Nuair a thosaigh mise ag súil sléibhe (I seachtóidí an chéid seo caite!) is taobh le léarscáil 1/2 orlach in aghaidh an míle 1:126,720 a bhíomar. Nó, in áiteanna áirithe, orlach in aghaidh an míle - 1:63,360. Agus ní fhéadfaí brath orthu go domhain sna sléibhte ceal sonraí iontaofa. Sna nóchaidí, agus mé níos gníomhaí agus ag treorú scaití, thosaigh an suirbhéireacht ordanáis ag foilsiú na léarscáileanna 1:50000. Bhí scileanna measartha loingseoireachta agam, cleachtadh agam ar riail Naismith, agus mé faichilleach ag ullmhú cárta bealaigh do siúlóidí sléibhe. Mé in ann compás a ionramháil, an earráid idir fíor Tuaisceart agus an tuaisceart maighnéadach san áireamh.
Nuair a chuaigh mé chun na Gearmáine, ba ghnáthrud é léarscáil a bheith ar scála 1:25000. Sa mhullach ar sin, bhí eangach dlúth cosáin marcáilte sna háiteanna go raibh mé ag siúl sa Ghearmáin agus sa tSeic. Shearg mo scileanna loingseoireachta ceal úsáide.
Sa lá atá inniu ann, tá glacadóir don gcóras suite domhanda i ngach fón cliste.
Agus tá léarscáileanna East West Mapping ar scála 1:25000 ar fáil do na ceantair is spéisiúla siúlóide. Siúlóir é Barry Dalby, agus bíonn sé iontach cúramach faoi na sonraí a chuireann sé ar a chuid léarscáileanna. (Déanann sé cúram ar leith de logainmneacha freisin). Má tá cosán siúlóide marcáilte, beidh sé insiúlta (seachas, ar ndóigh, má tá an úinéir talún tar éis é a iamh ó foilsíodh an léarscáil. Níor tharla sin dom fós).
Tá na léarscáileanna agam, agus tairbhe bainte astu agam. Go háirithe i mo cheantar áitiúil le linn Covid! Ach freisin i Port Láirge nuair a bhí mé ag siúl i Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh. (Agus tá mé ag súil go mór leis na léarscáileanna do Tír Chonaill a úsáid!)
Nuair a chuala mé go raibh comhéadan hiiker.app ar fáil as Gaeilge, agus go raibh léarscáileanna ar ardchaighdeán san áireamh ach síntiúis a íoc, cheannaigh mé. I gcás na hÉireann is léarscáil de chuid East West atá i gceist, má tá sé ar fáil.
Bhí gléas garmin agam le cúpla bliain roimhe, a d'úsáid mé mar dialann siúlóide. Ach tá an scáileán róbheag agus ródhorcha domsa len é a úsáid go héifeachtach don loingseoireacht. Níor chuir mé siúlóid ar riamh roimh ré.
Ach is féidir liom gpx - comhad ina bhfuil bealach siúlóide taifeadta - a chur ar mo ghuthán go héasca, agus tá an scáileán soléite.
Rud a rinne mé ar siúlóid de chuid na Cnocadóirí.
Agus is féidir liom siúlóid a thaifeadadh.
Is féidir siúlóid a phleanáil freisin, agus é a leanúint. Níl sé sin déanta agam fós.
Ach an tseachtain seo fuair mé an-tairbhe as. Bhí mé ag siúl le mo dheartháir agus a chlann. Bhí beartaithe againn siúl timpeall locha taiscumar Fheartraí. Cosáin marcáilte agus gan aon dúshlán loingseoireachta. Níor bhac mé fiú léarscáil a bhreith liom.
Ach nuair a tháinig muid chomh fada leis, bhí na cosáin iata de bharr crainn a bheith tite!
Bheartaíomar dul go Dioghais, ag tosú ag ceann de na carrchlós os cionn Loch Té ag Baile na Stua Thiar. Bhí léarscáil East West ag mo dheartháir.
Idir an léarscáil agus an aip, bhí sé fíor éasca dul ar aghaidh uaidh Dioghais nuair a bhí an barr sroichte againn - ar chosáin neamh marcáilte ach soiléir ar an léarscáil go Cnoc an Bhairr. Agus ar aghaidh trasna an fraoch go dtí cosán coille a thug amach ar an mbóthar muid, agus ar ais fán mbóthar go dtí an gluaisteán.
Tá an siúlóid taifeadta le feiceáil anseo. ( Buntáiste eile!)
Tá taifeadadh dian ar an cadhnra sa ghuthán, agus cadhnra taca de dhíth dá réir ar siúlóid fhada. Ach tá a leithéidí agam ar aon nós.
Thart ar 50€ sa bhliain an síntiús. Is fiú go mór é, dar liom. Fuair mé lascaine 50% ar an gcéad bhliain pé scéal é!
⭐⭐⭐⭐⭐