomhaire: Turas fíorúil ar Bhaisleac Pheadair agus an Séipéal Sistíneach
Íomhá: An Doras Naofa, ó Wikimedia.