Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-08-02

Tóraíocht na Dea-Bheatha



Ní bhainim pléisiúr as aon ní, dá mhéad tairbhe a bheadh ann, más ar mhaithe liom féin a d'fhoghlaim mé é. Dá mbronnfaí eagna orm ar an choinníoll go gcoinneoinn agam féin í agus gan í a fhoilsiú do dhaoine eile, is amhlaidh a dhiúltóinn í.
Seinice, Litreacha: 6.4

Is méanar dúinn go bhfuil a chuid féin déanta ag Antain Mac Lochlainn de mhana Seinice! Ón uair go bhfaca mé é ag foilsiú blúiríní gaoise ó na sean údair ar Twitter, bhí mé fiosrach agus nuair a chuala mé leabhar a bheith ar na bacáin aige, shantaíos é.
Bhí mé ag súil le saothar fearacht Focail le gaois. Ach is saothar i bhfad níos luachmhara agus cuimsithí atá anseo - suirbhé ar an bhfealsúnacht, go háirithe an Stua, ag tarraingt ní hamháin as na bun údair, agus sleachta dá gcuid curtha i nglan Ghaeilge soléite, ach ag tarraingt freisin as tuiscintí smaointeoirí ó shin agus smaointeoirí atá i réim anois.
Agus, thar rud ar bith eile, smaointeoireacht agus marana Antain féin, faoin méid a bhaineann sé féin as dá shaol féin. Agus an méid nach bhfuil glacadh aige leis, agus cén fáth. Agus an méid gur gá tuiscint, comhthéacs linne a scríofa, carachtar na fealsamh, agus eachtraí saoil. 
Lán leabhar de ghaois agus marana, agus sleachta úsáideacha ann ó údair sean agus nua. (Beagán díomá orm nár chuir sé Gaeilge ar roinnt de na sleachta a scríobhadh ar dtús i mBéarla. Is trua sin, measaim, mar go ndéanfaí aclú ar an nGaeilge ach é sin a dhéanamh, agus bheadh an léitheoir tumtha sa Ghaeilge. Ach is mionrud sin dáiríre.) 
Is pápaire mé féin, gan amhras, ach mar a d'aithin Antain féin, tá an Chaitliceachas tar éis codanna den fealsúnacht agus a cleachtais a chuir ag fónamh don beatha Críostaí. Ní cúis iontais sin, tá ar aon Weltanschauung dul i ngleic leis an nádúr daonna agus na ceisteanna céanna a chíoradh - agus tá cuid mhaith de na freagraí i gcoitinne ag na machnóirí.
Is fiú go mór an leabhar seo a léamh - sin ráite ag duine ar fearr go mór leis ficsean a léamh, i dteanga ar bith, agus gur beag saothar mar seo atá léite aige i nGaeilge (nó teanga ar bith eile!)





Antain Mac Lochlainn 
232 lch; clúdach bog; 
 978-1-913814-16-8