Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label am werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label am werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-12

Analógach atá am...

Tá dearmad déanta agam cé chomh fada is atá an uaireadóir seo agam. Measaim go raibh sé ag mo nuachar romham. Tá mé a chaitheamh le fiche éigin bliain ar a laghad. Cinnte, bíonn cadhnra le n-athrú anois is arís. Nó strapa. Go háirithe nuair a thiteann sé isteach sa chiseán níocháin de thaisme agus go nglantar leis an níochán é...

Ainneoin go bhfuil am thar a bheith cruinn ar fáil ar m'fhón póca, atá liom i rith an lae ar fad, bíonn an uaireadóir de dhíth orm i rith an lae agus clog aláram analógach i rith na hoíche. Braithim go bhfuil níos mó eolais le baint níos fusa as spléachadh gairid ar lámha cloig ná mar atá ó chruinneas dhigiteach.

Feictear dom go bhfuil an deighilt sa chiorcal nádúrtha, go léiríonn sé an tréimhse atá caite nó le fanacht. 

Sa Ghearmáinis tá an nós agam viertel, halb, dreiviertel a rá - ach ní tar éis a bhíonn i gceist.

7:15 — viertel acht, ceathrú ocht, i. Tá ceathrú den ochtú uair caite.

Sin ráite, sa scríobh is túisce a bhainim feidhm as an clog fiche ceathair uaire seachas trácht ar roimh nóin nó iarnóin. Arís, níos lú dua chun an t-eolas a roinnt, agus é níos sothuigthe. 

Imíonn an t-am, ach casann sé freisin! 

2010-04-21

Ceist ama agus deireadh ré

Is dócha gur cuimhin libh Y2K. An cúis a bhí leis sin ná go raibh an dúrud cláir ríomhaireachta ann nach raibh in ann plé le blianta lasmuigh den raon 0..99. Mar a tharla, seachnaíodh fadhbanna tríd clár oibre cothabhála.

Meabhraíodh dom inniu go bhfuil fadhb gaolta leis fós romhainn. Pléann córais Unix le am mar an uimhir soicind ó sainré1 airithe - meán-oíche ar an 1ú Eanáir 1970.

Is mar slánuimhir 32 giotán a phléitear leis an t-am sin. Mar sin, ag 03:14:07 ar an 19 Eanáir 2038, beidh an slánuimhir is mó sroichte. Fadhb Y2K38? Beidh le feiceáil. Is dócha go bhfuil a dóthain foghlamtha as Y2K go seachnófar an dochair is measa; go háirithe más rud é gur baineadh feidhm mar is ceart as leabharlannaí ríomhaireachta.

Ach chuir an cheist ar fad mé ag machnamh athuair ar conas a tomhaistear am. Shilfeá go bhfuil sé measartha simplí - lá, sin an achar ó nóin go nóin. Nóin, sin an uair go mbíonn an ghrian san pointe is airde san spéir. Soicind, sin an 1/(24*60*60) cuid de lá, ina bhfuil 24 uair de 60 nóiméad, agus 60 soicind san nóiméad.

Ar sin atá an soicind bunaithe gan amhras. Ach is le cloig adamhach a tomhaistear an soicind caighdeánach de chuid an SI. Is ionann soicind de chuid an TAI - an t-Am Adamhach Idirnáisiúnta agus 9,192,631,770 tonnfhad den radaighníomhach ó adamh caeisiam agus é ag preabadh idir dhá leibhéal fuinnimh. (Mar a tharlaíonn sé, is meán scata cloig adamhacha a bhaintear feidhm as go praiticiúil).

De bhrí nach bhfuil rothlú an Domhain seasta, bíonn difríocht ann idir TAI agus UTC - Am Uilíoch Lárnach. Bíonn gá mar sin le soicind bhisigh a chuir leis an am.

Agus is mó casadh eile atá sna córais ama....

Obair d'oíche eile is ea an lá Iúlach.



1 Epoch a tugtar ar an bpointe ama seo as Béarla. Tréimhse ama is mó a bhíonn i gceist le epoch; roghnaigh mé an téarma thuas ón méid a mhol Focal - an téarma is lú míchruinnis, dar liom. Bheinn buíoch as moladh feabhsaithe!