Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-08-24

An Bheatha Phléisiúrtha

Bhí alt ag Pól Ó Muirí san Timire faoi leabhair fealsúnachta i nGaeilge. Ní fealsamh ná baol air mé féin, ach phrioc sé m'fhiosracht.

Chuir mé fios ar an leabhar An Bheatha Phléisiúrtha leis an tAthair Fiachra OFM. Iasacht idir leabharlainne. 

Admhaím nach ró mhaith a thuig mé an dóigh a roinn sé an saol idir beatha phlandúil, beatha ainmhí agus beatha an spioraid. Agus faoi dheireadh chaith mé an leabhar i dtraipisí toisc go raibh mé bréan den athrá go raibh intleacht na mban níos ísle ná intleacht na bhfear toisc iad a bheith níos collaí! 

Ach chnuasaigh mé dornán tagairt as an saothar, féach thíos. Dá mbeinn níos oilte, b'fhéidir go mbeadh níos mó céille bainte agam as an leagan amach fealsúnachta, ach is tuata sa mhéid sin mé. Mar sin féin táim sásta gur spreag alt Phóil mé leis an iarracht a dhéanamh! 



Óir is le linn na hóige a bhíonn an t-ealaíontóir i mbarr a mhaitheasa ; agus is le linn na meánbhlianta a bhíonn an t-óráidí nó an staraí i bpríomh a mhaitheasa ; agus ní hiontaoibh an t-eagnaí go dtí gur aosta é.

Mar an gcéanna, mórmháistir na filíochta is ea fíon agus ólachán, mar a deir Horace, agus ba chóir go mbeadh a fhios aige : nár chum an fuaruisce filíocht riamh fós.

Sa Scriptiúir léimid arís agus arís eile, agus in Epistle Shéamais ach go háirithe, go bhfuil smachtú na colla go léir ag brath ar rialú na teangan.

Síorfhairechán cánacha na saoirse

Is fearr file na féithe na file na Gaeilge

Eoghan Rua, athluaite ag an tAthair Fiachra OFM 

Tá baol ann i gcónaí sa chaitheamh aimsire go raghaimis thar fóir, go ndéanfaí gol den gháire agus searbhas den mhilseacht agus truailliú den tsláinte.

An tAthair Fiachra OFM
An Bheatha Phléisiúrtha
Sáirséal agus Dill 
1955