Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-04-12

Prós Direánach

Blianta ó shin léigh mé Feamainn Bhealtaine, cnuasach próis leis an Direánach a foilsíodh faoina stiúir féin. Tá an chnuasach seo, in eagar ag Siobhra Aiken ag tarraingt as go leor foinsí éagsúla agus níos leithne dá réir. 

Tá idir súgradh agus dáiríre ann. Plé ar cheist na Gaeilge, na filíochta, na drámaíochta. Aistí i nguth Ruairí Beag a mheabhródh Myles na gCopaleen nó b'fhéidir Amaidí a dheartháir Ciaráin dhuit. Aor fíochmhar. Tá greann is gean le sonrú sna haltanna eile freisin, a foilsíodh ar thréimhseacháin éagsúla. 

Ina réamhrá léiríonn Siobhra Aiken an tslí gur fhuin Ó Direáin na smaointe céanna i bprós agus filíocht go minic, go raibh siar is aniar ann. 

Mura bheadh ann ach sin díol spéise atá sa chnuasach. 

Ach tá i bhfad níos mó ann. Ní saothair tánaisteach ag fónamh don bhfilíocht atá anseo ach saothair téagartha a seasann leo féin. A léiríonn smaointe agus saol. Duine is dearcadh. 

Táim lánsásta gur cheannaigh mé é! 

Bheadh fonn orm breis a léamh ó Ruairí Beag ach go háirithe! 




An Chuid eile díom féin - aistí le Máirtín Ó Direáin