Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-08-04

Lá gréine na blaisféime

 

Níl an foclóir critice ná físe agam chun a cheart a thabhairt do mharana seo Paula Kehoe agus Feargal Ward ar Aifreann na Marbh le Eoghan Ó Tuairisc.

Tá sé ráite in alt léi ag Paula go chreideann sí gur spreag scannán filíocht Uí Thuairisc. Is freagra an saothar seo ar an ndán agus an spreagadh sin. 

Bhí sé le feiceáil (faoi dheireadh!) ar TG4 aréir. Guth Ailbhe Ní Ghearbhuigh ár treorú tríd an marana; scannanú ar Marcus Mac Conghail in Áth Cliath agus Kazuyoshi Meiki i Hiroshima; radarcanna eile le buachaill óg (Tristan Warner?) agus uaireanta a mháthair (? Ríona Ní Fhrighil): ceol aduain le Seán MacErlaine agus Paul Jebanasam. Ní labhrann na h-aisteoirí; seachas guth Ailbhe cloistear blúiríní as an dán agus fuaimeanna eile. 

Radharcanna i mBaile Átha Cliath agus Hiroshima ag freagairt dá chéile - ag gearradh ó radharc go macalla san ionad eile. Radharcanna sráide san dá chathair chomh maith le radharcanna stáitsithe. Aghaidheanna. Dreachanna. Coimhthiú tríd mallghluaiseacht, uilinn ar leith ceamara - bun os cionn fiú. 

Agus ansin na radharcanna seo gearrtha le foinsí scannáin eile mar chuid de marana na scríbhneoirí - scannán 16 mm a rinneadh i Hiroshima roimh 1935 . Freagra ealaíonta Francach ar an ár - Hiroshima, mon amour. - scannán a rinne a údar nuair nach raibh ar a chumas clár faisnéise a dhéanamh. Scannán coiscthe John Huston Let there be light  maidir le fulaingt intinne saighdiúirí Meiriceá. Macallaí de sin ar an dtaobh eile san scannán 他人の顔, (aghaidh duine eile). Blúiríní fáisnéise ag léiriú na hiarmhairtí uafásacha do na daoine. Radharcanna ón gcéad scannán a rinne Seapánaigh tar éis cinsireacht Mheiriceá - 原爆の子 (leanaí an bhuama admhaigh - Children of Hiroshima as Béarla). [Measaim go bhfuil teideal scannáin eile sleamhnaithe uaim. Is ait liom gur baineadh feidhm as teideal Béarla, as Béarla, na scannáin san scriopt. B'fhearr liom dá mbeadh Gaeilge curtha ar an Seapáinis. ].

Tá an collage físe seo, fite le chéile leis na focail a reiceann Ailbhe, iontach éifeachtach chun an corraíl a eascraíonn as an mbuamáil agus a spreag agus a lean é a chruthú san breathnóir. Ach an bhfuil na ceachtanna foghlamtha againn? 

Trom, ach a áilleacht féin ag baint leis an scannán seo.