Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.