Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-07

Dún na Gealbhan

Nuair a bhí mé san ollscoil, chaith mé na samhraí ag obair sa Ghearmáin. Teagmhálacha gnó de chuid m'athair a fuair na poist dom. An chéad bhliain is cineál post gan chúram a bhí agam - bhí mé in ainm is a bheith ag obair san saotharlann le comhlacht gáis i Recklinghausen. Ní dóigh liom go ndearna mé obair tairbheach - ní raibh obair ann dom dáiríre. Ní raibh mórán pá i gceist ach oiread ach ba thaithí spéisiúil é. Le teann leadráin rinne mé an ríomhaire promhadh a athchlárú chun rá leis an saoiste go raibh tinneas cinn uirthi agus nach raibh fonn oibre inniu uirthi. Shíl seisean é bheith greannmhar ach ní raibh an bainisteoir pioc sásta (níor cuireadh isteach ar aon obair - ach bhí prionsabail i gceist...).

Cuireadh amach mar ghiolla de duine de na feisteoirí mé ina dhiadh sin. Is eagal liom gur mó do bhac ná de chabhair a bhí ionam dó siúd, ach sé mo chuimhne gurb duine gnáiúil a bhí ann.

Measaim gurbh é an tairbhe is mó ábhartha a bhain mé as an seal sin ná an chreach a bheir mé liom - péire cóta saotharlainne liath, forbhríste oibre gorm, agus péire láimhínní táthaire leathair - a bhí úsáideach agus mé i mbun pionsóíreachta leis an gclub ollscoile.

Bhí mé ag fanacht i seomra áiléir le teaghlach an bhainisteora. Bhí mac aige rud beag níos sine ná mé, agus más buan mo chuimhne mac níos óige. Ní dóigh liom gur réitigh muid ró iontach le chéile - bhí mise óg sotalach....

Tá cuimhne agam deireadh seachtaine - nó seans díreach lá amháin - a chaitheamh le teagmhálaí gnó m'athair. I mo chuimhne seanfhear dorcha a bhí ann, sealgaire, le gadhair timpeall an tí, gadhair móra sramacha teanntásacha. (Ní maith liom gadhair). Bhí cúthail orm dá réir. Is cuimhin liom é ag moladh Harzer Kaese dom - cáis a bhfuil boladh láidir air agus uigeacht ar leith. Níor bhlais mé o shin é...

Mo chuimhne ná go ndearna mé teagmháil le gasóga áitúla ach ní cuimhin lion aon eachtraí móra a dhéanamh leo - cé gur chaith mé sealanna i bhfochair duine acu a thiomáin timpeall an cheantair mé. Tá léarscáil siúlóide nó dhó den gceantar i mo chnuasach.

Chaith mé an dá samhraidh ina dhiadh sin ag obair i monarchan Kromschröder - dream a déanann méadair gáis. In Osnabrück atá siadsan lonnaithe. 

Fuair mé lóistín - nó is cirte a rá fuair duine éigin lóistín ar mo shon - i lóistín mic léinn. Seomra beag le leaba, deasc agus doirteall. Cithfolcaí agus leithris ar an dorchla, agus cistin i gcoiteann. Bhí ord agus eagar ar an gcistin an chéad bhliain a bhí mé ann - bhí roinnt den aos léinn tar éis riail daingin a chuir in áit - aon ghréithre nó a leithéid a fágadh gan glanadh, gur sa bhruscar a chuirfí iad!

An samhraidh a bhí ann, agus ní raibh mórán de na mic léinn thart - seachas corrdhuine a bhí i mbun taighde agus iad rud beag níos sine, agus cúpla fáinleog mo dhála féin. Is cuimhin liom féasta mór a reachtáil muid - do mo bhreithlá seans - inar tháinig roinnt againn le chéile chun dinnéar ilchúrsa a réiteach. Ar an ndrochuair bhí praiseach déanta agam de roinnt scrúdaithe agus b'éigean dom filleadh ar Éirinn luath chun iad a athshuí.

D'fhill mé an samhradh dar gcionn, áfach, agus comrádaí ollscoile liom - ní raibh post faighte aige siúd ach bheartaigh sé dul sa tseans. Bhíomar cúpla seachtain ró-luath chun lóistín a fháil in áras na mic léinn, Chaitheamar oíche nó dhó, ní cuimhin liom go beacht, i mBrú Óige; ach níorbh réiteach buan é sin (bheadh sé ró dhaor!). Tharla go rabhamar beirt bainteach leis na gasóga, mo chomrádaí i bhfad níos mó ná mé féin. Shocraigh muid grúpa gasóga a lorg, féachaint an mbeadh bheith istigh acu dúinn. D'éirigh linn! Agus d'éirigh go seoigh linn. Bhí tigh beag sa choill ag an dream a chuaigh muid i dteagmháil leo, agus cistin agus seomra folca ann agus áilear inar chodail muid ar feadh an seachtain nó dhó go dtí go raibh an lóistín eile ar fáil. Ní bhfuair mo chomrádaí post sa mhonarchan, ach bhí scileanna leictreora aige agus fuair sé post dá réir agus breis airgid aige! Bhíodh sé siúd ag obair ag deireadh seachtainí sách minic, mar sin is mó am a chaith mise leis an gasóga áitúla. 

Ach bhí cnuasach mór suaitheantais aige agus bheartaigh sé fios a chuir ar roinnt acu chun malartú a dhéanamh leis an dream thall. Chuir a mháthair beart chuige. Cuireadh fios orainne chuig lucht Custaim ansin - bhí sí tar éis luach céad punt a lua leis an gcnuasach, agus bheadh dleacht le n-íoc! Bhí na fir custaim tuisceanach áfach, agus nuair a míníodh dóibh cad a bhí i gceist ní raibh cianóg rua le n-íoc.

Tá cuimhne agam freisin ar deireadh seachtaine pléisúrtha a chaitheamh ag dul go mall síos abhann le cuid de na gasóga i canú oscailte. D'fhreastail muid ar roinnt ócáidí eile leo, de réir mo chuimhne, agus tháinig dream acu go hÉireann an Nollaig sin agus in éineacht leis an grúpa gasóga a raibh mé féin leo thug mé go Ciarraí iad agus go Cill Mhantáin. Ach imíonn an t-am agus d'imigh na ceangail!

Dún na Gealbhan (Spatzenburg) ab ainm don tigín, agus as sin ainm an mhír seo.