Ar mheánscoil beag do bhuachaillí a d'fhreastal mé. Ceathrar againn a bhí ag dul don Ardleibhéal Gaeilge; agus tógadh le Gaeilge triúr againn. Bhí tréimhse caite i scoil cónaitheach Gaeilge ag an gcearthrú duine. Is dócha gur dúshlán d'fhoighid na hoidí ab ea muid. Ag amharc siar is eagal liom go raibh mé lán le sotal na hóige, sotal an té a rinne go maith go hacadúil gan mórán iarrachta. Tréith a rinne an ollscoil deacair dom - níor fhoghlaim mé conas foghlaim go dtí i bhfad ina dhiaidh sin, i saol na hoibre. Pé scéal é, bhí an Diréanach "ar an gcúrsa" - ní cuimhin liom anois cé na dánta - An tEarrach Thiar, agus cúpla ceann eile shamhlóinn.
Ar aon nós, bhí ár muinteoir, Liam Wrynne ina chónaí i gcomharsanacht Uí Dhireáin a bhí an uair úd - sna 1980í - ina chónaí ar Bhóthar an Racardair agus thug sé isteach é lá chun cainte linn. Ní dóigh liom go raibh mé aibí go leor chun tairbhe ceart a bhaint as. Táim buíoch as an méid go bhfuil cuimhne agam air - ní cuimhin liom faic a dúirt sé - ach an ócáid, fathach fir maol ag suí go ciúin i seomra ranga beag i sean teach. Is cuimhin liom a theacht i láthair, a uaisleacht nádurtha a cheansaigh sotal na hóige.
Shamhlóinn go raibh an aos léinn a chuala na cainteanna atá trasscríofa sa leabhar seo níos inniúla ar tairbhe a bhaint astu, cé nach dócha go raibh siad mórán níos sine ná an mise sin. Ach bhíodar ag dul don nGaeilge san ollcoil dá ndeoin féin, seachas ag iarraidh léimt tríd lúbanna na hArdteiste leis an trioblóid is lú!
Bhain mé féin taitneamh as an léamh - in éineacht le Feamainn Bhealtaine agus An Chuid eile díom féin tá léargas le fáil anseo ar intinn an duine nach bhfuil chomh soiléir sna dánta. Trácht ar chúlra na dánta atá anseo, plé ar an dteanga iontu agus an taithí saoil agus meoin as ar fáisceadh iad. Le tuiscint freisin gur tháinig forbairt ar an bhfear é féin.
Trácht ionraic ann ar mianta collaí an fhir ar thóg sé i bhfad air dul i ndáil mná - an ghrá nach raibh baileach éagmaiseach ó tharla nár cuireadh in iúl é fiú ós ard.
Léargas ar a omós dóibh siúd a thit i troid na saoirse agus a tharcaisne don dream a tháinig i gcumhacht:
Mothú FeirgeFeic a mhic mar a chreimid na lucha
An abhlann a thit as lámha na dtréan
Is feic fós gach coileán go dranntach
I bhfeighil a chnáimh ina chró bréan
Is coinnigh a mhic do sheile agat féin.
An abhlann a thit as lámha na dtréan - samhail cumhachtach ar bhain sé feidhm as uair nó dhó eile; an comaoineach naofa i gceist, rud éigin thar a bheith naofa sollúnta.
Léargas ar an dúlra agus an eolchaire agus an stoiteachas ar ndóigh.
Na focail a fuair sé ón gcaint; agus na cinn nach bhfuair ann. Cinn a chum sé nó a fuair sé sa litriocht.
Sa bhfilíocht go mór mór, agus sin an fáth tá daoine a rá: cuirfimid caighdeán ar a leithéid seo agus caighdeán ar a leithéid siúd. Níor cheart d'fhile ar bith cead a thabhairt dóibh níos mó caighdeánú a dhéanamh ar fhilíocht ná atá á dhéanamh ar chuile rud faoi láthair. Agus ar ndóigh, ní athrú go caighdeán. Beidh athrú éigin eile ar an gcaighdeán i gceann cúig bliana nó níos túisce ná sin.A tuiscint ar a ealaín agus a riachtanais agus a luach:
Agus sin é a thugaimse ar dhúchas, an snáth ceangal leis an tseanfhilíocht, nó filíocht nach bhfuil chomh sean sin, dáiríre. Ní le sluaistreáil focla agus abairteacha isteach i mullach a chéile le ligean ort féin go bhfuil tú ag leanacht lorg na sean.Is é sin, nach as an bhfilíocht, as an ealaín a thiocfaidh dochar an chine, ach as an eolaíocht. Tá a fhios againn cheana gur tháinig cuid den dochar sin ar Hiroshima agus dá réir sin. Ní gá dul níos faide leis sin.
Is ón leabharlann a fuair mise an leabhar - mar sin bhí mé á leamh ó chlúdach go clúdach, diaidh ar ndiaidh. Ní hé sin is fearr do leabhar mar é - tá se dlúth agus saibhir agus is gá é dhíleá. Leabhar don leabhargán le tarraingt anuas ó am go chéile. Tá na dánta átá á phlé ar fáil sa leabhar - agus nótaí léannta an eagarthóra freisin - Eoghan Ó hAnluain. (Níor léigh mé féin na nótaí).
Bhain mé pleisiúir agus tairbhe as. ba bhreá liom, má tá siad fós ar fáil, na téipeanna féin a chlos lá éigin. Tá CD de fhilíocht an Direánaigh agam agus tá roinnt cur i láthair agus nathanna á mhíniú aige ansin, Bhí guth ana dheas aige freisin.
Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ar Chúlra Saoil cuid dá Dhánta
Eag Eoghan Ó hAnluain