Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-08-03

Seilg i measc na nAlp

1913 Saint-Moritz Bobsleigh derby le Albert Ewald

Seilg san Eilbhéis! Seadh, — “Seilg,” an t-ainm is fearr liom. Agus nach mór a chuireas an focal sin i gcuimhne dhom! 

Tar éis léacht Phádhraic Uí Ciardha ar litríocht taistil chuir mé fios ar sciar de na saothair a luaigh sé tríd an gcóras iasachtaí idirleabharlainne.  De bhrí go ndearna na leabharlanna atheagar ar a gcórais, agus de bhrí gur minic leabhair as Gaeilge go domhain sa stóras, bhí orm iad a lorg cúpla uair agus moill mór orthu, ach tá roinnt faighte anois agam. Ar ndóigh, dá mbeinn ag smaoineamh i gceart bheadh Seilg i measc na nAlp ar fáil ó Chorpas ARÉ! Ní eagrán 1913 a fuair mé, ach eagrán a rinne Clódóirí Lurgan i 1980. Eagrán sa chló rómhánach, ar ndóigh - agus pictiúr leis ach iad comhaimseartha leis an eagrán sin seachas stairúil. Is fusa anois teacht ar ábhar a bhaineann le ré a scríofa agus turasóireacht Geimhridh san Eilbhéis ina thús - agus tacaíocht aige gan amhras ón líon mór daoine a bhí ag tarraingt ar na sléibhte ar mhaithe le faoiseamh ón eitinn. Mar a bhí Míchéal Breathnach féin.

Ní marú ainmhithe is ábhar don bpaimfléid ainneoin a theideal. Measaim go raibh brí eile ag Breathnach le seilg anseo - turas i gcomhluadar amuigh faoin aer. Tá sin le tuiscint óna thuras ar bhóithre na smaointe go "Cathair na gCeo (Londain!)" agus é ag smaoineamh ar a chairde sa Chonradh i Londain.

Turas aon lae atá i gceist leis an insint, ón sanatóir i Leisín go láthair eile sna hAlp - Les Diablerets - thart ar dhá mhíle déag tríd coillte agus sléibhte, agus radharc acu ar oighearshruth. Fán bealach tagann an grúpa ilnáisiúnta, atá ag taisteal ar traîneau (carr sleamhnáin á tharraing ag capaill) suas na cnoic agus ar luge (carr beag sleamhnáin) síos le fána, ar rásanna bobsleigh. Cuir síos an Bhreatnaigh ar an rás céanna croí an insint; tugann sé blas iontach ar an eachtraíocht. Tugann sé insint ana mhaith freisin ar an dtaobh tíre, ar an bpobal idirnáisiúnta a bhí cruinnithe, agus ar an siamsaíocht eile a tharraing siad acu féin - sleamhnú ar locha reoite, abair. 

Tá an stíl áit éigin idir stíl an scéalaí agus an stíl a bheadh ag cainteoir deisbhéalach i measc a chairde. Bíonn an ruthag ann nuair is gá - agus is maith a fheileann a leithéid don cuir síos ar spóirt geimhridh sna laethanta luatha laochúla úd. Súil aige freisin don dúshlán roimh ar bpobal a mhair sna críocha sin, agus a raibh baol maidhmeanna sléibhe mar buanchuid dá saolta.

B'fhiú eagrán níos snasta den paimfléid seo a cuir amach - agus más féidir cuir leis as an méid a scríobh sé - go lear altanna más fíor, b'fhearrde fós é.

Tá oiread saibhreas atá ceilte ar leitheoirí na linne seo - ach n'fheadar conas é chuir ina lámha. Tuigim go mbeidh díolam litríocht taisteal ag eascairt as an dtogra a bhí ar bun ag Pádhraic agus daoine eile in Ollscoil Mhá Nuad.