Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Mairtín Ó Direáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Mairtín Ó Direáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-04-12

Prós Direánach

Blianta ó shin léigh mé Feamainn Bhealtaine, cnuasach próis leis an Direánach a foilsíodh faoina stiúir féin. Tá an chnuasach seo, in eagar ag Siobhra Aiken ag tarraingt as go leor foinsí éagsúla agus níos leithne dá réir. 

Tá idir súgradh agus dáiríre ann. Plé ar cheist na Gaeilge, na filíochta, na drámaíochta. Aistí i nguth Ruairí Beag a mheabhródh Myles na gCopaleen nó b'fhéidir Amaidí a dheartháir Ciaráin dhuit. Aor fíochmhar. Tá greann is gean le sonrú sna haltanna eile freisin, a foilsíodh ar thréimhseacháin éagsúla. 

Ina réamhrá léiríonn Siobhra Aiken an tslí gur fhuin Ó Direáin na smaointe céanna i bprós agus filíocht go minic, go raibh siar is aniar ann. 

Mura bheadh ann ach sin díol spéise atá sa chnuasach. 

Ach tá i bhfad níos mó ann. Ní saothair tánaisteach ag fónamh don bhfilíocht atá anseo ach saothair téagartha a seasann leo féin. A léiríonn smaointe agus saol. Duine is dearcadh. 

Táim lánsásta gur cheannaigh mé é! 

Bheadh fonn orm breis a léamh ó Ruairí Beag ach go háirithe! 




An Chuid eile díom féin - aistí le Máirtín Ó Direáin

2010-07-22

Reacaireacht filíochta don gCime mar Chách

Ealaín béil ó cheart is ea filíocht. Cuireann reacaire maith go mór leis an bpléisiúr a bhainim as; is fearr fós é nuair is deá reacaire an file féin.

Fuair mé bronntanas ar na mallaibh de CD seo; atheisiúint de chuid Gael Linn.

Tríocha cinn de dhánta atá air; á chanadh1 ag an bhfile, agus uaireanta réamhrá curtha aige leo.

Iontach ar fad. Thaithin filíocht an Direánaigh riamh liom. Ní fear tuaithe sa chathair mé; sna bruachbhailte a tógadh mé. Ach mothaím uaireanta stoite sa chathair, go háirithe agus mé i ngleic le maorlathas. Is furasta bá a bheith ag duine leis an gcaitheamh i ndiaidh an saol simplí - más fíor - tuaithe.

Pé scéal é, tá na dánta seo i'm phóca agam anois, ar mo sheinnteoir póca. Súil agam gur maith leo an chomhluadar - tá reacaireacht Pheig, Bhab Feiritéar agus Chaitlín Maude ann freisin. Gléas iontach!

1Níl ceol leo, ach tá "léite" nó "labhartha" ró leamh mar chuir síos ar an gcur i láthair.

2010-01-29

Blúirín: Alan Titley maidir le Mairtín Ó Direáin

Dhein Máirtín Ó Direáin gaisce maidir le filíocht na Nua-Ghaeilge a stoitheadh óna préamhacha féin. Is é oighear an scéil é, mar sin, go mbeadh sé éilitheach ar na préamhacha eile sin a bhí ag dreo chomh mear le heasnacha seanchuraí san Iarthar cianda.


Alt iomlán anseo. Tá na fir (agus mná) meidhreacha ag ceiliúradh céad bliain a ghin an deireadh seachtaine seo.

2009-09-28

Feamainn Bhealtaine


Bhí sé de pribhléid agam buaileadh le Máirtín Ó Direáin uair amháin i mo shaol. Mheall múinteoir scoile de mo chuid é chun teacht agus labhairt leis an ceathrar againn a bhí ag gabháil don cúrsa ardleibhéil Gaeilge. Ní cuimhin liom ach gur bhuail muid leis. Caolseans go raibh mórán tairbhe le baint againn as, ná aige asainn. Dailtíní scoile.

Pé scéal é, tharraing Tobar na Gaedhilge m'aird ar an saothar próis seo uaidh. Is ceann de na téacsanna sa bhunachar é.

Bailiúcháin aistí - nó b'fhéidir gurbh cruinne sceitsí a thabhairt orthu. Dírbheathaisnéiseach don gcuid is mó, feictear dom. Thaitin na cinn lonnaithe ar Árainn go mór liom. Ba léir orthu a chluas le héisteacht, agus a mháistreacht ar an dteanga ann a fuineadh as saol na ndaoine. Bhraith mé nach raibh a pheann chomh cruinn céanna ag dul i ngleic le coimhthíos na cathrach.

Tá dornán aistí ann ag plé a cheard. Is luachmhar iad sin ach go hairithe.

Ó tharla nach mór dom an leabhar a thabhairt thar nais chun na leabharlainne amárach, tá cóip de na haistí sin déanta agam.

Feictear dom gur saothar thábhachtach atá ann.



Feamainn Bhealtaine
Máirtín Ó Direáin