Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-12

Analógach atá am...

Tá dearmad déanta agam cé chomh fada is atá an uaireadóir seo agam. Measaim go raibh sé ag mo nuachar romham. Tá mé a chaitheamh le fiche éigin bliain ar a laghad. Cinnte, bíonn cadhnra le n-athrú anois is arís. Nó strapa. Go háirithe nuair a thiteann sé isteach sa chiseán níocháin de thaisme agus go nglantar leis an níochán é...

Ainneoin go bhfuil am thar a bheith cruinn ar fáil ar m'fhón póca, atá liom i rith an lae ar fad, bíonn an uaireadóir de dhíth orm i rith an lae agus clog aláram analógach i rith na hoíche. Braithim go bhfuil níos mó eolais le baint níos fusa as spléachadh gairid ar lámha cloig ná mar atá ó chruinneas dhigiteach.

Feictear dom go bhfuil an deighilt sa chiorcal nádúrtha, go léiríonn sé an tréimhse atá caite nó le fanacht. 

Sa Ghearmáinis tá an nós agam viertel, halb, dreiviertel a rá - ach ní tar éis a bhíonn i gceist.

7:15 — viertel acht, ceathrú ocht, i. Tá ceathrú den ochtú uair caite.

Sin ráite, sa scríobh is túisce a bhainim feidhm as an clog fiche ceathair uaire seachas trácht ar roimh nóin nó iarnóin. Arís, níos lú dua chun an t-eolas a roinnt, agus é níos sothuigthe. 

Imíonn an t-am, ach casann sé freisin!