MÍNIÚCHÁNBHÍ cead cainte riamh ag an té rinne taisteal.
Éilímse ceart scríofa. B'fhéidir nach ró-éasca a leanfadh léitheoirí mo lorg. Sara dtéid níos sia bheirim comhairle dhóibh. Leabhar cois leapan a mheasaim a dhéanamh de seo. Ní bheidh sé oiriúnach ach don tráth i ndiaidh meán oíche nuair a bhíonn an ghéarchúis ar ceal agus cúrán meala ar na céadfaí. Solas coinnle is fearr don léamh seo. Óir is mór an milleadh na gága agus rian na dtairní a thaispeáint go róléir. Bíodh cuileanna agus leoin ar eiteallaigh timpeall an tsolais agus timpeall an léitheora. Léadh sé go mall réidh giota, na spéaclaí ar rinn a shróine. Léadh sé an giota ina dhiaidh sin fíarthrasna, na spéaclaí á ardú aige ar a éadan. Nuair thiocfaidh sé ar ní ná taitnfidh leis a bheag ná a mhór, déanadh sé gnúsacht bheag, ag rá: A leithéid de ráiméis! nó: Botún, botún! Ansin ag labhairt os ard leis féin abradh sé: Iomad dithnis fé ndear seo, nó: Anró taistil, nó Fíon Francach. Ansin machnaíodh sé ar an gcuma a chuirfeadh sé féin síos é go dtitfidh ina shámhchodladh. Ach má deir an léitheoir Truflais, truflais! nó Corp aineolais! is fearr dó an leabhar a dhúnadh, éirí agus a bhríste chur air mar ná fuil aon néall suain i ndán dó go maidin.
Ná tugadh éinne fén leabhar seo a léamh nuair a bhíonn tart air, le barr fiosrachta geograife, nó ag toraíocht teangeolais.
Ná tabharfadh éinne i láimh pháiste é, ná do chailíní aimsire ná d'éinne den dream sin nach féidir leo bearnaí a dhúnadh, achrainn a réiteach, ná an focal cóir a chur in áit an leath-fhocail. Ar ordshagairt, agus ar mhic léinn meánscoile a ghreamaíonn leabhar le flosc féinsmachta, atá mo sheasamh.
Orthu sin agus ar an dream beag díograiseoirí nár staon fós i ngnó na Cúise. Chun gur mhirede a n-aidhm chaoin theacht i gcrích sírim rath Dé ar mo shaothar.
mór saítho, bec torbai.In rí chon-daigi i foss,manim-bera latt, ní fogbai.Má théir don Róimh ar thóir do RíNí dóigh go bhfaighir a shamhail,Muna dtugair romhat é i gcomhad do chroíImeoir arís go meabhail.Má théir don Róimh ar thóir do RíIs dóigh go mbír ar meabhailMura dtugair romhat é i gcomhad do chroíSa Róimh ní bhfaighir a shamhail.